Litir oscailte chuig Uachtarán na hÉireann 

Gan dabht tá sé de cheart agat a bheith páirteach sa díospóireacht ar na cúrsaí seo, ach níl go leor daoine ar aon tuairim leat

Litir oscailte chuig Uachtarán na hÉireann 

Litir oscailte chuig Uachtarán na hÉireann 

A Uachtaráin a shoilse,

Ta láncheart agat cinneadh rialtais ar bith a cháineadh, mar a rinne tú nuair a labhair tú le Barry Whyte ón Business Post seachtain ó shin.

Níl aon airteagal sa Bhunreacht a chuireann cosc ar Uachtarán a thuairimí a nochtadh le linn agallaimh le hiriseoir. Cinnte, chuir tú gnás – nár chóir d’Uachtarán an rialtas a cháineadh – i leataobh nuair a léirigh tú míshásamh le leagan amach an fhóraim ar pholasaí slándála idirnáisiúnta na tíre. Níl smacht de réir an Bhunreachta ná de réir dlí ag gnás ar do chead cainte.

Bhain tú leas as an gcead céanna nuair a cháin tú polasaí tithíochta an rialtais bliain ó shin. Níor thagair tú dóibh go díreach, ach bhí do thuairim soiléir agus láidir. Dúirt tú nach géarchéim ach “tubaiste” agus “teip mhór” a bhí ag cur as don tír ó thaobh tithíochta de. Ar ndóigh níor thaitin cur síos chomh lom leis an rialtas ach ba léir do gach duine réasúnta sa tír – airí san áireamh – go raibh an fhírinne lom inste agat.

Tharraing tú aird an uair sin ar dhrochscéal a bhí (agus atá faraor) ag dul chun donais. Chuir ár bhformhór fáilte roimh do bhriathra.

Sílim áfach go bhfuil difríocht bhunúsach idir a ndúirt tú faoi chúrsaí tithíochta agus na tuairimí a bhí á nochtadh agat sa Business Post  Léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil móramh sa tír i bhfabhar an pholasaí neodrachta a chuir rialtais éagsúla i bhfeidhm ón Dara Cogadh Domhanda anall.

Tugann pobalbhreitheanna le fios freisin, áfach, go bhfuil tuairim eile ag mionlach nach beag. De réir an tsuirbhé a rinne Ipsos don Irish Times le gairid, bhí 61 faoin gcéad i bhfabhar neodracht mar atá i bhfeidhm faoi láthair ach theastaigh athrú ar ár bpolasaí neodrachta ó 26 faoin gcéad.

Nuair a dúirt tú gur chóir caint ar bhallraíocht i NATO a sheachaint mar sin, ní raibh tú ag tagairt don fhirinne mar a thuigtear í do chách. Bhí tú ag glacadh páirt i ndíospóireacht ina bhfuil tuairimí éagsúla á gcur in iúl ag daoine réasúnta.

Nílim cinnte go nglacann tú leis go bhfuil tírghrá na ndaoine atá i bhfabhar bhallraíocht na tíre i NATO, nó i bhfabhar comhoibriú míleata níos dlúithe leis an AE, chomh láidir le tírghrá na ndaoine nach n-aontaíonn leo.

Gan dabht tá sé de cheart agat a bheith páirteach sa díospóireacht ar na cúrsaí seo, ach níl go leor daoine ar aon tuairim leat. Is léir dóibh freisin gur easaontaigh tú le polasaí – ballraíocht i NATO – nach bhfuil molta ag aon pháirtí i nDáil Éireann.

