Maith iad lucht na hagóide i gCorcaigh as tábhacht na neodrachta a mheabhrú dúinn

Tá dearmad glan á dhéanamh ar Alt a 29 den Bhunreacht a deir gur ‘mian linn síocháin a bheith ar bun idir náisiúin an domhain’

Maith iad lucht na hagóide i gCorcaigh as tábhacht na neodrachta a mheabhrú dúinn

Má bhí Micheál Martin den tuairim go bhféadfadh sé athrú bunúsach a dhéanamh ar pholasaí neodrachta na tíre is muid a bhrú go ciúin isteach i gcaidreamh níos dlúithe le NATO, is léir anois go raibh dul amú air.

Dhírigh caint an Uachtaráin, Michael D, Higgins, aird an phobail ar an scéal, is ar cheapachán Dame Commander of the British Empire Louise Richardson mar chathaoirleach ar an bhFóram.

Ar thug tú faoi deara nach luann na nuachtáin mhóra nó RTÉ a thuilleadh gur Dame Commander of the Empire í? Tugann siad Ollamh uirthi, focal atá i bhfad níos séimhe.

Ansin, ag tosach an Fhóraim i gCorcaigh, thug daoine faoi agóid a dhéanamh faoin gcruth mí-ionraic atá air– cainteoir amháin as 86 a bhfuil clú air mar dhuine a labhraíonn ar son na neodrachta, agus an chuid eile báúil le NATO, le heagraíocht Eorpach nó le hollscoileanna atá ceangailte leis an rialtas.

Ní fheicim go bhfuil cothromas ar bith ansin sa díospóireacht a raibh an Tanáiste ag maíomh aisti.

Chomh fada is a bhaineann sé liomsa molaim go hard na daoine óga ó Ógra Uí Chonghaile a chuir isteach ar an Tánaiste ag oscailt an Fhóraim is a labhair go fórsúil ar son na neodrachta. Fair play do Thomás Ó Síocháin is a chuid comrádaithe.

Molaim freisin Dominic Carroll, ó Chonradh Neodrachta, Corcaigh, an t-iarChomhairleoir Diarmaid Ó Cadhla is Lorna Bogue ón Rabharta Glas a sheas amach freisin in aghaidh an chuir i gcéill a bhí ar siúl ag an rialtas.

Ach ba é freagra Martin ar an agóid a bhain preab asam. Dúirt sé go raibh lucht na hagóide ag iarraidh saoirse cainte a dhiúltú dóibh siúd nach n-aontaíonn leo, nuair gurb é fírinne an scéil é gur dhiúltaigh sé féin, agus é ag eagrú an Fhóraim, cead cainte oifigiúil a thabhairt dóibh siúd nár aontaigh leis-sean.

Deirim arís é, cainteoir amháin as 86 a bhíonn gníomhach ar son na neodrachta, sé sin Roger Cole ó PANA, agus é in ainm is a bheith ina aonar ag argóint in aghaidh oifigigh faisnéise is taighde ón Royal United Services Institute agus ón Royal Institute of International Affairs.

Gan dabht bíonn an Dame Commander ar a compord sa chomhluadar sin. Ach ní féidir díospóireacht chothrom a thabhairt ar rud atá eagraithe mar sin.

Tuigeann an rialtas anois nach féidir leo imeacht go hoifigiúil ón bpolasaí neodrachta. Ach ní hin le rá nach féidir míniú eile a thabhairt ar an neodracht sa gcaoi is nach mbeidh aon bhrí léi feasta.

Cheana féin tugann muid cead d’fhórsaí míleata na Stát Aontaithe leas a bhaint as aerfort na Sionainne agus iad ar a mbealach go láthair chogaidh áit éigin.

Is léir go gceapann an Tánaiste freisin gur féidir a bheith neodrach maidir le taobh amháin i gcogadh agus cáineadh a dhéanamh ar dhuine ar bith a labhraíonn amach ar son na síochána nó a dhéanann iarracht síocháin a aimsiú.

