Lyng dóchasach faoin gcluiche, ach bainisteoir nua uaidh

D’fhág a mbua stairiúil ar Chorcaigh go bhfuil Loch Garman i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann ach tá imní ar an iarimreoir Diarmuid Lyng nach léireofar i gceart mianach na n-imreoirí mura dtiocfaidh bainisteoir nua isteach

Leinster GAA Senior Hurling Championship Quarter-Final, Croke Park, Dublin 21/5/2016 Dublin vs Wexford Wexford Manager Liam Dunne Mandatory Credit ©INPHO/Lorraine O’Sullivan
Liam Dunne ©INPHO/Lorraine O’Sullivan

Tá sé deacair iománaithe Loch Garman a mheas an séasúr seo.

Tabharfaidh siad aghaidh Dé Domhnaigh ar Phort Láirge i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann, an dara huair acu sna babhtaí ceathrú ceannais le hocht mbliana anuas. Ba bheag duine a shíl cúig seachtaine ó shin go rachaidís chomh fada sa chraobh.

Tugadh greadadh dóibh i gcoinne Bhaile Átha Cliath i gCraobh Laighean ag deireadh an Mheithimh ach, coicís ó shin, fuair siad an ceann is fearr ar Chorcaigh den chéad uair sa chraobh le 60 bliain.

In ainneoin an bhua stairiúil sin, tá imní ar iarimreoir an chontae, Diarmuid Lyng, faoin easpa dul chun cinn atá a dhéanamh ag Loch Garman.

“Tá sé aisteach, aon bhliain a bhuann siad ar Chorcaigh sa chraobh is bliain mhaith í sin do Loch Garman, ach cúig seachtaine ó shin bhí daoine lánchinnte go raibh deireadh leis an mbainisteoir Liam Dunne,” a deir Lyng.

“Ag caint le daoine a bhíonn timpeall ar an bpainéal agus a mbíonn eolas acu faoi na cúrsaí sin, ní raibh siad dóchasach ar chor ar bith, ach ansin in aghaidh Uíbh Fhailí, bhí an-eagar orthu, thug siad taispeántas maith uathu agus b’eo leo.”

Taobh amuigh den chontae, tá moladh á thabhairt don bhainisteoir as feabhas a chur ar chúrsaí, ach deir Lyng nach bhfuil aon athrú suntasach tarlaithe. Dar leis, bhí an mianach sna himreoirí seo i gcónaí imirt ag an leibhéal seo.

Bhuaigh Loch Garman Craobh Laighean faoi-21 trí bliana as a chéile idir 2013 agus 2015 agus is iad scoth na n-imreoirí ó na foirne sin cnámh droma na sinsear anois – leithéidí Matthew O’Hanlon, Pádraig Foley, Lee Chin agus Conor McDonald.

Níl Lyng cinnte, áfach, gurb é an fear atá ina bhainisteoir faoi láthair an duine ceart chun iad a thabhairt níos faide. Cé go dtugann sé moladh do Dunne as na himreoirí uile a bheith ag tarraingt le chéile, ní dóigh le Lyng go bhfuil sé ag baint a ndóthain astu.

Diarmuid Lyng
Diarmuid Lyng

“Tá a fhios agam go bhfuil sé an-dhian ar Liam Dunne. Tá a dhícheall déanta aige agus ní chabhraíonn sé leis duine cosúil liomsa a bheith ag gearán. Ach chonaic muid cheana é in 2014, thug siad céim chun tosaigh ach smaoinigh ar céard a tharla ansin in 2015.

“Bíonn bainisteoir maith in ann imreoirí a fhorbairt, nó iad a choinneáil ag an leibhéal céanna ar a laghad. Teastaíonn bainisteoir uainn a thabharfaidh muinín do na himreoirí agus spás dóibh barr a gcumais a bhaint amach.

“Ní rud éasca é sin a dhéanamh, chaithfeá bainisteoir a fháil atá in ann na rudaí sin a aithint agus, dar liomsa, is duine ar nós Liam Griffin a theastaíonn in áit Liam Dunne.”

Cé go bhfuil Lyng den tuairim go bhfuil athrú ag teastáil amach anseo, is dóigh leis freisin go bhféadfadh go mbeidh bua gan choinne eile ag Loch Garman an deireadh seachtaine seo agus aghaidh á tabhairt ar Phort Láirge acu, foireann atá fós ag teacht chucu féin i ndiaidh dóibh teip in aghaidh Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na Mumhan.

“Beidh sé suimiúil breathnú ar Derek McGrath agus a ndéanfaidh sé. Táthar a rá go gcaithfidh sé a bheith 100% cinnte anois faoin gcóras aige agus cloí leis.

“Ach caithfidh na himreoirí a bheith ar aon intinn le McGrath chomh maith. Beidh sé suimiúil féachaint an iompóidh na himreoirí ar sheanstíl Phort Láirge má bhíonn siad faoi bhrú agus, abair, 40 nóiméad imeartha. An dtréigfidh Tadhg de Búrca, Maurice Shanahan nó Austin Gleeson an córas chun dul ar ruathair aonair mura bhfuil rudaí ag dul i gceart?

“Cé go bhfuilim dóchasach faoi chluiche an deireadh seachtaine, nílim chomh cinnte céanna faoin todhchaí mura dtiocfaidh athrú ar chúrsaí.”

Fág freagra ar 'Lyng dóchasach faoin gcluiche, ach bainisteoir nua uaidh'