Ní haon ionadh é ach oiread nach sa rialtas amháin a dhúisigh a ndúirt tú gearáin. Ar chúiseanna mar seo a leanas:

  • Dúirt tú gur ginearáil, aimiréil, aerfhórsaí agus a leithéid is mó a bheadh páirteach i bpainéil an fhóraim. Bhí dul amú ort, mar a léirigh clár na gcainteoirí.
  • Dúirt tú go bhféadfá smaoineamh ar dhaoine eile seachas an tOllamh Louise Richardson a d’fhéadfaí a cheapadh mar chathaoirleach ar an bhfóram. Ghabh tú leithscéal teoranta léi mar gheall ar an tagairt a rinne tú dá gradam Breataineach, ach níor tharraing tú siar an míshásamh intuigthe léi mar chathaoirleach. Níor thuill saoránach caitheamh anuas ar a hoiriúnacht ó Uachtarán, fiú go hindíreach, sula ndeachaigh sí i mbun oibre.
  • Dúirt tú go raibh polasaí eachtrach an stáit á ligean le sruth agus go raibh an tír á cur i gcontúirt (‘playing with fire’) dá thoradh. Nárbh fhearr caint chomh láidir, nó chomh háibhéalach, a fhágáil faoi pholaiteoirí ar féidir iad a cheistiú féachaint a bhfuil bunús lena mbriathra?
  • Dúirt tú gur chóir béim a chur ar athchóiriú institiúidí idirnáisiúnta seachas ar thuairimíocht a eascraíonn ó fhaitíos nach léir cé˙acu ar bunaíodh nó nár bunaíodh é ar fhianaise. Sílim go raibh lochtú iomarcach, ach intuigthe, roimh ré ar an bhfóram i do bhriathra.

Is gnáthchuid den chur is cúiteamh a chloistear nó a léitear sa tír gach lá tuairimí láidre nó áibhéil nó míchruinneas nó míchineáltacht mar atá thuas. De ghnáth áfach nuair a bhíonn tuairimí á nochtadh agat, a Uachtaráin, bíonn daoine ag súil le caint níos tomhaiste, níos measartha agus níos cúramaí. Ní caint bhog ná éadrom a theastaíonn, ach briathra a dhírítear ar ábhair thábhachtacha seachas ar aighnis reatha.

Creidim ó bheith ag éisteacht ar líne le cruinnithe an fhóraim ar pholasaí slándála go bhfuil dúshláin thábhachtacha agus tuairimí fiúntacha á bplé, ainneoin a ndúirt tú roimh ré.

Ní hionann sin agus a rá go bhfuil cur chuige an rialtais gan locht. Ní fóram ach tionól saoránach ar chúrsaí slándála a bhí á mholadh ag Micheál Martin anuraidh mar shampla – níl míniú sásúil ar a athrú intinne tugtha fós aige.

Bíonn cúrsaí cosanta agus neodrachta casta le linn cogaidh, nó más léir do thír neodrach bagairt mhíleata de chineál ar bith – ar na cáblaí teileachumarsáide i bhfarraigí na hÉireann mar shampla, nó sa chibearspás (cuimhnigh ar an ionsaí a rinneadh ar chóras faisnéise an HSE).

Níl freagra dubh agus bán ar mhórán ceisteanna atá á bplé ag an bhfóram, agus tá tuairimí fiúntacha á nochtadh ann ar chaon taobh polaitiúil den argóint faoi chúrsaí neodrachta.

Dá mba pholaiteoir tú fós, táim cinnte go gcloisfeadh an fóram go leor tuairimí fiúntacha suimiúla uait. Ach tá freagracht de chineál eile ort anois agus, mar a scríobh mé thuas, láncheart agat leas a bhaint aisti. Síleann cuid againn go mb’fhearr duit do bhriathra a dhíriú orainn go léir seachas ar dhaoine a aontaíonn leat.

Ní dhéanfadh sé aon dochar dá gcuimhneofá ar an seanfhocal a deir gur binn béal ina thost. Uaireanta.

Is mise le meas mór i gcónaí, ach teoranta an babhta seo,

Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Litir oscailte chuig Uachtarán na hÉireann '

  • Cluain Sceach

    Ana-litir, cé go n-aontaím le tuairimíocht an uachtaráin.

  • Eoghan Ó Néill

    Is ciapadh é do mháistrí NATO ( tá’s agaibh an dá thír sin a bhfuil spriocanna móra domhanda acu) go bhfuil seasamh neodrach ag an tír seo atá dírithe ar shíocháin idir phobail agus cogaidh a sheachaint. Tá’n ceart ag an Úachtarán sa rud adúirt sé.

