Bhí go leor cainte ar alt a foilsíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo faoin dara siollabas Gaeilge a bheith ann. Lean an plé faoin ábhar céanna nuair a foilsíodh tuairisc anseo inné faoi thaighde nua ar chumas teanga aos óg na Gaeltachta.
Bhí caint ar Twitter faoi, bhí caint ar Chormac ag a Cúig faoi agus bhí caint cois claí faoi.
Seanscéal agus meirg air i mo thuairim agus arís eile tá mé den tuairim go bhfuil sé in am do na Gaeil beart a dhéanamh de réir a mbriathair.
Tá caint ar an dá shiollabas seo, ceann d’fhoghlaimeoirí agus ceann eile do chainteoirí cumasacha, le fada an lá.
Breis agus deich mbliana ó shin a foilsíodh an taighde as ar spreagadh an moladh is deireanaí, ach is cinnte go raibh moltaí dá leithéid ann ó bunaíodh an Stát.
Tá an smaoineamh á bhrú chun cinn ag Conradh na Gaeilge le cúpla bliain anuas freisin.
Níl aon mhaith déanta.
Tá an chluas bhodhar tugtha ag an Stát do na moltaí agus chuile uair a dhéantar staidéar ar stádas na Gaeilge sa nGaeltacht, buailtear creill bháis na teanga.
Tá leigheas ar an scéal seo – ní theastaíonn ach beagán radachais.
Tá muid ag druidim le Comóradh an Chéid, 1916, agus tá imeachtaí Sheachtain na Cásca na bliana sin go mór i mbéal an phobail le cúpla seachtain anuas.
Ní mholaim do thuismitheoirí do mhúinteoirí seilbh a ghlacadh ar aon oifig phoist ach cuimhnimís ar an gcáipéis thábhachtach sin a léigh An Piarsach ar Shráid Uí Chonaill – Forógra na Poblachta.
Níor ghlac na hÓglaigh le ceannasaíocht na Breataine Móire ar an tír:
Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochloíte é ceart mhuintir na hÉireann chun seilbh na hÉireann agus chun dála na hÉireann a stiúradh gan srian.
Tar éis thoghchán na bliana 1918, bhunaigh iarrthóirí tofa Shinn Féin a bpairlimint féin – an Chéad Dáil.
Más ar shlánú na Gaeilge atá muid dírithe caithfear beart chomh radacach céanna a dhéanamh.
Is gá an beart radacach seo má táimid dáiríre faoin mBord Oideachais ar leith seo don Ghaeilge agus an siollabas nua atá á éileamh le fada an lá.
Is éard atá le déanamh ná seilbh a ghlacadh ar an teanga agus ar a bhfuil i ndán di sna scoileanna.
Sin atá le déanamh ag na clamhsánaithe, ag na saineolaithe teanga a fhógraíonn bás na Gaeilge gach cúpla bliain, agus ag an dream is tábhachtaí ar fad – na múinteoirí, tuismitheoirí agus príomhoidí a bhaineann leis na scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge
Glacaidís leis nach bhfuil i ngeallúintí an Rialtais don Ghaeilge ach béalghrá agus baothchaint.
Ná glacaidís lena gceannasaíocht ar an nGaeilge sa tír seo:
Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochloíte é ceart phobal na Gaeilge chun seilbh na Gaeilge agus chun dála na Gaeilge a stiúradh gan srian.
Tá a ndóthain Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta ann le húdarás feidhmiúil éifeachtach a bhunú.
Tá na moltaí ann cheana féin.
Tá an saineolas agus na scileanna ar fáil cheana féin.
Fógraítear cruinniú. Toghtar Bord sealadach. Cumtar siollabas agus curculam nua. Cuirtear na moltaí i bhfeidhm. Stoptar ag clamhsán.
Iarla Mac Aodha Bhuí
An bhéim ar scoileanna arís? Tá na gaelscoileanna ag fás le daichead bliain, ach is beag fianaise atá ann go bhfuil fís ar bith á tabhairt don óige acu. Tá an saol lasmuigh den scoil.
Seán Míchaél Ó Donnchadha
Maith thú a Mhaitiú as an beartas radacach seo a mholadh.Tá sé soiléar leis na cianta go bhfuil an Roinn Éadochais náideach amach agus amach I gcoinne na Gaeilge.
Tá se in am beart a dhéanamh de réir briathar agus do mhuintir na Gaeltachta dul i gceannas ar a n-oideachas féin.
Chruthaigh agóidíocht an phobail I gcoinne na taillí uisce go bhfuil cumhacht ag an gcosmhuintir ach é a úsáid.
Eoin P. Ó Murchú
A Iarla ní hiad gaelscoielanna an t-aon fhreagra ach ar an drochuair is fregra nios fearr iad ná go leor. Ó bheith ag plé le roinnt grúpaí Gaeilge i mBAC an taithía ta agam ná murach na Gaelscoileanna ní bheadh an cumas ag daoine an rogha a dhéanamh dul le grúpa a dhéanann rudaí trí Ghaeilge. Tá an-chuid lochtanna ar na Gaelscoileann ach ar a laghad tugann siad deis dúinn daoine a spreagadh níos faide anonn. B’fhearr iad a bheith níosf earr gan amhras.
Críostóir Ó Faoláin
Ba bhreá liom gníomh mar seo a feicáil.
Ailbhe Bríd Siobhán
An-radacach …Ach céard faoi mhaoiniú ? Cad as a dtiocfaidh sé?
Donncha Ó hÉallaithe
Taithníonn an smaoineamh liom. Le dlús a chur faoi theastódh éirí as a bheith ag iarraidh ar an Rialtas an ‘Stráitéis Fiche Bliain’ a chur i bhfeidhm. Ní raibh sa ‘Stráitéis’ céanna ach seift eile ag an státchóras dallamullóg a chur orainn agus d’éirigh leo. (Rinne mé mo dhícheall ar an am a chur faoi ndear na dTeachtaí Dála ba raidiciúla sa Dáil gan a mbeannacht a thabhairt dhó ach fairíor b’é Trevor Sargent an t-aon duine a cháin an cur chuige. Cheap urlabhraí Shinn Féin go raibh sé íontach agus b’fhéidir go gceapann Sinn Féin sin i gcónaí.)
Má tá ‘Pobal na Gaeilge’ chun seilbh a thógáil ar an nGaeilge, gníomh atá mé go mór ina fhábhar, ba cheart dúinn éirí as a bheith ag iarraidh go mbeadh ar daoine Gaeilge a dhéanamh mar chúrsa Ardteiste, nuair nach mian leo. B’fhearr i bhfad cúrsa ceart a bheith ar fáil don 20%/30% a mbeadh spéis acu i gcúrsa Ghaeilge fiúntach a dhéanamh seachas a bheith ag cur fuinneamh, díograis agus airgead amú ag iarraidh an cúrsa céanna simplí a mhúineadh do chuile dalta scoile, iad siúd a bhfuil an ghráin acu ar an dteanga, iad siúd gur cuma leo bealach amháin nó bealach eile agus iad siúd atá ag iarraidh Gaeilge mhaith a bheith acu. Ceangailte le sin bheadh buntáiste ó thaobh fostaíochta in aon chuid den státchóras don té a bheadh feidhmiúl sa dá theanga oifigiúil seachas i gceann amháin acu.
Bheadh sin ina bheartas radacach.