Corcaigh v Ros Comáin – Páirc Uí Chaoimh, 2.00in (Beo ar GAAGO)
Cill Dara v Muineachán – Páirc Uí Chonchúir, 4.45in (Beo ar GAAGO)
Dún na nGall v Tír Eoghain – Páirc Mhic Cumhaill, 7.00in (Beo ar GAAGO)
Dé Domhnaigh, 25 Iúil
Gaillimh v Maigh Eo – Staid an Phiarsaigh, 3.00in (Beo ar RTÉ)
Cé gurb iad na craobhacha iomána is mó a chuir lucht na gcluichí gaelacha ag caint sa chéad chuid den samhradh, bhí beagán beochta le feiceáil sa pheil faoi dheireadh an deireadh seachtaine seo caite agus fuinneamh ceart sa gcomórtas anois agus cuid de na boic mhóra i mbaol slán a fhágáil linn roimh na mbabhtaí ceathrú ceannais.
Faoin oíche amárach, beidh deireadh déanta ag péire den cheathrar – Gaillimh, Maigh Eo, Tír Eoghain agus Doire – chomh maith le Corcaigh nó Ros Comáin, a bhfuil an-dul chun cinn déanta acu i mbliana.
Má thóg sé rófhada orainn an chuid seo den chraobh a bhaint amach is fiú sult a bhaint as an méid atá fágtha, gan ach ceithre bhabhta eile cluichí againn sula gcrochfar Corn Mhig Uidhir.
Trí cinn de réamhchluichí a bheidh ann inniu agus cé gurb í an choimhlint idir Dún na nGall agus Tír Eoghain i mBealach Féich an ceann is mó a tharraingeoidh aird an phobail, cluichí suimiúla iad uile.
Mar a luadh roimhe seo, tá Ros Comáin agus Corcaigh ar phéire de na foirne a bhfuil an dul chun cinn is mó déanta acu i mbliana. Chuir na Connachtaigh tús iontach leis an séasúr i Roinn 1 na sraithe agus cé go mbeidh díomá orthu leis an gcaoi ar chríochnaigh siad an t-earrach, idir a dtaispeántais ag deireadh na sraithe agus i gcraobh an chúige, tháinig siad chucu féin i mbabhta na ngrúpaí agus go háirithe tá an chaoi a ndeachaigh siad i ngleic le hÁth Cliath tar éis dul i bhfeidhm ar dhaoine.
Beidh Ros Comáin ag tabhairt aghaidh ar fhoireann Chorcaí atá lán de mhuinín, rud nach bhféadfaí a rá fúthu rómhinic le roinnt mhaith blianta. Rinne na Corcaígh teacht aniar iontach in aghaidh Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo caite agus dá bharr, beidh an cluiche seo acu sa mbaile i bPáirc Uí Chaoimh. Caithfidh siad leas a bhaint as an deis sin anois. Bhí Corcaigh ar mhuin na muice nuair a tháinig siad aniar aduaidh ar Chiarraí oíche na báistí móire in 2020 ach chliseadar in aghaidh Thiobraid Árann sa chéad chluiche eile. Tá an fhoireann feabhsaithe ó shin ach má theipeann uirthi inniu, cuirfear roinnt den dea-obair ó mhaith.
D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi Chill Dara, cé nach rabhadar leath chomh maith le Corcaigh go dtí seo i mbliana. I ndáiríre, drochbhliain cheart a bhí inti d’fhoireann Glenn Ryan go dtí an deireadh seachtaine seo caite ach tá an pointe iontach sin a fuair Kevin Feely chun Ros Comáin a bhualadh ar an Tulach Mhór tar éis cuma dhifriúil a chur ar chúrsaí. Feicfear cén fhad a leanfaidh sé sin agus seans nach bhfuil dream níos fearr chun oscailt súl a thabhairt d’fhoireann ná Muineachán.
