Má tá fonn ort cuid den duairceas a scaipeadh faigh cóip de An Nollaig Thiar

Is iontach go deo an tionchar a bhíonn ag scríbhneoirí maithe ar a chéile agus orainne, a léitheoirí…

Má tá fonn ort cuid den duairceas a scaipeadh faigh cóip de An Nollaig Thiar

Mar chuid den chuimhneachán atá Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta a dhéanamh ar Bhreandán Ó hEithir i mbliana léifear sleachta as a leabhar An Nollaig Thiar ar Zoom ag a 11am Dé Sathairn seo chugainn.

Bhí an-tóir ar an léacht a thug Póilín Ní Chiaráin faoi Bhreandán ar son an chumainn tamall ó shin. Foilsíodh an léacht sin san iris Comhar ó shin.

Léadh sleachta as a chuid scríbhinní ag an am. Léigh Jim Ward píosa as The Begrudger’s Guide to Irish Politics agus léigh Fionnghuala Ní Choncheanainn an t-aiste ‘Willie the Plain Pint agus an Pápa’.

Chas an Dr. Éamon Ó Ciosáin an t-amhrán a chum Breandán ‘The Gentle Black and Tan’.

Tá Máirín Mhic Lochlainn ag téisclim faoi láthair leis an Dea-Shaighdiúir Svejk a léiriú nó a chraoladh.

Bhí an-tóir ag Breandán ar leabhar Jaroslav Hašek agus chóirigh sé do shraith raidió í go deimhin.

Is dócha go bhféadfaí a rá go raibh An Nollaig Thiar ar cheann de na píosaí ba nádúrtha ar fad dár scríobh sé.

Bhí cuimhní geala aige ar a óige in Árainn. D’aithneofá gur ón gcroí a tháinig chuile fhocal den leabhar.

I mBaile Átha Cliath a bhí formhór a shaoil caite aige. Ach oiread le Máirtín Ó Direáin ní cúis iontais ar bith go mbeadh sé ag breathnú uaidh siar agus ag cuimhneamh ar na laethanta a bhí. Mar a dúirt Máirtín féin:

Deonaigh glacadh
Le cuireadh uaimse
Go hoileán mara
San Iarthar cianda:
Beidh coinnle geala
I ngach fuinneog lasta
Is tine mhóna
Ar theallach adhainte.

Ina aiste dar teideal An Nollaig Thiar agus an Nollaig Thoir, deir sé gur Bhaile Átha Cliathach le fada é “de réir ceann de na sainmhínithe”. Sin gur bhain sé “leis an dtreibh nach dtéann ‘abhaile’ faoi chomhair na Nollag”.

“Ach ar feadh tréimhse 20 bliain, ó bhliain dheiridh an chogaidh, bhínn ar dhuganna na Gaillimhe go moch gach maidin oíche Nollag ag dul ar bord an Dún Aengus agus ina dhiaidh sin an Naomh Éanna.

“Bá é an turas seo suas abhaile, timpeall an dá oileán eile de ghnáth, an chuid ab fhearr den Nollaig nuair a tháinig tú san aois go raibh glacadh leat “sna fir,” mar a deireadh muid.”

Is mór an spóirt an cur síos atá ag Breandán ar an ruaille buaille a bhíodh ar chéibh Chill Rónáin aimsir na Nollag.

Ag cur síos dó ar bhronntanais Nollag dúirt sé go mbíodh a chol ceathrar Pádraig Ó Coincheanainn ag cur leabhar chuige as Baile Átha Cliath nuair a bhí sé ina ghasúr.

B’fhearr leis-sean i bhfad leabhair Bhéarla a fháil. Ba leamh leis na leabhair Ghaeilge le hais na leabhar Béarla.

Sin í an intinn a bhí aige go bhfuair sé Nuair a Bhí Mé Óg le Séamus Mac Grianna. Chuir an leabhar sin cluaisíní croí air.

Scéal é a thabharfadh chun cuimhne dhuit an rud a dúirt deartháir Shéamuis, Seosamh, nuair a léigh seisean An Chéad Chloch le Pádraic Ó Conaire.

Ar seisean:

“Nuair a léigh mé an leabhar seo stad mé a chur focal Béarla le ceol m’aigne…Bhí blas ar an leabhar agam mar a bheadh blas ar fhíon ag an té nach raibh a fhios aige go dtí sin go raibh ar an saol ach uisce.”

Nach iontach go deo an tionchar a bhíonn ag scríbhneoirí maithe ar a chéile.
Má tá fonn ort cuid den duairceas atá ag teacht as Covid-19 a scaipeadh faigh cóip de An Nollaig Thiar.

Tá sí athfhoilsithe anois ag Cló Iar-Chonnacht. Maidir leis an léamh Dé Sathairn beidh tuilleadh eolais faoi sin ar shuíomh Chumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta, The Liam and Tom O’Flaherty Society.

Fág freagra ar 'Má tá fonn ort cuid den duairceas a scaipeadh faigh cóip de An Nollaig Thiar'

  • Tiarnan de Fréine

    Tá cóip agam i mbosca leabhair Gaeilge ins an basement. Tá mé chun dul ag cuardach agus í a léamh thar na Nollag. Thaitin imeachtaí Féile na Flathartach go mór liom!