Tá dearmad glan á dhéanamh aige ar Alt a 29 den Bhunreacht a deir gur ‘mian linn síocháin a bheith ar bun idir náisiúin an domhain’, agus ‘go ndéanfaí gach achrann idir náisiúin a réiteach go síochánta’.

Is sa gcomhthéacs sin is cóir neodracht a mheas is a mhíniú.

Go deimhin deir Sinn Féin go bhfuil sé i gceist acu go scríobhfaí neodracht na hÉireann isteach sa mBunreacht. Cuirim fáilte roimhe sin, ach beidh sé tábhachtach an leasú a scríobh ar bhonn a shoiléiríonn brí cheart an fhocail neodracht is a threisíonn tiomantas na tíre don tsíocháin i gcásanna idirnáisiúnta.

A mhalairt atá i gceist ag an Tánaiste, a bhíonn i gcónaí ag iarraidh faitíos a chothú i dtaobh bagairtí nach ann dóibh den chuid is mó, ach nuair a bhíonn ann, gur ón mBreatain nó ó na Stáit Aontaithe a thagann siad.

Tá stair luachmhar ag an tír seo i gcúrsaí síochána, is ba chóir dúinn tógáil uirthi sin agus síocháin a bhrú chun cinn gach uair.

Cuimhnímis thar rud ar bith eile go bhfuil fórsaí cosanta na tíre seo ann ar mhaithe le síocháin a fhearadh seachas cogadh.

Ní cóir, agus ní gá, aon leithscéal a dhéanamh faoi sin.

Ach sin é an fáth go raibh daoine ar buile leis an bhFóram, nuair is léir go bhfuil móramh mór an phobail diongbháilte ar son na neodrachta – agus ní neodracht bhréagach ach an rud fírinneach féin.

Fair play do lucht na hagóide i gCorcaigh é sin a chur i gcuimhne dúinn – is don rialtas.

Fág freagra ar 'Maith iad lucht na hagóide i gCorcaigh as tábhacht na neodrachta a mheabhrú dúinn'

  • Gabriel Rosenstock

    Dáma nó Ollamh? Ní focal ‘neodrach’ é Dáma, ná Dame Commander, ar ndóigh. Chun na fírinne a rá, ní dóigh liom gur focal ‘neodrach’ é Ollamh ach oiread. Níl na hollúna go léir ‘neodrach’, i.e. ag lorg na bhfíricí agus ag ligean do na fíricí an scéal a insint. Is minic beirt ollúna ag plé na ceiste céanna agus freagraí difriúla acu ar an gceist, ceist na neodrachta san áireamh. Feictear sin go minic i gcúrsaí bia-eolaíochta, mar shampla. Taighde déanta ag ollamh áirithe ar tháirgí déiríochta nó feola, abraimis, agus comhlacht déiríochta ag íoc as an taighde sin. Níl a fhios agam an féidir brath ar ollscoileanna a bheith neodrach nó neamhspleách a thuilleadh. Faraor, ní féidir brath ar na meáin ach oiread. Feictear iriseoirí agus colúnaithe de chuid an Irish Times, cuir i gcás, agus iad ag tagairt d’Uachtarán na hÉireann mar ‘Higgins’, seachas a theideal oifigiúil a úsáid; nó fiú dá scríobhfaidís ‘Michael D.’ ní bheadh locht agam air sin mar léireodh sé cion air. Ach ‘Higgins’? Ní gá dúinn brath ar iriseoirí, ar ollúna ná ar pholaiteoirí chun ár
    n-aigne a dhéanamh suas faoin neodracht. Is leor féachaint isteach inár gcroí féin agus smaoineamh ar an bhfrása seo, ‘Is méanar do lucht síochána a dhéanamh . . .’ Má shamhlaíonn an Dáma Richardson ról eile dúinn, bíodh an diabhal aici.