  • Gabriel Rosenstock

    Bhí an ceart ag Uachtarán na hÉireann tabhairt amach faoin Dáma Richardson agus níor ghá dó leithscéal ar bith a ghabháil léi ina thaobh, dar liomsa. Ach ba chúirtéiseach uaidh é ar a shon san.
    Masla do mhuintir na hÉireann is ea Dáma de chuid na hImpireachta a bheith i gceannas ar a leithéid d’Fhóram. Anuas air sin, is iomaí deis a fuair an bhean chéanna chun cogaí san Iaráic agus san Afganastáin a cháineadh agus níor thapaigh sí an deis sin: a mhalairt.
    https://en.wikipedia.org/wiki/Louise_Richardson
    Thug Alex Salmond deis di tacú le Neamhspleáchas na hAlban. Níor thapaigh sí an deis sin agus í i gceannas ar Ollcoil San Aindriú (agus Kate Middleton agus a céile, an Prionsa Liam, ag freastal ar an gcoláiste céanna). Agus mar sin de.
    Ní dócha go bhféadfadh éinne agus an teideal Dame Commander of the Order of the British Empire an míleatachas a cháineadh agus is cinnte nach míleatachas a theastaíonn ón domhan seo ach taidhleoireacht agus síocháin agus comhchainteanna agus ansin ina dhiaidh sin a thuilleadh taidhleoireachta agus comhchainteanna.
    Smál is ea an teideal onórach úd ‘Dáma’. Is minic a fhágann sé smál ar an té a ghlacfadh leis. Éireannach eile a ghlac leis an teideal ab ea Iris Murdoch. Tá plaic ag an mBardas in ómós di anseo i mBaile Cliath agus caitheann an eagraíocht Literature Ireland/ Litríocht Éireann airgead ar leabhair léi a chraobhscaoileadh i bhfoirm aistriúchán. San úrscéal léi The Sea, the Sea, scríobh an Dáma Murdoch:
    I can’t think how the English tolerate that island, there ought to have been a final solution years ago; well they did try. Cromwell, where are you now when we really need you?
    (Lch. 164, eagrán Vintage Classic 1999). Sin iad na Dámaí anois duit.
    Mar Luimníoch, mheasas go raibh dualgas orm luimneach a scríobh don Dáma Richardson:
    an bhfanfaimid ar nós na hEilvéise
    nó bheith in NATO inár staicín áiféise
    nárbh fhearr a bheith neodrach
    a Louise, is a bheith spleodrach
    mar a bhís-se fadó ins na Déise?

  • Diarmuid de Faoite

    Labhair an t-Uachtarán ar son móramh na ndaoine nuair a labhair sé amach faoi theip iomlán an rialtais i dtaobh tithíochta de agus rinne sé an rud ceanann céanna nuair a labhair sé amach i gcoinne pholasaí an rialtais i leith na neodrachta toisc nach n-ionann ‘neodracht’ nó ‘neodracht míleata’ mar is fearr leis an rialtas a thabhairt anois air agus neodracht mar a shantaíonn 80% de phobail na hÉireann é, céad chodán nach bhfuil i ndiaidh athrú thar na blianta. De réir taighde acadúil an Dr.Karen Devine, DCU, is é seo thíos an tuairim is coitianta atá ag an bpobail ar an ábhar seo: ” The most strongly-supported public concepts closely resemble the wider,
    ‘active’ concept of neutrality that embodies characteristics such as peace-promotion,
    non-aggression, the primacy of the UN and the confinement of state military activity
    to UN peacekeeping, not supporting ‘big powers’, not being involved in wars,
    maintaining a nuclear-free zone, and maintaining Ireland’s independence, identity and
    independent foreign policy decision-making (in the context of ‘big power’ pressure).” Ní fhéadfadh na fíricí a bheith níos soiléire: plúchadh guth an mhóraimh ag ‘fóraim’ seo an rialtais. Neodracht is ea neodracht agus rinne an t-Uachtarán cionn fir. Muna ndearna ní bheadh an cáineadh chomh tapaidh ná chomh géar is a bhí. Is deacair an fhírinne a chloisteáil agus cúanna na cogaíochta ag drannadh linn.

