Martin McDonagh – ceardaí pinn a bhfuil a chruinneshamhail shuaithinseach féin aige

Cé nach bhfuil Three Billboards Outside Ebbing gan cháim is scannán stuifiúil, seoigh é ó cheardaí scannánaíochta

Martin McDonagh – ceardaí pinn a bhfuil a chruinneshamhail shuaithinseach féin aige

Three Billboards Outside Ebbing, Missouri

Stiúrthóir/Scríbhneoir: Martin McDonagh
Cliar: Frances McDormand, Woody Harrelson, Sam Rockwell, Caleb Landry Jones, Abbie Cornish

Ceardaí pinn é Martin McDonagh a bhfuil a chruinneshamhail shainiúil, shuaithinseach féin aige. Ba iad a chuid drámaí ba thúisce a bhain clú agus cáil amach dó, mar aon le ceithre ainmniúchán do ghradam Tony. Dhein sé a shlí a ghuailleáil isteach in iomaire na scannánaíochta in 2004 leis an ngearrscannán Six Shooter, saothar a ghnóthaigh duais Oscar dó. Bhí a chóta bán déanta agus gan é ach leaindeáilte. Bhain In Bruges (2008), lena chaint thíriúil a chuir alltacht ar na Poncánaigh, a thuilleadh cáile amach dó mar aon le hainmniúchán Oscar. Ina dhiaidh sin, tháinig Seven Pyschopaths (2012) agus anois an táirge seo, Three Billboards Outside Ebbing, Missouri.  Tá cad é bús faoin saothar seo le tamall, chroch sé leis ceithre dhuais ag na Golden Globes le déanaí agus ’sí tuairim na coitiantachta go mbeidh sé go mór san iomaíocht oíche na nOscar. 

Mar is gnáth, is é fear Leitir Mealláin atá ar an stiúir mar aon leis an scríbhinn a sholáthar agus tá na gnáthchomharthaí sóirt ag teacht go barr uisce: an foréigean, an chaint thíriúil, an greann dorcha, na carachtair shainiúla deisbhéalacha. 

Éigníodh agus dúnmharaíodh iníon le Mildred míonna roimh thús an scéil agus tá deireadh na feide sroichte aici leis na póilíní áitiúla, atá faoi cheannasaíocht Willoughby (Harrelson). Dar léi go bhfuil an fiosrúchán tite chun siléige agus níos mó suime acu a bheith ag céasadh daoine gorma ná a bheith i mbun a gcúraimí dlisteanacha. Cuireann sí a míshástacht in iúl i bhfógraí neamhbhalbha a chrochann sí ar chláracha fógraí an teidil. Ní nach ionadh cuireann seo an lasair sa bharrach agus cuirtear sraith eachtraí foréigneacha, truamhéalacha, greannmhara sa tsiúl. 

Cé go ndéantar cíoradh ar ábhair shollúnta cosúil leis an drochíde baile agus an bás, ní bhíonn an greann agus greann dorcha i bhfad  uainn riamh.  Déantar míreanna seoigh den scoth a sholáthar; an radharc úd ina bhfuil an liúdramán a chuireann Rockwell inár láthair ag ceistiú an fhir atá ag crochadh na bhfógraí, ach go háirithe. An comhrá ag imeacht sa bhfraoch ar fad; comhtháthú iontach idir scríbhinn, aisteoireacht agus stiúrthóireacht. 

Ní chuireann McDonagh fiacail ann riamh agus ní chúbann sé óna fhís a chur inár láthair is cuma cé chomh tíriúil nó míshuaimhneach is atá sé don lucht féachana. Ina dhiaidh sin féin measaim go bhfuil an claonadh in McDonagh dul rófhada amach ón gcairt, dul i muinín na háiféise an iomarca; rud a fhágann blas iomlán míréadúil ar chúrsaí. Bhí seo le feiscint, dar liom, sa radharc liobarnach leis an bhfiaclóir, agus radharcanna eile nach iad. Go deimhin taibhsíodh dom go raibh tús an scannáin ar an gcuid ba láidre agus ba nádúrtha den saothar, agus gur éirigh rudaí míshlachtmhar de réir mar a bhíomar ag teannadh ar cheann scríbe. 

Tugann Frances McDormand taispeántas cumasach uaithi, mar is dual di agus ’sí tuairim na coitiantachta gurb í féin agus Saoirse Ronan a bheidh in adharca a chéile oíche na nOscar. Ní hí amháin atá os cionn a buille mar go bhfuil taispeántais thathagacha ó leithéidí Harrelson agus Rockwell. 

Cé nach bhfuil an saothar seo gan cháim is scannán stuifiúil, seoigh é ó cheardaí scannánaíochta. 

Fág freagra ar 'Martin McDonagh – ceardaí pinn a bhfuil a chruinneshamhail shuaithinseach féin aige'

  • léitheoir

    Chuir ‘in Bruges’ conach orm. A leithéid seo; bhí Colin Farrel ag bordáil traenach chun dul ag fánaíocht ar fud na hEuróipe agus d’fhiafraiigh Gleeson: ‘Conas a chuirfidh tú an t-am isteach, foghlaimeoidh tú teanga nua is dócha?’ ‘Ara ní dhéanfaidh ná é,’ arsa Farrel, ‘nach féidir le gach duine Béarla a labhairt anois’. Freagra a bhí ar maos le haineolas agus le huabhar mar is eol d’éinne a bhfuil aon taisteal san Euróip déanta aige. Ach cad é impiriúlachas cultúir a léiríonn an méid sin! Paddywhackery ó bhonn agus leathshúil
    acu ar phócaí Hollywood.