LITRÍOCHT BHÉIL: Oíche Shamhna

Thíos tá leagan trascríofa d'ábhar ó Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie mar aon le hacmhainní, gníomhaíochtaí agus smaointe don seomra Gaeilge

LITRÍOCHT BHÉIL: Oíche Shamhna

Gníomhaíocht 1 – Athscríobh:

  • Téigh chuig an leathanach seo ar dúchas.ie.
  • Ag obair le do pháirtí déan an scéal atá ansin a athscríobh i nGaeilge an lae inniu.

Gníomhaíocht 2 – Éisteacht:

  • Éist leis an taifeadadh seo den scéal.

Gníomhaíocht 3 – Léitheoireacht:

  • Seo thios an leagan athscríofa den scéal.
  • Léigh an chéad leath den scéal os ard don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara cuid os ard duitse.

  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú leat leis an bhfoghraíocht.

Cleas Oíche Shamhna

Bhí sé gnách ag an aos óg mórán cleas a dhéanamh Oíche Shamhna sa tseanam.

Bhí cailín ina cónaí i Málainn Bheag agus rinne sí cleas Oíche Shamhna agus deirtear go raibh an scéal fíor faoi mar a d’éirigh léi.

Nigh sí a léine in uisce trí theoranta agus chuir sí ar triomú í ar chathaoir os coinne na tine in am codlata. Chuaigh sí féin a luí i leaba na cisteanaí agus d’fhan sí múscailte go bhfeicfeadh sí an dtiocfadh fear ag tiontú na léine.

Ní raibh sí i bhfad ina luí nuair a fosclaíodh an doras agus shiúil fear coimhthíoch isteach, agus é gléasta i gculaith mairnéalaigh. Tháinig sé aníos go dtí an chathaoir agus thiontaigh sé an léine.

Bhí scian phóca ina láimh aige agus nuair a bhí sé ag tiontú na léine, d’fhág sé an scian ar an chathaoir agus rinne dearmad di nuair a bhí sé ag imeacht.

Choinnigh an cailín an scian i gcónaí go cúramach, agus lá amháin tháinig bád isteach go hUaigh Mhálanna Bige le hOifigeach na ‘Coast Guards’. Léim mairnéalach amach ar an ché leis an mbád a fheistiú.

Chomh luath agus a chonaic an cailín é d’aithin sí gurb é an fear céanna a tháinig ina hóige Oíche Shamhna é. Bhí sé ag spaisteoireacht thart faoin ché agus casadh ar an chailín é. Chuaigh an bheirt chun cainte mar ba léir go raibh sé ag coimhéad uirthi ó tháinig sé amach as an bhád. Ní raibh siad i bhfad ag caint nuair a d’fhiafraigh sé di an bpósfadh sí é. Pósadh iad tamall ina dhiaidh sin. Lá amháin nuair a  bhí siad tamall pósta chonaic sé scian aici, agus d’fhiafraigh sé di cá bhfuair sí an scian. “Sin scian liomsa,” ar seisean.

“Chaill mé an scian sin oíche amháin blianta ó shin,” arsa seisean, “agus is maith is cuimhneach liom an oíche chéanna. Bhí mé thuas ar an chrann Oíche Shamhna amháin ag leasú rópa. Bhí an scian sin i mo láimh agus tháinig mearbhlán i mo cheann. Thit mé anuas i gcnap laige ar an bhád. Nuair a mhúscail mé bhí mo scian caillte agam, agus ní fhaca mé í ón oíche sin go bhfaca mé agatsa anois í.

An duine a d’inis an scéal: Brighid Ní Bheirn, Málainn Bheag, Gleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall.

Gníomhaíocht 4 – Deis Chainte:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta:

  1. Nigh sí a léine in uisce trí theoranta…” Cén bhrí a bhaineann tú féin as na focail sin?
  2. Cén bhaint atá ag an scian leis an scéal?
  3. Cén bhaint atá ag na Gardaí Cósta leis an scéal?
  4. Céard a bhí an mairnéalach a dhéanamh leis an rópa?
  5. Inis i d’fhocail féin cad é an casadh sa scéal.
  6. Cén chanúint atá i gceist leis an bpíosa seo? Tabhair sampla.
  7. Cén fáth a luaitear an bhliain 1938?

Gníomhaíocht 6 – Taighde sa Phobal Teanga

  • Téigh chun cainte le duine éigin sa phobal agus faigh cuntas uathu faoi Oíche Shamhna nuair bhí siad féin óg.

Spreagcheisteanna:

Cad iad na nósanna a bhíodh acu?
An raibh cluichí faoi leith acu?
Cad iad na hathruithe a tharla i gcaitheamh na mblianta?
An raibh ullmhúchán faoi leith ag teastáil?
An raibh bia faoi leith luaite le hOíche Shamhna?

  • Is féidir taispeántas beag Powerpoint/Keyknote a chur le chéile leis an eolas a chur os comhair an ranga.

Gníomhaíocht 7 – Taighde ar líne:

  • Téigh chuig logainm.ie agus faigh a thuilleadh eolais faoi logainm atá luaite sa scéal. An bhfuil aon logainm cosúil leis i do cheantar?
  • Téigh chuig dúchas.ie agus déan iarracht teacht ar scéalta/cuntais faoi Oíche Shamhna i do cheantar féin.

Gníomhaíocht 8 – Téigh i mBun Pinn – PUNANN

  • Tá ort giolc a sheoladh faoin méid a tharla i do cheantar féin Oíche Shamhna anuraidh. Cuimhnigh nach féidir ach 280 litir a úsáid.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna/focail sa téacs a úsáid.
  • Féach ar ghiolcacha daoine eile agus tabhair freagraí orthu nó cuir ceisteanna ar an scríbhneoir.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie

Gníomhaíocht 9 – Naisc ábhartha eile :

  • Seo nasc chuig alt ar tuairisc.ie faoi Oíche Shamhna. Déan é a léamh agus fág trácht. Déan tráchtanna daoine eile a léamh agus tabhair freagraí.
  • Seo nasc chuig eolas faoi Oíche Shamhna ar dúchas:
  • Ábhar ó shuíomh Fhoras na Gaeilge faoi Oíche Shamhna.

Gníomhaíocht 10 – Cúpla Ceist Agam Ort!


Fág freagra ar 'LITRÍOCHT BHÉIL: Oíche Shamhna'