‘Má dhéanann Trump an dara téarma beidh Conamara uilig sciúrtha agam dá bharr!’

Dhéanfadh ár gcolúnaí aon rud chun Donald Trump a sheachaint, ach rith sé leis an oíche faoi dheireadh nár chuala mé ariamh an tUachtarán ag caint ar spórt

‘Má dhéanann Trump an dara téarma beidh Conamara uilig sciúrtha agam dá bharr!’

Tiger Woods agus Donald Trump. INPHO/Getty Images

Chuile uair a dtagann straois Donald Trump ar an teilifís tugaim aghaidh ar na cúinní is faide uaidh sin sa teach agus caithim tamaillín ag cuartú neadacha damháin alla sna cúinní, cac míoltóige ar na fuinneoga agus dusta ar na seilfeanna. Dhéanfainn rud ar bith a mheilfeadh oiread ama agus a chinnteodh go mbeadh sé imithe faoin am a dtiocfainn ar ais.

Ar an gcaoi a bhfuil rudaí faoi láthair is againn a bheas an teach is glaine ar an mbaile go gairid. Ní bheidh agam ansin ach tosaí ar thithe na gcomharsan. Má dhéanann sé an dara téarma beidh Conamara uilig sciúrtha agam dá bharr!

Tuigim go maith gur obair an aisce a bheas inti mar nach féidir sciúradh a dhéanamh ar an intinn. Sin an chúis nuair a chuimhním ar mo dhuine go ndéanaim iarracht díriú ar an taobh is fánaí de, seachas ar na huafáis a thagann as a bhéal go rialta.

Anois, is maith a thuigim go ndéarfadh na dochtúirí liom nach gcruthaíonn sin ach go bhfuil cuid éicint de mhianach na hostraise ionam, ach má tá fhéin nach fearr sin ná mianach an bhultúir – an t-éan lena mbaineann mianach mo chara.

Seans go mbeadh na dochtúirí céanna ag iarraidh a dhéanamh amach cén fáth go gcuirfinn an stró orm fhéin a dhul ag scríobh faoi fhear a mb’fhearr liom tabhairt faoi ghlanadh tuar míoltóige ná a bheith ag breathnú air. Níl de fhreagra agam air sin ach fiosracht, agus deir siad nach aon pheaca a bheith ar an gcaoi sin.

Tá fealsúnacht Trump faoi chúrsaí rachmais agus faoi ghnóthaí an tsaoil foghlamtha agam san achar a thógann sé orm dul ón tolg chomh fada le doras an tseomra, ach rith sé liom an oíche faoi dheireadh nár chuala mé ariamh é ag caint ar spórt. Tá cnáimhseáil go leor déanta aige faoi údaráis phleanála Cho. an Chláir agus na hAlban siocair gan é a bheith ag fáil cead a chinn le hathruithe a chur ar chúrsaí gailf atá aige ansiúd, ach is ar mhaithe lena phóca a labhraíonn sé fúthu sin.

Tarlaíonn gurb é an galf céanna an t-aon spórt a bhfuil suim cheart aige ann. Roinnt blianta ó shin bhí sé taobh le 66 buille ar chúrsa eile atá faoina úinéireacht i Florida agus de réir liosta an US Golf Association’s Golf Handicap and Information Network is ionann a bhac agus 2.8 – éacht nach beag ag fear atá 70 bliain d’aois.

Bhí tóir ag Uachtaráin go leor sna Stáit Aontaithe ar an ngalf céanna. D’imir Barack Obama 306 uair le linn a théarmaí sa Teach Bán. Bhí suim (agus cáil na séitéireachta) ar Bill Clinton agus go deimhin tá pictiúr de fhéin agus Trump ag imirt i dteannta a chéile roinnt blianta ó shin.

Is léir gur beag tábhacht atá anois lenar dhúirt an tUachtarán Teddy Roosevelt i 1908 agus é ag cur comhairle orthu siúd a bheadh in oifig ina dhiaidh faoin íomhá ba chóir a chur i láthair an phobail. ‘Photographs of me on horseback? Yes. Tennis? No. And golf is fatal,’ a dúirt Teddy.

Chaith Trump bliain amháin ag imirt an tsacair nuair a bhí sé ar mheánscoil, áit ar chleacht sé cispheil agus baseball freisin, ach chaith sé in aer iad ar mhaithe le dul ag cnuasach dollar ina dhiaidh sin – lena cheart a thabhairt dó, níorbh eisean an t-aon duine ariamh a rinne amhlaidh.

Sa mbliain 1983, cheannaigh sé foireann peile darbh ainm New Jersey Generals a d’imir i sraith a tosaíodh le dul i gcoimhlint leis an NFL. Bhíothas ag súil faoi dheireadh go ndéanfaí brabús ollmhór nuair a nascfadh an dá eagraíocht, rud nár tharla agus thit an tsraith as a chéile. Cúpla bliain ó shin agus é ag iarraidh cur lena sparán, rinne sé tairiscint na Buffalo Bills a cheannach, ach níor éirigh leis.

Tosaíodh rás rothaíochta an Tour de Trump i 1989 féachaint le macasamhail an Tour de France nó an Giro a chur ar bun sna Stáit Aontaithe ag tráth arbh é Greg Lemond an rothaí ba cháiliúla ar domhan. Tháinig deireadh leis sin nuair a fógraíodh na hóstáin agus na casinos a bhí ag Donald a bheith bancbhriste i 1991, rud a tharla cúig huaire eile idir sin agus 2009.

Cé is moite den ghalf, is í an choraíocht nó an iomrascáil an spórt is mó atá luaite le Trump agus nach iad atá daite dá chéile – sotalach, gáifeach, gairéadach, folamh.

