Loitiméireacht ar chomharthaí bóthair Béarla i nDún na nGall á fiosrú ag na Gardaí

Bhain conspóid an tseachtain seo le línte dearga a péinteáladh ar logainmneacha Béarla bhailte fearainn ar chomharthaí dátheangacha timpeall an chontae

Loitiméireacht ar chomharthaí bóthair Béarla i nDún na nGall á fiosrú ag na Gardaí

Tá sé deimhnithe ag An Garda Síochána go bhfuiltear i mbun fiosraithe maidir le loitiméireacht a rinneadh ar chomharthaí bóthair i nDún na nGall le gairid.

Bhain conspóid an tseachtain seo le línte dearga a péinteáladh ar logainmneacha Béarla bhailte fearainn ar chomharthaí dátheangacha timpeall an chontae.

Is léir gur agóid atá sa loitiméireacht i gcoinne logainmneacha Béarla a bheith á n-úsáid ar na comharthaí, go háirithe i gceantair Ghaeltachta, áit a mbíonn a leithéid in aghaidh na reachtaíochta teanga go minic.

Dúirt urlabhraí de chuid na nGardaí le Tuairisc go rabhthas ar an eolas faoin scéal agus go rabhthas i mbun fiosraithe.

“Tá eolas ag na Gardaí ar na heachtraí seo a bhaineann le comharthaí bóthair ar fud an chontae i nDún na nGall agus tá fiosruithe ar bun faoi,” a dúirt an t-urlabhraí.

Tá idir cháineadh agus mholadh déanta orthu siúd atá i mbun na loitiméireachta. Dúirt an comhairleoir áitiúil Michael McClafferty nach ndearna an scrios aon mhaith do chur chun cinn na Gaeilge i nDún na nGall agus go mbeadh an Chomhairle Contae agus an pobal trí chéile thíos leis an gcostas a bhainfeadh leis na comharthaí a athrú.

Thacaigh comhairleoir eile, Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, leo siúd atá i mbun na loitiméireachta, áfach.

Mhol Mac Giolla Easbuig iad as gníomh a dhéanamh ar son na Gaeilge agus dúirt go mbeadh sé sásta dá gcoinneodh siad orthu ag lot comharthaí, cé go bhfuil sé in aghaidh an dlí.

“Tá comharthaí thuas sa Ghaeltacht a bhfuil logainmneacha i mBéarla orthu agus tá sin ag briseadh an dlí ach ní fheicim duine ar bith ag léim suas is anuas ar an cheann sin. 

“B’fhéidir go bhfuil siad ag déanamh nach bhfuil an Ghaeltacht ná an Ghaeilge chomh tábhachtach sin,a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easbuig ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo.

Tá na comharthaí a loiteadh i nDún na nGall suite lasmuigh agus laistigh de cheantair Ghaeltachta. 

De réir na reachtaíochta, caithfidh logainmneacha ar chomharthaí bóthair a bheith i nGaeilge agus i mBéarla in aon ait atá lasmuigh de Ghaeltacht. I gcás comharthaí sa Ghaeltacht, ní mór an logainm Gaeltachta a bheith i nGaeilge amháin.

Thug Comhairle Contae Dhún na nGall le fios do Barrscéalta go raibh logainmneacha Gaeilge in úsáid ar 95% de na comharthaí bóthair sa Ghaeltacht.

Dúirt Mac Giolla Easbuig nach raibh suim dá laghad ag formhór na ndaoine sa Chomhairle Contae sa Ghaeilge agus nach raibh sa mhéid a bhí á dhéanamh acu ach “tokenistic gestures”. Mheas sé go dtarraingeodh an loitiméireacht aird ar an gcaoi a gcaitear leis an teanga.

Anuas air sin, dúirt sé nach raibh aon chiall le han-chuid de na logainmneacha Béarla sa chontae ar aon nós agus iad tógtha ón mbunleagan Gaeilge.

