Mairéad Ní Nuadháin ó Tuairisc i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

15 duais a bronnadh ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2022 a bhí ar siúl i gCill Airne anocht, ina measc Buaicghradam Cumarsáide 2023 a bronnadh ar Mhártan Ó Ciardha

Mairéad Ní Nuadháin ó Tuairisc i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

Bhí Mairéad Ní Nuadháin ó Tuairisc i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge a bhí ar siúl i gCill Airne anocht.

Roghnaíodh scríbhneoir Tuairisc mar ‘Colúnaí na Bliana’ ag an searmanas bronnta ag Oireachtas na Samhna 2022, ar cuireadh tús leis inniu.

Ar Mhártan Ó Ciardha, iarcheannasaí spóirt Raidió na Gaeltachta, agus colúnaí eile le Tuairisc, a bhronn Aire Stáit na Gaeltachta, Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais 2022.

15 duais ar fad a bronnadh.

Bronnadh ag tús na hoíche gradam speisialta na bliana ar RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ag ceiliúradh leathchéad bliain a bhunaithe i mbliana.

An Cailín Ciúin, atá roghnaithe le dul san iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar, a bhuaigh an gradam do scannán na bliana.

Thug Seán Ó Dubhchon, a bhíonn le cloisteáil ar Raidió RíRá agus RTÉ RnaG, leis an duais do ‘Phearsa Raidió na Bliana’ agus bhí an lá le Niamh Ní Chróinín, láithreoir ar Cúla4, i rannóg na gcraoltóirí teilifíse.

Cóilín Ó Neachtain, iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a thug an duais ‘Iriseoir na bliana’ leis agus Pádraig Ó Sé, an craoltóir aitheanta ón stáisiún céanna, a bhuaigh an gradam do ‘Chraoltóir Solabhartha na bliana’.

Ba ar an gclár Seán Ó Riada – Mo Sheanathair, a léirigh Táin Media, a bronnadh an gradam do chlár teilifíse na bliana.

An Cósta Thiar, sraith a léirigh Aniar TV do TG4, a tháinig sa chéad áit sa rannóg ‘Sraith Teilifíse na Bliana’.

Lucht an chláir Bladhaire ar RnaG, a bhíonn á chur i láthair ag Áine Ní Bhreisleáin, a thug na chreach leo as rannóg ‘Sraith Raidió na Bliana’.

Bhuaigh Aon Scéal?, a chraoltar ar Phoenix FM, an duais sa rannóg Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála.

Bhí an bua ag Cad déarfá le Gaillimh? ar Galway Bay Fm sa rannóg ‘Clár Gaeilge na bliana ar Raidió Tráchtála’.

Ar Darren Ó Dubhgáin, láithreoir aimsire agus leanúnachais le TG4, a bronnadh Gradam Réalta Óg na Bliana, gradam ar vótáil an pobal dó.

Ar lucht Molscéal a bronnadh an gradam don fheachtas is fearr ar na meáin shóisialta dá bhfeachtas #CPNG.

Seo thíos liosta iomlán na mbuaiteoirí do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2021.

Colúnaí Na Bliana

Mairéad Ní Nuadháin, Tuairisc

Pearsa Raidió Na Bliana

Seán Ó Dubhchon, Raidió RíRá agus RTÉ Raidió na Gaeltachta

Pearsa Teilifíse Na Bliana

Niamh Ní Chróinín, Cúla4, TG4

Sraith Raidió Na Bliana

Bladhaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta

Iriseoir Na Bliana

Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta

Craoltóir Solabhartha Na Bliana

Pádraig Ó Sé, RTÉ Raidió na Gaeltachta

Clár Teilifíse Na Bliana

Seán Ó Riada – Mo Sheanathair, Táin Media

Sraith Teilifíse Na Bliana

An Cósta Thiar, Aniar TV

Scannán Na Bliana

An Cailín Ciúin, Inscéal

Réalta Óg Na Bliana

Darren Ó Dubhgáin, Aimsir agus Leanúnachas TG4

Feachtas Meán Sóisialta Na Bliana

#CPNAG, Molscéal

Clár Gaeilge Na Bliana Ar Raidió Pobail

Cad déarfá le Gaillimh?, Galway Bay FM

Clár Gaeilge Na Bliana Ar Raidió Tráchtála

Aon Scéal?, a chraoltar ar Phoenix FM

Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais

Mártan Ó Ciardha


Fág freagra ar 'Mairéad Ní Nuadháin ó Tuairisc i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais'

  • KH

    Comhghairdeachas leis an údar – is breá liom a cuid píosaí ar na daoine a tháinig slán as an Dara Cogadh Mór – iad lán daonnachta.