    Is deacair éalú ó ról lárnach Dháma na hImpireachta sa ghnó seo go léir, bíodh sí ina hOllamh nó ná bíodh, mar is ise a scríobhfaidh an tuarascáil don Fhóram conspóideach seo. Aontaím leis an Murchúch: bhí an lucht agóide i gCorcaigh le moladh, agus go hard.
    Deirtear nach ceart argóint a phearsanú agus níor mhaith liomsa tagairt do smig, ná do shrón ná do gheáitsí an Dáma áirithe seo, agus ní dhéanfaidh mé – tá sí mar a chruthaigh Dia í – ach is deacair gan tagairt dá tuin chainte. Cuireann sí umlaut na Gearmáinise ar fhocail Bhéarla ar nós ‘home’, cuir i gcás. Galántacht na huasaicme a shamhlaítear leis an tuin chainte sin, galántacht a théann siar go dtí an tréimhse nuair is boc ó Hanover a bhí ina Rí ar Shasana agus gan ar a chumas Béarla a labhairt i gceart. Ba nós leis umlaut a chur isteach i bhfocail a raibh an fhuaim ‘o’ iontu agus thosaigh na cúirtéirí ag deanamh aithrise air le teann lúitéise. Is í an tuin chainte sin atá ag iarscolairí Eton go dtí an lá inniu. Is Übermensch é, sa chiall Naitsíoch seachas sa chiall Nietzscheach, an t-iarscoláire Eton ina shúile féin agus níl sa chuid eile againn ach Untermenschen. Oireann an tuin chainte Eton – tugaimis Eatóinis uirthi – go hálainn do leithéidí Boris Johnson agus Jacob Rees-Mogg, ach is seafóideach an tuin chainte í i mbéal duine as na Déise, dar liom. I ndeireadh na dála, ní tuin chainte ‘neodrach’ í, i mo thuairimse.

  • Concubhar

    Tá sé dodhéanta glacadh le h-aon rud a scríobhann an cholúnaí seo ar cheist na neodrachta nuair a deir sé rudaí amaideacha ar nós: “A mhalairt atá i gceist ag an Tánaiste, a bhíonn i gcónaí ag iarraidh faitíos a chothú i dtaobh bagairtí nach ann dóibh den chuid is mó, ach nuair a bhíonn ann, gur ón mBreatain nó ó na Stáit Aontaithe a thagann siad.”
    Is ón Rúis a thagann an bagairt is mó don siocháin domhanda fé láthair agus níl ár dtírín féin i bhfad ón mbearna baoil. Níl an Tánaiste ná an Rialtas ag iarraidh sin a tharraingt isteach i Nato ach má chríochnaíonn an tír seo ann, is de bharr an chontúirt ón Rúis a tharlóidh sin. Tá an Rúis tar éis a dímheas a léiriú do chaighdeáin idirnáisiúnta leis an ionradh bhrúidiúil, chine dhíothach atá á dhéanamh aici ar an Úcráin agus dá mbeadh an tír seo sa tslí uirthí, bheadh sí chomh brúidiúil céanna linne.

  • Concubhar

    B’iníon léinn í Louise Richardson ó Phort Láirge a rinne staidéar i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath agus ba chara mhór í le Kadar Asmal, feachtasóir fíochmar in aghaid Apartheid na hAfraice Theas. An bhfuil sí le damnú as sin? Níl aon chur amach ró mhór agam uirthí seachas go bhfuair sí a gradam ó réimeas na Breataine mar gheall gur oscail sí na geataí in Ollscoil Oxford chun níos mó daoine ó gach aicme a scaoileadh isteach ann. An bhfuil sí le damnú as sin? Chaith sí na blianta ag múineadh in ollscoileanna ar nós Harvard agus a leithéid ar cheisteanna a bhaineann le cosaint is slándáil agus is léir gur saineolaí ar an cheist í. Is cosúil go gcreideann Gabriel gur cúis damnaithe é sin freisin. Bíodh is go bhfuil sí damnuithe ag Gabriel as ucht a gcuid umlautanna, fanfaidh mise go léifead a tuairisc le mo bhreith a thabhairt.

