‘Ní cháinfidh mise iad ar bhealach ar bith’ – comhairleoir Gaeltachta ag seasamh le lucht scriosta comharthaí

Tá aird mhór tarraingthe ag an scéal go bhfuil an comhairleoir contae Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig ag tacú le scrios comharthaí dátheangacha i nGaeltacht Dún na nGall

‘Ní cháinfidh mise iad ar bhealach ar bith’ – comhairleoir Gaeltachta ag seasamh le lucht scriosta comharthaí

Tá conspóid mhór tarraingthe ag an gcomhairleoir contae Gaeltachta Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig as tacú le scrios comharthaí dátheangacha i nDún na nGall.

Tá diúltaithe ag Mac Giolla Easbuig, comhairleoir neamhspleách agus gníomhaí teanga aitheanta, aon cháineadh a dhéanamh ar scrios na gcomharthaí Gaeltachta.

Scriosadh an Béarla ar roinnt comharthaí dátheangacha i nGaoth Dobhair agus Rann na Feirste le déanaí chun nach mbeadh fágtha orthu ach Gaeilge. Bhí comharthaí do Shlí an Atlantaigh Fhiáin i measc na gcomharthaí.

Dúirt Mac Giolla Easbuig go mbíonn gá uaireanta le gníomh díreach ar mhaithe leis an teanga. Ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt sé gur as gníomh dá leithéid a tháinig an stáisiún sin.

Dúirt sé gurb amhlaidh gur shocraigh daoine áirithe nach gcuirfear ina dtost iad fad is atá an Ghaeilge ag fáil bháis. 

Thug an comhairleoir lántacaíocht do scrios na gcomharthaí agus mhol sé do dhaoine eile a chreid gur gá gníomh díreach a dhéanamh sin a dhéanamh. “Ní mise a bheidh á gcáineadh,” a dúirt sé. 

Mhaígh Mac Giolla Easbuig nach gcuirfeadh scrios na gcomharthaí as do thurasóirí. 

“Tagann turasóirí go dtí an Ghaeltacht ar thóir ár gcultúir agus teanga. Na daoine seo tá seasamh á thógáil acu ar son na teanga agus níl mise chun iad a cháineadh ar bhealach ar bith,” arsa an comhairleoir neamhspleách. 

Is minic seasamh láidir tógtha ag Mac Giolla Easbuig féin faoi cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge.

éileamh leanúnach á dhéanamh aige le roinnt blianta anuas ar sheirbhís iomlán ateangaireachta i gComhairle Chontae Dhún na nGall.

Fág freagra ar '‘Ní cháinfidh mise iad ar bhealach ar bith’ – comhairleoir Gaeltachta ag seasamh le lucht scriosta comharthaí'

  • Gabriel Rosenstock

    Tacaímse go láidir le lucht scriosta na gcomharthaí agus leis an gcomhairleoir nach gcáinfeadh iad. Comhartha dóchais!