Tá ráite ag an saineolaí sa phleanáil teanga Seosamh Mac Donnacha nár chóir maoiniú don phleanáil teanga ag an leibhéal náisiúnta agus an phleanáil teanga sa Ghaeltacht a mheascadh le chéile mar gurb amhlaidh go gcruthódh sé sin “éiginnteacht” agus go gcaillfeadh an pobal “muinín” sa “próiseas ar fad”.
Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios i bhfreagra ar cheist Dála an tseachtain seo caite gur caitheadh €3.3 milliún ar an bpleanáil teanga idir 2014-2017, ach tháinig sé chun solais ó shin nár caitheadh ach €660,000 den airgead sin ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus gur €65,000 atá caite ag Foras na Gaeilge ar an bpróiseas lasmuigh den Ghaeltacht.
De réir eolas breise a fuair Tuairisc.ie ó Roinn na Gaeltachta caitheadh an chuid is mó den airgead eile a luadh leis an bpleanáil teanga ar nithe eile seachas an próiseas pleanála teanga féin, agus dúirt urlabhraí de chuid na Roinne gur “baineadh leas as an gciste chomh maith chun bearta eile a mhaoiniú ar leas fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus na pleanála teanga i gcoitinne”.
De réir an tsoiléirithe is déanaí atá tugtha ag Roinn na Gaeltachta faoin gciste seo, caitheadh €1.37 milliún de ar thograí lasmuigh den Ghaeltacht a bhain le réimse na teicneolaíochta. (Féach tábla thíos).
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Seosamh Mac Donnacha, saineolaí sa phleanáil teanga agus duine d’údair an Staidéar Cuimsitheach ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, gur chóir go ndéanfaí “idirdhealú an-soiléir” idir an phleanáil teanga náisiúnta atá á déanamh faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an phleanáil teanga atá á dhéanamh go háitiúil sa Ghaeltacht.
“Tá sé an-tábhachtach nach ndéanfaí an phleanáil náisiúnta agus an phleanáil teanga sa Ghaeltacht a mheascadh le chéile. Ag an leibhéal náisiúnta ba chóir go dtabharfaí míniú soiléir faoin gceangal díreach atá ag aon chaiteachas leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, straitéis náisiúnta ar chóir maoiniú suntasach a bheith aige dá réir, rud nach bhfuil.
“Ag an leibhéal áitiúil, ag leibhéal na pleanála teanga sa Ghaeltacht, is gá go ndéanfaí idirdhealú an-soiléir idir an caiteachas atá á dhéanamh ar an bpróiseas pleanála teanga féin – sin na pleananna teanga féin agus na coistí ag obair i measca n phobail – agus aon chaiteachas eile atá le déanamh sa Ghaeltacht ar thograí oideachais, forbartha, fostaíochta, turasóireachta, infreastruchtúr nó eile.
“Ach má bhíonn an dá rud á meascadh le chéile – an phleanáil náisiúnta agus an próiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht – cruthaíonn sé sin go leor éiginnteachta agus ní thiocfaidh as an éiginnteacht sin ach go gcaillfidh an pobal muinín sa phróiseas ar fad,” a dúirt Seosamh Mac Donnacha ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Caiteachas ar Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge | 2014 | 2015 | 2016 | 2017 |
---|---|---|---|---|
Abair.ie – Intéirneach – Róbóglór | 19,000 | 18,500 | 0 | 0 |
Ríomhaistiúcháin – DCU | 13,780 | 35,604 | 15,259 | 0 |
Intéirneacht sa Ríomhaistriúchán Riailbhunaithe (Rule based Machine Translation) – TCD | 0 | 18,000 | 18,000 | 1,500 |
Fáilte ar Líne – (BA ar líne sa Ghaeilge & Cultúr Traidisiúnta na hÉireann) – Fiontar agus Scoil na Gaeilge | 0 | 23,905 | 228,905 | 257,475 |
Acadamh Ríoga na hÉireann – Digitiú Irisleabhar Gaedhilge | 35,000 | 0 | 0 | 0 |
Fiontar + UCD – Dúchas ,CBE – Sluafhoinsiú | 55,000 | 0 | 0 | 0 |
TechSpace as Gaeilge (Camara Ireland) | 0 | 16,585 | 44,065 | 96,135 |
Plean Digiteach don Ghaeilge (DCU) | 0 | 20,850 | 8,936 | 0 |
Plean Digiteach don Ghaeilge (TCD) | 0 | 14,067 | 0 | 3,681 |
Raidió Rí-Rá | 0 | 0 | 75,000 | 75,000 |
Aip Radioplayer don Ghaeilge (RTÉ) | 0 | 0 | 20,000 | 0 |
Edcite as Gaeilge (Camara Ireland) | 0 | 0 | 2,720 | 4,423 |
Gnímh Digiteacha RTÉ | 0 | 0 | 70,000 | 70,000 |
Cartlann Athbheochan na Gaeilge (Conradh na Gaeilge) | 0 | 0 | 0 | 104,000 |
Iomlán | €122,780 | €147,511 | €482,885 | €612,214 |
Idir an dá linn, tá soiléiriú tugtha ag Údarás na Gaeltachta ar chuid den chaiteachas a rinne siad ar an bpleanáil teanga nár bhain le hullmhú na bpleananna teanga féin.
Ó 2014 chaith an tÚdarás €196,000 “ar ghníomhaíochtaí a thug agus atá fós ag tabhairt tacaíochta don phróiseas pleanála teanga”.
I measc na ngníomhaíochtaí sin, bhí ceardlanna agus traenáil do ghrúpaí pleanála teanga, cruinnithe poiblí, bolscaireacht agus córas ateangaireachta, fostú comhordaitheora, taighde agus anailís ar staitisticí, acmhainní feasachta ar nós físeán agus bróisiúr agus ábhar eolais eile ar líne.
Tá ráite ag iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur “cur i gcéill ar fad” atá i gceist leis an gcaiteachas atá á dhéanamh ar an bpleanáil teanga i bhfianaise na bhfigiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie le roinnt laethanta anuas.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, le Tuairisc.ie go raibh “formhór” na mbeart eile sin a luaigh an Roinn “á maoiniú i gcónaí” agus go mbeidís “á maoiniú is cuma mura mbeadh ann don Straitéis nó don phleanáil teanga”.
“Tá sé soiléir anois gur cur i gcéill ar fad atá i gceist leis an gcaiteachas seo agus go bhfuil fíorbheagán á chaitheamh dáiríre ar an bpleanáil teanga. Tá rudaí á lua mar chaiteachas ar an bpleanáil teanga agus ar an Straitéis 20 Bliain ar rudaí seanbhunaithe iad agus nach bhfuil aon bhaint dáiríre acu le pleananna teanga. Bhí an caiteachas seo ann riamh agus é i bhfad níos tréine ná mar atá anois.
“Má bhreathnaíonn tú siar ar na meastacháin is amhlaidh go mbíodh i bhfad níos mó airgid á chaitheamh ar na rudaí seanbhunaithe sin ná mar atá anois. Tá fíorbheagán airgid breise i gceist anseo agus níl aon cheist ach gur cur i gcéill atá ann agus aon rud beag breise atá ann don phleanáil teanga nó don Straitéis, is sciobtha ó chaiteachas eile atá sé: á bhaint anseo agus á chur thall,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie an tseachtain seo.
Fág freagra ar 'Má mheasctar caiteachas ar phleanáil teanga sa Ghaeltacht le maoiniú eile caillfear ‘muinín sa phróiseas ar fad’'