D’fhéadfadh nach bhfuil na hUltaigh chomh maith agus a bhí ach chonacthas arís agus arís agus arís eile go bhfuil sé iontu gaisce a dhéanamh i gcluiche nuair is gá agus beidh sin ag teastáil arís inniu.
Dream eile a raibh séasúr corrach acu i mbliana is ea Dún na nGall ach má bhuann na Conallaigh ar Thír Eoghain anocht, déanfar dearmad, ar feadh oíche amháin ar aon nós, ar chuid den achrann a bhí sa chontae le roinnt míonna anuas. Measadh go raibh buachaillí Aidan O’Rourke i mbaol imeacht as an gcraobh i mbabhtaí na ngrúpaí ach tá an fhoireann ag treisiú an t-am ar fad agus bua iontach acu ar Mhuineachán an tseachtain seo caite.
Tá Oisín Gallen ag imirt ar fheabhas dóibh agus má sheasann na himreoirí ina thimpeall an fód chomh maith inniu, ní dhéanfaí aon iontas dá n-éireodh leo an ceann is fearr a fháil ar Thír Eoghain, dream a bhfuil sé deacair léamh a dhéanamh orthu le cúpla bliain anuas. Bhí an Iarmhí ar fheabhas sa chluiche idir na foirne an tseachtain seo caite ach údar imní é do Brian Dooher agus Feargal Logan nach raibh Tír Eoghain in ann an ceann is fearr a fháil ar fhoireann a bhí imithe as an gcraobh cheana féin.
Tá imreoirí den scoth ar an bhfoireann, d’aimsigh Darragh Canavan 0-10 in aghaidh na hIarmhí, is tá siad fós ina rogha na coitiantachta ach tá feabhas ag teastáil.
Amárach atá an cluiche is mó an deireadh seachtaine seo, agus Gaillimh agus Maigh Eo ag tabhairt aghaidh ar a chéile i Staid an Phiarsaigh. Cuma mhístuama go maith a bhí ar Ghaillimh le linn bhabhtaí na ngrúpaí. Bhí siad díreach maith a ndóthain chun Tír Eoghain agus an Iarmhí a bhualadh agus cé nach drochthaispeántas a thugadar in aghaidh Ard Mhacha, bhí an deis acu an cluiche sin a bhuachan, nó gan é a chailliúint ar a laghad, ach theip orthu í a thapú.
Ábhar imní iad taispeántais Shane Walsh le roinnt cluichí anuas agus mura bhfuil Damien Comer i mbarr a mhaitheasa, beidh an-bhrú ar thosaithe eile na Gaillimhe na scóranna a bheidh ag teastáil a fháil. Tubaiste eile a bheadh ann do Ghaillimh mura mbeadh Seán Kelly in ann imirt. Tá fear Mhaigh Cuilinn ainmnithe ar an bhfoireann ach d’fhág sé Páirc Sheáin Mhic Diarmada an tseachtain seo caite agus buatais chosanta air agus feicfimid cén bhail a bheidh air.
Ach é a bheith ar a chois bheadh curtha mar chúram ar Kelly greim a choinneáil ar Aidan O’Shea agus ní mór é rogha Phádraic Joyce chun fear mór Bhréachmhaí a mharcáil. Bhuaigh Maigh Eo cluiche ceannais na sraithe idir na foirne níos luaithe i mbliana ach ba cheart go mbeadh i bhfad níos mó luais sa choimhlint seo, rud nach gcuirfidh as d’fhoireann Kevin McStay. Cé gur beag a bhíonn idir na foirne seo de ghnáth, tá taithí ag Maigh Eo an fód a sheasamh nuair is gá agus dhíbir siad Gaillimh as an gcraobh in 2019, 2020 agus 2021. Tá seans ann go ndéanfaidh siad arís é i mbliana.
Dé Sathairn, 24 Iúil
Fág freagra ar 'Maigh Eo ag iarraidh Gaillimh a dhíbirt as an gcraobh den cheathrú huair le cúig bliana anuas'