“Baineann muid úsáid as Moville, cén ciall atá leis? Letterkenny, Ballyshannon. Níl ciall ar bith ar domhan leo. Bheinnse náirithe dá mbeinnse go láidir ar son labhairt an Bhéarla is nach bhfuil ciall ar bith leis na focail atá muid ag labhairt. Ach tá ciall agus cuid mhór stair agus cultúr leis na focla Gaeilge go léir atá againn.”

Tharraing eachtraí den chineál céanna conspóid i nDún na nGall in 2019 nuair a scriosadh an Béarla ar roinnt comharthaí dátheangacha i nGaoth Dobhair agus Rann na Feirste. Dhiúltaigh an Comhairleoir Mac Giolla Easbuig iad siúd a bhí i mbun na loitiméireachta a cháineadh an uair sin freisin.

Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, rinneadh scrios ar a thuilleadh comharthaí bóthair sa chontae ach ba í an Ghaeilge a clúdaíodh an uair sin.

Fág freagra ar 'Loitiméireacht ar chomharthaí bóthair Béarla i nDún na nGall á fiosrú ag na Gardaí'

  • Fear feachtais

    Níl na comharthaí dátheangacha sin in aghaidh an dlí faraor. Ní mór logainmneacha Gaeltachta a bheith scríofa i nGaeilge amháin, is cuma más sa Ghaeltacht nó taobh amuigh di atá na comharthaí. Ní mór logainmneacha eile a bheith dátheangach, fiú más ar chomharthaí sa Ghaeltacht atá siad. Fágann sé sin, áfach, go mbíonn an leagan Béarla chun cinn fiú sna ceantair Ghaeltachta. Rinne mé féin gearán leis an gCoimisinéir Teanga faoi chomharthaí dá leithéid i gConamara roinnt blianta ó shin agus sin an freagra a fuair mé. An fhadhb anseo ná leagan amach na gcomharthaí bóthair sa tír seo a fhágann an Ghaeilge in áit na leathphingine. Is ar éigean gur féidir an leagan Gaeilge a léamh agus an cló iodálach gránna a úsáidtear. Sin gan trácht ar na botúin ar fad atá forleathan. Dá bhfaighfí réidh leis an gcló iodálach agus dá n-úsáidfí gnáthchló, ba dhul chun cinn mór é cheana féin. Is dóigh liom go raibh comharthaí mar sin ann 30-40 bliain ó shin. Ar ndóigh, ba cheart go mbeadh an leagan Béarla agus Gaeilge chomh hinléite lena chéile ar aon nós ach faraor ní chlúdaítear é sin faoin dlí teanga. Níl aon chúis ann go mbeadh an Béarla i gcás uachtair agus an Ghaeilge i gcás íochtair. Is beag tír ar domhan a úsáideann cás uachtair go forleathan ar chomharthaí bóthair mar léiríonn an taighde nach bhfuil sé chomh hinléite céanna. Chuir Leo Varadkar tús le hathbhreithniú ar chomharthaí bóthair nuair a bhí sé sa Roinn Iompair roinnt blianta ó shin ach chuir Pascal Donohue deireadh leis nuair a tháinig sé i gcomharbacht air. Rinne mé féin gearán leis an Roinn Iompair faoi sin ag an am agus dúirt siad go raibh comharthaí na tíre seo bunaithe ar thaighde idirnáisiúnta cé nach raibh siad in ann aon fhoinsí a lua leis an taighde sin. Tá gá le feachtas chun brú a chur ar an Roinn Iompair agus ar na polaiteoirí tús a chur arís le hathbhreithniú arís – sa Ghaelteacht ar a laghad. Tá sé náireach go dtabharfaí tús áite don Bhéarla ar chomharthaí de chuid an Stáit sa Ghaeltacht.

  • JP

    ‘Welcome to Kill’ …(Fáilte go dtí an Chill)…… Cill Dara atá i gceist.