Maoiniú €50 billiún le cur ar fáil ag an AE don Úcráin

Cuireadh ina luí ar Viktor Orbán na hUngáire a veto a chur ar leataobh agus tacú leis an socrú leis an Úcráin

Maoiniú €50 billiún le cur ar fáil ag an AE don Úcráin

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Viktor Orbán

Tá aontaithe ag ceannairí bhallstáit an Aontais Eorpaigh €50 billiún a chur ar fáil don Úcráin.

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, a d’fhógair ar na meáin shóisialta go raibh socrú déanta tacaíocht a chur ar fáil don Úcráin go dtí 2027.

Dúirt sé go raibh an uile dhuine de 27 ceannaire an AE ar aon intinn faoin socrú a chiallódh go mbeadh maoiniú “fadtéarmach, cinnte” ag an Úcráin.

Chuir Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky fáilte roimh an socrú. Dúirt sé go raibh sé buíoch de cheannairí an AE agus go neartódh an maoiniú “seasmhacht eacnamaíochta agus airgeadais” na hÚcráine “go fadtéarmach”.

Chuideoidh an maoiniú le tuarastail, pinsin agus costais eile a íoc sna blianta amach romhainn, a dúradh.

Mí na Nollag seo caite, bhain Viktor Orbán na hUngáire leas as veto chun bac a chur ar shocrú faoi thacú leis an Úcráin.

Ó shin i leith tá iarracht mhór déanta tabhairt ar Orbán a intinn a athrú agus is cosúil gur ghéill sé i ndiaidh cainteanna le cainteanna le ceannairí eile ar maidin.

Bhí Charles Michel agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen, i measc na bpolaiteoirí a chur ina luí ar Orbán a veto a chur ar leataobh agus tacú leis an socrú.

Mar chúiteamh d’Orbán, aontaíodh go ndéanfaí plé uair sa bhliain ar an socrú maoinithe agus go bhféadfaí iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a mholadh tar éis dhá bhliain.

Dúirt Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, gur “lá maith don Eoraip é”.

Fág freagra ar 'Maoiniú €50 billiún le cur ar fáil ag an AE don Úcráin'