Margadh faoin bprótacal ag druidim le cnámh na huillinne ar deireadh

Beidh a fhios againn gan mhoill an léas dóchais atá chugainn nó bréagmhaidneachan eile

Margadh faoin bprótacal ag druidim le cnámh na huillinne ar deireadh

Cúis an phrótacail iarBhreatimeachta ag druidim le cnámh na huillinne ar deireadh?

I bhfianaise an fhuadair a bhí faoi Phríomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak, agus an tAontas Eorpach le cúpla lá anuas is cosúil gur gearr go n-aontóidh siad margadh. Amárach nó amanathar, a deirtear.

Is mithid.

Thaistil Rishi Sunak go Béal Feirste oíche Déardaoin in éineacht leis an Státrúnaí Chris Heaton-Harris chun labhairt leis na páirtithe polaitiúla agus lucht gnó ar an Aoine. Ba é aidhm an Phríomh-Aire ‘a dhul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara chun a chinntiú go leigheasfadh aon mhargadh na fadhbanna praiticiúla [a bhaineann le feidhmiú an phrótacail], go sásódh sé ár gcuspóir uileghabhálach agus go gcosnófaí stádas Thuaisceart Éireann i margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe’.

An scaoilfidh an cur chuige sin glas an DUP ar Stormont? Teastaíonn cosaint ar stádas an Tuaiscirt sa mhargadh inmheánach agus deireadh le teorainn i Muir Éireann uathu. Baineann trí cinn de na seacht gcoinníoll chun filleadh ar Stormont a leag Jeffrey Donaldson síos anuraidh leis na ceisteanna sin.

Níl sé chomh furasta na coinníolacha eile a shásamh, nithe a bhaineann le stádas bunreachtúil a mhaíonn siad atá pollta. Ina measc sin tá Alt 6 d’Acht an Aontais a fheidhmiú – rialaigh an Chúirt Uachtarach go bhfuil sé curtha as feidhm ag an bprótacal atá dleathach.

Deir rialtas na Breataine go sásaíonn an margadh atá ar na bacáin seacht gcoinníoll an DUP, ach deir an páirtí gurb iadsan a dhéanfaidh breithiúnas air sin nuair a fheicfidh siad na téarmaí ar fad. D’fhéadfadh Jeffrey Donaldson casadh dearfach a chur ar leasuithe ar an bprótacal a bheith bainte amach ag baghcat agus neamhghéilliúlacht an DUP, ach is beag dá chosúlacht air.

Thug baill den DUP le fios nach raibh brú ar bith orthu chun bogadh agus go raibh lántacaíocht ag a mbaghcat ón bpobal aontachtach. Tá siad den bharúil ó chuir an Státrúnaí toghchán siar go dtí an bhliain seo chugainn nach mbeidh rialtas na Breataine in ann brú nua a chur orthu. Tá roinnt sa pháirtí gur mhaith leo deireadh a chur le roinnt na cumhachta agus sin é ba mhaith leis na glórtha is airde lasmuigh a chuireann brú ar an DUP – Jim Allister TUV agus an dílseoir Jamie Bryson. Bhí eite den pháirtí diongbháilte nach sásódh tada iad ach beartais mar a bhí i mBille an Phrótacail a sheol Liz Truss. Bhainfeadh an bille sin na putóga as an bprótacal ar fad. Chuir Sunak stop leis an bplé faoi i dTeach na dTiarnaí chun seans a thabhairt don idirbheartaíocht leis an mBruiséil.

Ní léir an mbeadh Rishi Sunak in ann a pháirtí féin a bhreith leis. Tá an DUP ag brath ar a gcairde san ERG, an brúghrúpa Eorasceipteach sna Caomhaigh, chun seasamh leo má ghlacann Sunak le margadh nach maith leo. Beidh le feiceáil cén tionchar atá ag an Státrúnaí Heaton-Harris ar a sheanchomrádaithe san ERG. Iarchathaoirleach ar an ngrúpa is ea é ach is leis an margadh ó bhí sé ar fhoireann idirbheartaíochta na Breataine.

Bhí a fhios le tamall conas a leigheasfaí na fadhbanna praiticiúla. Ní dhéanfaí seiceáil chustaim mar ghnáthchleachtas ar earraí ón mBreatain Mhór a bheadh ag fanacht i dTuaisceart Éireann, agrabhia mar shampla. Chuirfeadh sin deireadh le conspóid faoi ispíní. Bheadh an córas bunaithe ar lána glas saor ó sheiceáil agus lána dearg ina scrúdófaí earraí a bheadh ag dul ó dheas thar teorainn isteach i margadh aonair an AE. Cor eisceachtúil a bheadh ann dá ndéanfaí seiceáil ar earra sa lána glas. Tharlódh sé dá bhfeicfí rud éigin amhrasach ar an mbunachar sonraí a chuirfidh an Bhreatain ar fáil don Aontas Eorpach.

Bhí ceisteanna go leor ag polaiteoirí agus lucht gnó faoi shocruithe maidir le hearraí ar nós madraí nó síolta agus plandaí. Bhí cuid de na hionaid gharraíodóireachta an-mhíshásta leis na srianta a chuir an prótacal orthu agus theastaigh barántais uathu. Ní raibh sé soiléir conas a láimhseálfar earraí a thabharfar isteach sa Tuaisceart ach a bheidh ina chomhpháirt d’earra a sheolfar ar aghaidh chuig margadh an AE.

I ndiaidh na gcainteanna i mBéal Feirste chuaigh Sunak go Munich. Bhí súil ag an DUP go mbeadh an Príomh-Aire níos déine leis an Uachtarán von der Leyen agus ceannairí Eorpacha eile de bharr a raibh le rá acu féin. Bhí súil ag dreamanna eile go seasfadh Sunak leis na socruithe a bhí déanta, go ndéarfadh sé leis an DUP, ‘sin é, glac leis nó ná glac’. Chothódh sé sin ceisteanna nua ach chuirfeadh sé clabhsúr ar an bpaidir chapaill faoin bprótacal.

Beidh a fhios againn gan mhoill an léas dóchais atá chugainn nó bréagmhaidneachan eile.

Fág freagra ar 'Margadh faoin bprótacal ag druidim le cnámh na huillinne ar deireadh'