Luchtaire uilíoch le tabhairt isteach do ghutháin phóca agus táibléid san AE

Port USB Cineál-C a bheidh ceadaithe ar ghléasanna éagsúla feasta – rud a bheidh go maith don tomhaltóir agus don timpeallacht, a deirtear

Luchtaire uilíoch le tabhairt isteach do ghutháin phóca agus táibléid san AE

Faoi dheireadh 2024 ní bheidh cead ach aon chineál amháin luchtaire a bheith ann do gach fón póca, táibléad agus ceamara a dhíolfar san Aontas Eorpach. Port USB Cineál-C an t-aon luchtaire a bheidh ceadaithe.

Ó earrach 2026, beidh an oibleagáid chéanna ann do ríomhairí glúine.

Glacadh leis an dlí nua i bParlaimint na hEorpa inniu. 602 feisire a vótáil i bhfabhar an rúin, 13 a bhí ina choinne agus staon ochtar feisirí.

Dúirt lucht tacaíochta an dlí nua gur cuid é d’iarracht níos leithne atá ar bun ag an Aontas “laghdú a dhéanamh ar dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus chun tomhaltóirí a chumhachtú chun roghanna níos inbhuanaithe a dhéanamh”.

Faoi na rialacha nua, ní bheidh luchtaire difriúil de dhíth ar dhaoine a thuilleadh gach uair a cheannaíonn siad gléas nua. Beidh siad in ann aon luchtaire amháin a úsáid do réimse leathan gléasanna leictreonacha soghluaiste beaga agus meánmhéide.

Níor mhór port USB Cineál-C a bheith ar na nithe seo a leanas uile: gutháin phóca, táibléid, ceamaraí digiteacha, cluasáin agus fearais chinn, consóil físchluichí láimhe agus callairí iniompartha, ríomhléitheoirí, méarchláir, luchóga, córais loingseoireachta iniompartha agus cluasáin bhachlóige.

Tiocfaidh sé i gceist chomh maith do ríomhairí glúine atá inluchtaithe le cábla sreinge agus a fheidhmíonn le seachadadh fuinnimh suas le 100 vata.

“Beidh an luas luchtaithe céanna anois ag gach gléas ar féidir iad a luchtú go tapa, sa dóigh is go mbeidh úsáideoirí in ann a ngléasanna a luchtú ar an luas céanna le haon luchtaire atá comhoiriúnach,” a dúradh.

Dúirt rapóirtéir na Parlaiminte, Alex Agius Saliba: “

“Tá an luchtaire uilíoch ann san Eoraip faoi dheireadh! Táimid ag fanacht breis agus deich mbliana ar na rialacha seo, ach beidh deireadh anois leis an iliomad luchtaire atá againn. Leis an dlí seo, a sheasfaidh an aimsir, beifear in ann réitigh nuálaíocha luchtaithe a fhorbairt amach anseo, agus rachaidh sé chun tairbhe do gach duine – idir na tomhaltóirí a bhfuil mearbhall orthu agus ár gcomhshaol leochaileach.

“Is tráth deacair é seo don pholaitíocht, ach tá sé léirithe againn nach bhfuil an tAontas gann ar smaointe ná ar réitigh chun saol na milliún san Eoraip a fheabhsú agus gur féidir leis tíortha eile a spreagadh chun leithéid a dhéanamh chomh maith”.

Beidh ar an gComhairle Eorpach glacadh go foirmiúil leis an Treoir sula bhfoilseofar í in Iris Oifigiúil an Aontais. Tiocfaidh sí i bhfeidhm 20 lá tar éis a foilsithe. Beidh 12 mhí ag na Ballstáit na rialacha a thrasuí agus 12 mí eile ina dhiaidh sin chun iad a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Luchtaire uilíoch le tabhairt isteach do ghutháin phóca agus táibléid san AE'

  • Joe Breathnach

    Ach cad faoin iPhone? Tá gnáth USB ag iPhone agus fón Android faoi láthair ach tá an nasc a théann isteach sa fón féin difriúil. Chomh maith leis sin beidh ar gach bus, óstán srl na poirt atá acú a athrú. Cén damáiste a dhéanfaidh sé sin don timpeallacht.