Lústar flústar i dTóchar agus na dathanna ar crochadh go bródúil roimh ‘Cork’s Little All Ireland’

Tá an tsaoirse sin a bhíonn ag ógánaigh ag Cumann Barra Naofa agus tá gach seans acu in aghaidh na Carraige Duibhe

Lústar flústar i dTóchar agus na dathanna ar crochadh go bródúil roimh ‘Cork’s Little All Ireland’

Beidh ‘Cork’s Little All Ireland’ ar siúl i bPáirc Uí Chaoimh amárach agus péire d’fhoirne traidisiúnta na cathrach, An Charraig Dubh agus Cumann Barra Naofa, in adharca a chéile den chéad uair ó 1982.

Is deacair a chreidiúint nár bhuail siad le chéile sa chluiche ceannais le daichead bliain agus is deacair a creidiúint nach bhfuil ach trí chraobh buaite ag na ‘Barrs’ ó shin agus cúig cinn ag na ‘Rockies’.

D’imríos sa chraobh dheireanach idir an dá club agus an lá sin thug tosaithe na Barrs an-taispeántas i gcoinne fhoireann na Carraige Duibhe a bhí breac le réalta idirchontae. Ina measc bhí Ray Cummins, Pat Moylan, Tom Cashman, Diarmuid McCurtain agus réalt fhíochmhar Chill Chainnigh, Frank Cummins.

Ach bhí ár réalta féinig againne, leithéidí Ger Cunningham (bainisteoir na foirne ar an Domhnach), Dónal O’Grady, John Hodgins, Christy Ryan, John Meyler agus Jimmy Barry Murphy.

Tamall ina dhiaidh sin d’imigh an iomáint in éag sa chathair agus tháinig foirne mar Uí Mhic Coille, Rogha Éireann, Na Sáirséalaigh, Baile Nua Sheandroma chun cinn. Ach le tamall de bhlianta anois tá Fánaithe an Ghleanna agus an Charraig Dhubh tar éis corn Sheáin Uí Murchú a thabhairt abhaile. Tá beagnach tríocha bliain (1993) ann ó d’imir Cumann Barra I gcluiche ceannais.

Mar sin tá an-sceitimíní agus lústar flústar i dTóchar agus na dathanna ar crochadh go bródúil thart timpeall an chlub. Dar dóigh bhíodar ina seaimpíní peile anuraidh agus iad neadaithe sa chluiche ceannais arís, cluiche a bheidh ar siúl i gceann coicíse.

Ach tá an béim go hiomlán ar na hiománaithe faoi láthair agus iad ag dul sa bhearna bhaoil amárach. Agus mar a bhí i 1982, tá scata imreoirí a bheidh ag imirt sa dá chluiche ceannais, leithéidí Brian Hayes, Ethan Twomey, Ben O’Connor, Billy Hennessy agus Jamie Burns.

Agus céard faoin gCarraig Dhubh? Bhuel chailleadar craobh 2017 i gcoinne Uí Mhic Coille ach chuireadar críoch leis an ngorta a thosnaigh in 2002 nuair a bhuadar ar Fhánaithe an Ghleanna arú anuraidh. Mar sin tá taithí acu agus léirigh siad go bhfuil mianach, spiorad agus féinmhuinín iontu sa chluiche ceathrú ceannais nuair a bhuadar cluiche a bhí dian, teann i gcoinne Uí Mhic Coille.

Dar ndóigh bhí na foirne sa ghrúpa céanna i mbliana agus sa chluiche a bhí eatarthu bhí an chosúlacht air i ndiaidh 10 nóiméad go dtabharfadh na ‘Rockies’ greadadh do na ‘Barrs’ agus iad naoi gcúilín chun tosaigh. Ach tháinig na ‘Barrs’ ar ais agus nuair a séideadh an fheadóg dheiridh bhíodar cúilín luachmhar amháin chun tosaigh.

Tuigeann tú mar sin a léitheoir nach bhfuil mórán idir na foirne seo.

Tá foireann thar a bheith óg ag na Barrs ach tá siad dulta ó neart go neart ón gcéad cluiche i mbliana nuair a bhí comhscór acu i gcoinne Ráth Luirc.

D’fhéadfainn a rá faoi na Rockies nach rabhadar ar fheabhas go dtí seo ach tá an baol ann (do na Barrs) go bhfuil taispeántas iomlán foirne fós iontu agus go bhfeicfimid é amárach.

Le cúpla bliain anuas tá na ‘Rockies’ i measc na bhfoirne is fearr sa chontae agus tá na himreoirí acu chun an beart a dhéanamh amárach. Maidir leis na ‘Barrs’, tá siad thar a bheith óg agus gan mórán taithí acu, ach tá an tsaoirse sin a bhíonn ag ógánaigh acu agus mar a fheicimse é tá gach seans acu. Ach amhail gach cluiche eile, is ar an lá a tharlóidh sé.

Tá ‘Little All-Ireland’ eile ar siúl amárach agus an club is rathúla sa tír le tamall de bhlianta ag dul chun páirce chun an cúigiú craobh contae i ndiaidh a chéile a bhaint amach. Dar ndóigh sin iad Seamróga Bhaile Héil agus iad i gcoinne fhoireann na cathrach, Cumann Naomh Stiofán (agus Brian Cody sa chúlseomra) i gcluiche ceannais Chill Chainnigh.

Beidh an cluiche seo á thaispeáint ag TG4.

Fág freagra ar 'Lústar flústar i dTóchar agus na dathanna ar crochadh go bródúil roimh ‘Cork’s Little All Ireland’'

  • alan titley

    Tá le léamh idir na línte ag John gur chuaigh iomáint Chorcaí i léig (ach ní in éag) le lagú foirne na cathrach. Dea-theist gur dhá fhoireann ón gcathair atá ag imirt inniu. Mé féin ar son na mBarrs (d’imir mé tamall leo mar mhionúr, mar stopallán, mar hacker), ach ní miste liom na Rockies sa chás is go mbuafaidís. Níl an nimh sin ann agus atá in aghaidh na lickorish candystripe bolguiledhaite shaightháicéirí ón nGleann. Ach na Barrs abú, pé in Éirinn agus sa domhan é.