Chuile bhliain ó 1985 i leith eagraíonn an WWE (World Wrestling Entertainment, Inc) comórtas coraíochta ar a dtugtar WrestleMania. Ba é Trump ‘fear an tí’ ag péire acu sin agus bhí sé i láthair ag mórchuid eile.

Ag babhta i WrestleMania 2007 i Detroit, bhí Trump i gcúinne iomrascálaí amháin agus Vince McMahon (a bhfuil $1.2 billiún dollar carntha aige as an spórt) sa gcúinne eile. Bhí sé geallta ag an mbeirt dá mbuafaí ar a bhfear féin go mbearrfadh siad a gcuid gruaige go mbeidís chomh maol le hubh. Tomhais cé a bhuaigh?

Is fíor dar ndóigh nach míbhuntáiste ar bith don Donald gur beag a chuid suime i gcúrsaí spóirt. B’fhéidir gur fearr sin arís nár lúthchleasaí fónta a bhí ann fhéin le linn a óige.

Togha peileadóra a bhí i Gerald Ford – a tháinig i gcomharbacht ar Richard Nixon nuair ab éigean dó siúd éirí as an Uachtaránacht i 1974 – chomh maith sin agus gur thairg na Detroit Lions agus na Green Bay Packers conarthaí imeartha dó nuair a d’fhág sé an ollscoil. Níor bhac sé leo agus lean cosán an dlí, an airm agus na polaitíochta gur thuill an cháil dó féin gurbh é an t-aon duine a raibh poist an Leas Uachtaráin agus an Uachtaráin ina sheilbh.

Tá a fhios againn ar fad chomh clúdaithe, stuáilte is a bhíonn na himreoirí sa bPeil Mheiriceánach, ach is cosúil gurbh fhearr le Ford an chosaint sin ar fad uaidh. Is éard a dúirt Uachtarán eile, Lyndon Johnson, faoi to tarcaisneach, ‘He’s a nice fellow but he spent too much time playing football without a helmet’.

Fágann tiús a mhuiníl agus stíl a chuid gruaige gur beag cosaint ná clogad a theastódh ó Donald ach an oiread.

Fág freagra ar '‘Má dhéanann Trump an dara téarma beidh Conamara uilig sciúrtha agam dá bharr!’'

  • Ciarán Ó Coigligh

    Tá an-mheas agam le fada an lá ar údar an ailt seo i dtaobh fheabhas a chuid Gaeilge agus i dtaobh fheabhas na tuairisceoireachta a dhéanas sé ar imeachtaí spóirt. Is dona liom dá réir sin an t-alt maslach seo atá scríofa aige faoi Uachtarán Mheiriceá, Dónall an Trumpa, duine de bhunadh Ghaeil Leòdhais. Is léir ó alt Mhártain gur fear Dónall an Trumpa a bhfuil an-spéis go deo aige i gcúrsaí spóirt. In ainneoin fhianaise inmheánach a ailt féin, deir an tUasal Ó Ciardha gur ‘fíor dar ndóigh nach míbhuntáiste ar bith don Donald gur beag a chuid suime i gcúrsaí spóirt.’Dá gcuirfeadh Mártan tuilleadh eolais ar bheathaisnéis an údair gheobhadh sé amach in achar gearr nach é amháin go mba togha fir an Trumpach i mbun spórt éagsúil ach go bhféadfadh sé a bheith ina fhear spóirt gairmiúil dá dtogródh sé.

    Is é an trua go bhfuil tuairisc.ie ag aithris ar mheáin Bhéarla na tíre seo ó thaobh claontachta polaitiúla de. Tugaim dúshlán Tuairisc.ie (arís) alt dearfach i dtaobh Dhónaill an Trumpa agus a aireachta nua a fhoilsiú. Mura bhfuil teacht agaibh ar iriseoir gairmiúil lena scríobh beidh mise breá sásta an gar a dhéanamh.

    Ciarán Ó Coigligh, Príomh-Fheidhmeannach Acmhainn Éireann

  • Micheál

    Tá dul amú orm nó tá Ciarán Ó Coighligh ag baint an chiall chontráilte as a bhfuil le rá ag an údar.
    Is rí-léir ceart go leor gur beag meas atá ag Mártan Ó Ciardha ar an Trumpa ach ní leis féin atá sé sa mhéid sin. Ach má thuigim’se i gceart a bhfuil ráite aige, is é atá sé a chur ar ár súile dúinn gur ghlac an dúil atá ag an Uachtarán nuathofa san airgead tús áite ar aon spéis ná aon chumas a bhí ann mar lúthchleasaí é féin, rud atá deacair a shéanadh. Ní fheicim ráite in aon áit aige nach mba ‘togha fir an Trumpach i mbun spóirt éagsúil’.

    Maidir leis an ráiteas gur ag aithris ar na meáin Bhéarla atá tuairisc.ie, an bhféadfadh Ciarán a inseacht dúinn cén teanga ar a bhfuil siad siúd atá ag cáineadh Trump i bhFraincís, Spáinnis, Gearmáinis, Sínis, Seapánais, Portingéilis etc ag aithris ?

    “Tá cead ag an gcat breathnú ar an rí agus níl cead ag an rí é a chaitheamh” a deir siad. Níor chóir go gcuirfeadh an teanga a labhaireann duine aon laincís air nó uirthi a t(h)huairim a nochtadh.

    Bheadh an-suim agam féin go pearsanta ‘alt dearfach i dtaobh Dhónaill an Trumpa agus a aireachta nua’ a scríobhfadh Ciarán a léamh, fad agus a thabharfadh siad aghaidh freisin ar na beartais chiníocha, an cos ar bolg ar imircigh, a mhímheas ar mhná etc.etc.etc