  • An neodracht abú

    ‘Nílim cinnte go nglacann tú leis go bhfuil tírghrá na ndaoine atá i bhfabhar bhallraíocht na tíre i NATO, nó i bhfabhar comhoibriú míleata níos dlúithe leis an AE, chomh láidir le tírghrá na ndaoine nach n-aontaíonn leo.’ – cuir uait an mugadh magadh, chomh láidir dáiríre? tú ag maíomh go bhfuil tírghrá ag daoine a dhéanfadh bhunáit mhíleata ghallda den stát, a d’fhágfadh cailíní óga na tíre mar ábhair siamsaíochta ag cibé mairnéiligh a bheadh sa chalafort áitiúil gach Aoine agus Sathairn, a d’fhágfadh ceannas na spéartha agus na farraigí faoi fhórsaí gallda. Dar ndóigh léirigh an rialtas dímheas riamh do cheannas an stáit gan infheistiú mar is ceart i gcosaint na tíre ach is ceist eile í sin nach mbaineann le comhghuaillíochtaí míleata gallda, comhghuaillíochtaí a mharaigh na milliúin daoine bochta ar fud an domhain. Ní tírghrá ach tréas (nó b’fhéidir aineolas i roinnt cásanna) atá ar bun acu siúd a dhíolfadh a bhfuil saor d’Éirinn do na gallaibh.

  • Garry Bannister

    Nach ait an rud é gur féidir dearcadh atá chomh lag lochtach sin a léiriú i nGaeilge atá chomh cruinn, galánta agus grástúil. Tá obair iontach déanta ag ár nUachtarán lena chuid ráiteas poiblí go léir agus tá áthas mór orm arís inniu, ar ndóigh, nach bhfuil sé ina thost nuair atá gach dealramh ar an scéal go bhfuilimid uile dulta ar mire ar fad; na náisiúin NATO ach go háirithe, agus sinne ag rith cosa in airde i dtreo harmagadón. Is í an neodracht atá ar na seoda is gile i stair chruálach na tíre seo agus ní mór dúinn, a Chathail, í a chaomhnú ó dhrochealaín ár bpolaiteoirí a bhíonn gan ciall ná consias de ghnáth. Dar liomsa, tá adhmholadh tuillte ag Mícheál Dónal Ó hUigínn atá ina sholas geal dúinne ón chead lá go ndeachaigh sé in oifig. Tá seanfhocal agam féin: “Ná tairg troid don trodaí nach bhfuil ann!”

  • Seán Mac Gearailt

    Sé an locht is mó ar a ndúirt an t-uachtarán ná go bhfuil a thuairimí ag teacht salach ar mhianta maithe agus mór uaisle an rialtais agus na ndaoine atá á dtreorú. Mhol a bhean cainteanna síochána nuair a bhí an cogadh san Úcráin ina thús agus cáineadh í go géar as a tuairimí a nochtadh. Sin agat an daonlathas a bhful meas chomh mór sin ag MM air.

  • Seán Mag Leannáin

    Bíonn an fhírinne searbh, a Chathail a chara. Níl an dara rogha agat ach glacadh leis agus bogadh ar aghaidh.

  • Stephen

    “Ní dhéanfadh sé aon dochar dá gcuimhneofá ar an seanfhocal a deir gur binn béal ina thost. Uaireanta.”

    Níl sé go hiomlán soléir cad atá i gceist agat le seo, ach is dócha go bhfuil an mhéid atá á rá agat leis an Uachtarán ná gan aonrud a rá mura n-aontaíonn tú fhéin leis, a Chathail.

    Ó thaobh an ionsaí a rinneadh ar chóras faisnéise an HSE, níl bhaint aige sin le ceist an neodrachais i mo thuaraimse. Is ceist cosanta é sin agus is féidir le Rialtas na hÉireann an cosaint atá againn a fheabhsú agus neodrachais a coimeád.