Masc ar fáil ó cheardaí Gaeltachta ach tacú leis an RNLI

Tá airgead á bhailiú don RNLI lá Phátrún Cholmcille i bParóiste an Chnoic i gConamara

Masc ar fáil ó cheardaí Gaeltachta ach tacú leis an RNLI

Gach samhradh bíonn bailiúchán ag geataí na dtithe pobail don bhád tarrthála, an RNLI. Ar ndóigh níl cead ag daoine bailiú le chéile anois ag an Aifreann de bharr an choróinvíris, mar sin níl an deis ag daoine ar mhaith leo cuidiú leis na báid tarrthála sin a dhéanamh.

In áit a bheith taobh amuigh de Shéipéal Cholmcille ar an Tulaigh lena buicéad i mbliana, tá bean amháin as an bparóiste, Bríd Ní Fhinneadha, sa mbaile agus cúpla céad masc cadáis á ndéanamh aici le daoine a chosaint ar an aicíd.

Thug Bríd ceacht cheana do léitheoirí maidir le cén chaoi masc a dhéanamh duit féin, ach ní bhuailfeadh tada ceann ón múinteoir féin!

Tá masc ar fáil ag aon duine a bhfuil fonn air cúnamh a thabhairt leis na báid tarrthála agus a gcriúnna cróga a choinneáil ar an gcósta seo.

Dé Máirt beag seo, an 9 Meitheamh, Pátrún Cholmcille i bParóiste an Chnoic i gConamara, lá mór oilithreachta is turais go dtí Tobar Cholmcille. Cothrom an lae sin a bhásaigh Naomh Colmcille ar Oileán Í in Albain sa mbliain 597.

Tá Bád Cholmcille fós ansin ar an gcladach.

In ómós an naoimh, aon duine nach bhfuil fonn fuála air agus ar mhaith leis cuidiú leis na báid tarrthála agus airgead an phátrúin fós le caitheamh acu, féadfaidh sé nó sí glaoch ar Bhríd ag 0871343951 agus masc éadain óna láimh a fháil uaithi.

Fág freagra ar 'Masc ar fáil ó cheardaí Gaeltachta ach tacú leis an RNLI'