Más Patten an múnla, bunófar seirbhís nua in ionad An Gharda Síochána

Má bhí náisiúnaithe ó thuaidh in éad tráth le seirbhís phóilíneachta an deiscirt ní hamhlaidh atá anois

Más Patten an múnla, bunófar seirbhís nua in ionad An Gharda Síochána

Níos mó ná scór bliain ó shin bhíos ar dhuine de ghrúpa iriseoirí a chuaigh ar shochraid iargharda, a raibh gaol aige le comhghleacaí. Ar an mbealach ar ais ní raibh ach aon ábhar comhrá amháin sa charr agus gach duine ag caint ar an difríocht idir dhá thaobh na teorann. I bhfianaise an droch-chaidrimh fhollasaigh a bhí idir an RUC agus náisiúnaithe abhus chuaigh tacaíocht an phobail do na gardaí mar a léiríodh é ar an tsochraid i gcion go mór ar mo chomhoibrithe. Ní raibh eolas ar bith ag an bpobal an t-am sin ar na scannail a bhain de cháil An Gharda Síochána ina dhiaidh sin.

Cúpla lá ó shin, dúirt duine de na tráchtairí is údarásaí i dTuaisceart Éireann liom go mbíodh náisiúnaithe “in éad leis an deisceart agus mórtasach as ag an am céanna” mar gheall ar an meas a thuill An Garda Síochána, murab ionann agus an RUC.

B’fhacthas do náisiúnaithe, a dúirt an tráchtaire, gurb é ról na ngardaí sa tsochaí ó dheas an t-idéal do sheirbhís phóilíneachta; ba chuid den phobal iad, ghníomhaigh siad go cóir neamhchlaonta ar mhaithe le gach saoránach. Anois, i ndiaidh rabharta scannal measann formhór den lucht faire gur leasuithe den sórt a rinneadh ar an RUC abhus an chéim is lú atá riachtanach chun seirbhís phóilíneachta a sholáthar ó dheas a mbeadh muinín ag an bpobal aisti.

Thagair an tAire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald do Choimisiún Patten nuair a d’fhógair sí athbhreithniú ar an nGarda Síochána. Ní léir go fóill céard atá i gceist ag an rialtas don Choimisiún ach más scrúdú beacht den sórt a rinne Patten i dTuaisceart Éireann atá i gceist, is deacair a shamhlú nach molfaí scor An Gharda Síochána mar atá agus seirbhís nua ina áit.

Rinne scannal amháin dochar, chuir an dara ceann leis an damáiste ach is baolach go bhfuil an bonn bainte ar fad d’iontaoibh an phobail sa tseirbhís an uair seo.

Ceapadh go gcuirfí cúrsaí ina gceart tar éis fhiosrú Morris ach d’ainneoin liodáin d’fhiosruithe ó shin agus d’ainneoin bhunú GSOC agus an Údaráis nua, táthar in amhras go bhfuil An Garda Síochána doleigheasta.

Ar ndóigh, tá daoine maithe, ionraice i measc na nGardaí. Is cinnte go ngoilleann mí-iompar agus mí-éifeacht sa tseirbhís orthusan chomh mór is a chuireann sé as do shaoránaigh.

Ach tá fadhb chórasach éigin sa tseirbhís agus faitíos ar a lán go bhfuil an fhadhb sin seanbhunaithe agus buanaithe. Sa mhullach ar an íde a d’fhulaing an Sáirsint Maurice McCabe is geall le scigdhráma é an scéal faoi áibhéil a bheith á déanamh faoi líon na dtástálacha anála maille le daoine a bheith á dtabhairt chun cúirte as cionta nár cuireadh in iúl dóibh.

Nuair a cuireadh an cúram ar Choimisiún Patten scrúdú agus moltaí a dhéanamh do sheirbhís phóilíneachta a thuillfeadh tacaíocht náisiúnaithe chomh maith le haontachtaithe, bhí an méid seo a leanas sna téarmaí tagartha a leagadh síos i gComhaontú Aoine an Chéasta.

‘Tá gá le struchtúir agus socruithe póilíneachta a chinnteoidh go mbeidh an tseirbhís phóilíneachta éifeachtach agus éifeachtúil, cóir agus neamhchlaonta, saor ó smacht polaitiúil aontaobhach; freagrach faoin dlí agus don phobal; ionadaíoch ar an bpobal, dílis do dhualgais chearta daonna i gcóras riar na córa atá stuama, comhoibritheach.’

(Tá na téarmaí tagartha in iomláine le fáil in Aguisín 1, leathanach 123 de Thuarascáil Patten.) Ní dhéanfadh sé aon dochar do chomhairleoirí an Aire Fitzgerald iad a scrúdú go géar. Má leanann an fiosrú cuimsitheach atá á bheartú ag an rialtas loighic na dtéarmaí sin, bunófar seirbhís nua in ionad An Garda Síochána.