Lucht na dteangacha iasachta anois ag tabhairt dúshlán an IUA faoi mholtaí maidir le riachtanais iontrála

Cruinniú le bheith ag an Roinn Oideachais amárach d’fhonn moltaí Chumann na nOllscoileanna Éireannacha faoi riachtanas teanga iasachta d’iontráil ollscoile a phlé

 

Department de fancais

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil léachtóirí teanga iasachta i roinnt institiúidí tríú leibhéal chun cur i gcoinne mholtaí Chumann na nOllscoileanna Éireannacha (IUA) maidir le deireadh a chur leis an riachtanas teanga iasachta d’iontráil ollscoile.

Mar a tuairscíodh anseo cheana, tá diúltaithe ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, don mholadh go bhfaighfí réidh leis an riachtanas Gaeilge d’iontráil ollscoile.

Tuigtear freisin do Tuairisc.ie go mbeidh cruinniú ar siúl ag an Roinn Oideachais maidin amárach ag a bpléifear moltaí an IUA.

Chuir an IUA tascghrúpa le chéile chun staidéar a dhéanamh ar an gcóras iontrála ollscoile in Éirinn i dtreo is go bhféadfaí é a leasú agus a shimpliú.

Ceann de na moltaí a d’eascair as an staidéar sin is ea go gcuirfí riachtanais iontrála cúrsaí in oiriúint do shiollabas na gcúrsaí sin.

Ó thaobh teangacha de, chiallódh sé seo nach mbeadh ar dhaltaí aon riachtanais teanga a shásamh nó a chomhlíonadh agus iad ag cur isteach ar chúrsaí tríú leibhéal ach amháin i gcás na gcúrsaí a mhúintear trí mheán na teanga a bhaineann le hábhar.

D’éirigh le Tuairisc.ie greim a fháil ar cháipéisí atá á scaipeadh i láthair na huaire ag lucht teagaisc na dteangacha iasachta ar a chéile, mar a bhfuil liosta de na himpleachtaí a bheadh ann dá nglacfaí le moltaí an IUA.

Dá gcuirfí na moltaí i bhfeidhm, a deirtear i gcáipéis amháin, ba é a thoradhsean go dtiocfadh laghdú ar an líon daltaí a dhéanfadh staidéar ar theangacha iasachta i meánscoileanna amach anseo.

Lena chois sin, bheadh an baol ann go leanfaí patrún chóras na Ríochta Aontaithe, a deirtear. Tháinig titim mhór sa Ríocht Aontaithe ar líon na ndaltaí a roghnaigh teangacha iasachta mar ábhar stáidéir nuair a tugadh rogha dóibh gan iad a fhoghlaim ach a mbeadh ceithre bliana déag bainte amach acu.

Chaillfeadh lear mór múinteoirí meánscoile a bpost agus bheadh impleachtaí ann do theagascóirí tríú leibhéal freisin, a deirtear.

Toradh eile a bheadh ar an moladh dá nglacfaí leis, a deirtear, ná go bhfágfaí Éireannaigh faoi mhíbhuntáiste, ar nós mar atá muintir na Breataine anois, agus iad ag cur isteach ar phostanna le heagraíochtaí ar an gcoigríoch.

Thiocfadh sé salach ar pholasaí an Aontais Eorpaigh maidir le hilteangachas agus is i laghad a rachadh tuiscint agus feasacht daoine ar a chéile agus ar chultúir a chéile, a scríobhtar i gcáipéis ollscoile inmheánach amháin atá feicthe ag Tuairisc.ie.

Maítear sa cháipéis chéanna go bhfuil an moladh ag teacht salach, go huile is go hiomlán, ar na moltaí a deineadh sa Chreatlach Comhairliúcháin ar Theangacha Iasachta in Éirinn.

Ba í an tAire Oideachais, Jan O’Sullivan, a thionscnaigh anuraidh an próiseas comhairliúcháin as ar eascair an Chreatlach sin, arb é is aidhm léi polasaí teanga le haghaidh chóras oideachais na hÉireann a bhunú.

Tráchtar go sonrach ar chumas litearthachta céimithe sa cháipéis a réitíodh in Ollscoil amháin agus maítear gur in olcas a rachaidh sé má thagann meath ar fhoghlaim teangacha.

Luaitear freisin an tábhacht a bhaineann le hidirnáisiúnú Ollscoileanna, atá ar cheann de na critéir a mheáitear agus iad á rangú. D’fhágfadh deireadh cúrsaí teanga gur curaclam ‘cúng’ a bheadh á thairiscint ag institiúidí tríú leibhéal, a deirtear.

Fág freagra ar 'Lucht na dteangacha iasachta anois ag tabhairt dúshlán an IUA faoi mholtaí maidir le riachtanais iontrála'