Más bean a chum Lá Vailintín, níl amhras ach gur i gceártain na bhfear a buaileadh na seanfhocail

Is cosúil go bhfuil tuin chainte an Éireannaigh san áireamh i measc ‘the Worlds Top Ten Sexiest Accents’. Is léir nár chuala na heolaithe an ‘sexy’ Éireannach céanna agus seanfhocail faoi mhná á spalpadh aige

LÉARÁID: Tuairisc.ie

 

 

Ní raibh aon trácht ar Lá Vailintín nuair a phós mo mháthair chríonna sa bhliain 1945. N’fheadarsa an raibh puinn rómánsaíochta sa tsaol in aon chor an uair sin ach bí siúrálta go raibh meas agus luach ar airgead. An bóthar isteach go Trá Lí a chuaigh sí féin agus Jeaic ar mhí na meala. Aon oíche amháin a bheadh acu sa Ghrand Hotel – bhí ba le crú ag baile. Taispeánadh an seomra dóibh ach, mo léan, dhá leaba shingil a bhí ann. Ba chuma san; bhí Jeaic seiftiúil. Sádh an dá leaba isteach i gcoinne a chéile, scaoileadh an carbhat agus chuir Jeaic ceangal lae agus oíche fé dhá chois na leapan. Dhein se an cúram go breá.

N’fheadar ó thalamh an domhain cad as a ghaibh Lá Vailintín chughainn. An amhlaidh gur thit sé ós na scamaill? Cleasaíocht mhargaíochta a mheallann airgead na bhfear agus na créatúirí bochta san ag mealladh ban? Nó an amhlaidh go bhfuil luach ar leith ag baint leis an lá, lá a thugann cead dos na fearaibh an fhearúlacht thraidisiúnta a chur ar leataobh, cineáltas a chleachtadh, an mhílseacht agus mhánlacht a nochtadh agus piobar breise a chur i saol an ghrá?

Pé scéal ag Lá Vailintín é – tá sé linn agus linn go rábach. Tá an lá so anois ar aon dul le féiltí móra eile na bliana – Lá ‘le Pádraig, Oíche Shamhna agus an Nollaig fiú. An deireadh seachtaine seo beidh fuadar is faobhar fés na fearaibh ag ceannach cártaí agus bláthanna. Beidh óstáin chúig réalt á gcur in airithint agus agus an chuid is fearr don mbia á leagadh ar bhoird an deireadh seachtaine seo. Ólfar fíon agus cromfar ar fhilíocht – iad ar fad dallta ag an ‘sáspan dubh.”

Léas alt le déanaí a mhaígh go raibh tuin chainte an Éireannaigh “in the Worlds Top Ten Sexiest Accents”. Is léir nár chuala na heolaithe a dhein an anailís dhoimhin seo an ‘sexy’ Éireannach céanna agus seanfhocail á spalpadh aige – go mórmhór iad san a bhaineann le mná. Is mór idir aigne na leábharaicí a chum iad so agus fir stuama thuisceanacha an lae inniu, a thuigeann go maith tábhacht na mban agus seasamh na mban sa tsaol seo, seasamh atá tuillte agus ag dul dóibh.

Is minic a shamhlaím gur le barr sceimhle a cumadh scata des na seanfhocail – é sa bhfo-chomhfhios ná féadfaí buachtaint ar thréithe na mban agus ná raibh mar leigheas ar an scéal ach bheith ag caitheamh anuas orthu. Tá na mná róchumasach, róchliste agus róghéar dúinne. Ná raibh thiar ar na fealsaimh is mó léinn agus ‘na trí rudaí’ a chuaigh d’Aristotle a thuiscint: “intinn na mban, saothar na mbeach agus teacht is imeacht na taoide.”

Is fada ó PC cuid mhaith des na seanfhocail agus murach go bhfuil sé le tuiscint gur ginneadh iad agus go mbaineann siad le ré eile, ní bheadh aon ghlacadh leo sa lá atá inniu ann. Tá cuid acu searbhasach, a thuilleadh maslach agus a bhformhór tarcaisneach.

Ná deirtí riamh gurbh fhearr “lán doirn d’fhear ná lán gaid de mhnaoi.” Agus ná fuil teist na béalscaoilteachta ar mhná de réir na seanfhocal: “Inis do Mháire i gcogar é, is neosfaidh Máire don saol é.” “Bean gan aprún nó bó gan eireaball” a déarfaí fé bhean ná beadh aon fhonn oibre uirthi. Deirtear leis go bhfuilid glórach: “Scata ban, scata gé” nó “an áit a mbíonn bó, bíonn bean, agus an áit a mbíonn bean, bíonn bodhaire.”

Ach táid glic chomh maith agus is iad na fearaibh bochta atá thíos leis: “Is sia a théann bobaireacht mná ná galántaíocht fir.” Agus ná fuil fhios ag an saol mór gur dáine bean ná muc agus gur dáine muc ná an diabhal. Pé cumas filíochta a thagann le dúchas clainne, is iad na mná a chuirfidh an chaidhp bháis air mar “ní théann filíocht thar bhean.” “Na trí rudaí ná beidh aon rath orthu: tigh ar ard, capall bán agus bean bhreá.” “Na trí ní is dainséaraí amuigh: éadan tairbh, deireadh staile agus bean gan náire” nó leagan fíorgháirsiúil a chuala in Uíbh Ráthach babhta: éadan tairbh, deireadh staile agus pis tincéara.”

Tá sé go láidir sa tuiscint thraidisiúnta gur aicíd nó galar de shaghas éigin é an grá, é ar aon dul le tart agus tochas, sa tslí is ná féidir é a cheilt. Is beag meas atá ar an bpósadh féin ach an oiread. “Ní céasta go pósta,” nó mar a deir an seanrá fé shaol an phósta:

An chéad mhí mí na meala

An dara mí mí na milseán

An triú mí isteach is amach,

An ceathrú mí “th’anam an diabhal, a straip!”

Más bean a chum Lá Vailintín – níl amhras ach gur i gceártain na bhfear a buaileadh na seanfhocail seo. Bheadh misneach agus asalaíocht ag baint leis an bhfear a thabharfadh féna leithéid a chumadh agus a chraobhscaoileadh inniu. Is minic a deirtear go bhfaighimid léargas ar mheon agus agus ar thuiscint ár sinsear sna seanfhocail. Dá mbeadh sé de mhí-ádh agus de chorráiste ag na sinsir sin filleadh ar an saol so inniu, is baolach go bhfagfaí le corrán cam iad nó litir aturnae – agus é tuillte go maith acu.

Mar sin, ní chás d’fhearaibh na hÉireann bheith aireach an deireadh seachtaine seo agus a gcúram a dhéanamh go slachtmhar, pointeálta, macánta. Pe rud eile a dhéanfair, ná téir i muinín na seanfhocal ach bí ag tláithínteacht leat, bíodh na pócaí breá teann le hairgead tirim, bíodh bréithre meala ag sileadh led’ theanga …agus beir leat an carbhat ar eagla na heagla!

 

Fág freagra ar 'Más bean a chum Lá Vailintín, níl amhras ach gur i gceártain na bhfear a buaileadh na seanfhocail'