  • tiarpaire@gmail.com

    Nach ar Choláiste Charraig an Tobair is mó a fhreastalaíonn Übermenschen na hÉireann?

  • stiofan123@gmx.com

    ‘is seafóideach an tuin chainte í do dhuine as na Déise’…Pádraig Uiséir (Arnold Ussher), Déiseach agus údar/scoláire Gaeilge, bhí tuin den sórt céanna aige. Dála Molly Keane, Déiseach eile, agus muintir Chevasse an lae inniu (comharsana liom féin) a cheannaigh an gabháltas mór atá acu ó mhuintir Ussher. Tuin láidir íonghlan Shasana atá acu (!) ach níl aon drochamhras ag éinne orthu dá barr sin. Ba liosta le háireamh na tírghráthóirí uile go léir a throid agus a fuair bás ar son na hÉireann nach raibh tuin ‘neodrach’ acu; an tuin a bhí ag Tom Barry féin bhí sí sách uasalaicmeach…’Sasanúil’. Léigh mé an tuairisc a thugtar ar Wikipedia faoin Dame Commander seo an chnáimh spairne agus, tá mórán mór maithe déanta ina saol aici.

  • Antóin

    Maidir le seasamh na gcainteoirí ar an gceist seo faoi ECAT b’fhiú an t-alt seo a léamh.
    https://www.theburkean.ie/articles/2023/06/19/irish-neutrality-committee-rigged-by-pro-nato-gov

  • Gabriel Rosenstock

    Ní bheadh aon locht agam ar thuin chainte an Dáma Richardson dá mba leis an tuin sin a rugadh í.
    Níor mhaith liom éagóir a dhéanamh uirthi, ach an cainteoir dúchais Eatóinise í dáiríre nó an bhfuil beagán den sodar i ndiaidh na n-uasal laistiar de na gutaí aici? Ar aon chuma, tá rudaí níos tábhachtaí ann ná tuineacha cainte. Déanaimis breith uirthi nuair a bheidh an tuarascáil úd scríofa aici.

  • Gabriel Rosenstock

    Rith sé liom, nuair a bheidh an tuarascáil scríofa ag an Dáma Richardson, nárbh fhiú iarraidh ar shaineolaithe ar chúrsaí síochána tuarascáil a ullmhú ar thuarascáil an Dáma, ar eagla na heagla; ar eagla fíbín cogaíochta a bheith ar an bhFóram!
    https://www.upeace.org/
    Tá Ollscoil i gCósta Ríce agus saineolaithe síochánaíochta aici a dhéanfadh léamh grinn ar an doiciméad.

  • Concubhar

    Sheol mé freagra inné faoi ghearán Ghabriel i leith umlautanna Louise Richardson ach, ar chúis éigean, cailleadh é le linn na ‘meastóireachta’. Anois deir sé ná beadh aon locht aige ar thuin chainte an mhnaoi uasal dá mba leis an túin sin a rugadh í. Ní fheadar cén eolas atá ag Gabriel ar chúinsí óige Louise Richardson ach tá sé aisteach go mbeadh sé chomh cruaigh ar bhean, ar éinne, as ucht oideachas agus oiliúint a chuir orthu féin. De réir mar a thuigim is duine í an bhean seo a sheas le Kadar Asmal agus í i gColáiste na Tríonóide agus eisean ag feachtasú i gcoinne Apartheid. D’éirigh go geal lei agus chaith sí seal fada ag léachtóireacht in ollscoileanna ar nós Harvard i SAM faoi chúrsaí cosanta agus slándála. Ceapadh í ina leas seansailéir in Ollscoil Oxford agus d’oscail sí na geataí ann le go mbeadh níos mó ó gach aicme ag staidéar ann. De réir dealraimh sin ba chúis leis an dteideal úd atá ag déanamh tinnis do Ghabriel a bheith bronnta uirthí. Ní doigh liom go bhfuil sé ceart cluas bodhar a thabhairt di de bharr umlautanna dá uaisle aicmí iad. Léitear a tuairisc sara tugtar breith.