Lyra McKee le comóradh bliain ó maraíodh í

Beidh Aontas Náisiúnta na nIriseoirí ag déanamh comóradh ar líne uirthi ag a 11 ar maidin, faoin haischlib #WeStandWithLyra

Lyra McKee le comóradh bliain ó maraíodh í

Cothrom an lae inniu bliain ó shin maraíodh an t-iriseoir Lyra McKee i nDoire, agus í amuigh i mbun a ceirde le linn círéibe. Beidh Aontas Náisiúnta na nIriseoirí ag déanamh comóradh ar líne uirthi ag a 11 ar maidin, faoin haischlib #WeStandWithLyra.

Dúirt Seamus Dooley, Ard-Rúnaí Cúnta an Cheardchumainn, go raibh siad ag iarraidh ar cheardchumannaithe eile agus an pobal i gcoitinne páirt a ghlacadh sa chomóradh.

“Agus cúrsaí mar atá siad, is ar na meáin shóisialta a bheidh muid ag bailiú, le ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht sin an dóchais agus an mhisnigh a d’fhág Lyra ina diaidh.  Ar ndóigh bhain sí úsáid an-éifeachtach as na meáin shóisialta chéanna. Táimid ag iarraidh ar chomhaltaí am a dhéanamh ag a haon déag ar maidin le cuimhniúchán a dhéanamh ar Lyra.

“Beimid ag smaointiú ar a páirtí agus ar a teaghlach nuair a bhaileoidh pobal an cheardchumainn lena chéile faoin mana ‘#WeStandWithLyra. Is mana an-chuí ar fad é. Tá an sprid dhearfach a bhí ag Lyra ina spreagadh againne sna laethanta dorcha seo.”

Tá súil ach go háirithe go rachaidh daoine ar Twitter, agus go mbeidh #WeStandWithLyra ag treochtáil inniu.

Fág freagra ar 'Lyra McKee le comóradh bliain ó maraíodh í'