Litir chuig duine óg faoin athrú aeráide…in 2039

Beidh mórstailceanna scoile faoin ngéarchéim aeráide ar siúl ar fud an domhain amárach, Dé hAoine 20 Meán Fómhair. Cén chaoi a bhféachfar orthu in 2039?

Litir chuig duine óg faoin athrú aeráide…in 2039

20 Meán Fómhair 2039

A Ghreta, a stór,

Is breá liom gur iarr tú roinnt cuimhní orm dod’ thogra scoile. Tá an ceart agat gur sna blianta úd sular rugadh thú, 2018 – 2020, a tháinig athrú as cuimse ar mheon an phobail faoin ngéarchéim aeráide agus an scrios a bhí i ndán dúinn go léir mura gcuirfí fuinneamh glan, sábháilte i réim go práinneach ar fud an domhain.

Maidir le cúiseanna leis an athrú, cuirimse na stailceanna scoile sa chéad áit. Tá a fhios agat, sílim, cén fáth ar tugadh Greta mar ainm ort? Laoch dár gcuid ab ea Greta Thunberg, a chuir tús leis na stailceanna. I mí Lúnasa 2018 agus í ina déagóir, shuigh sí ina haonar lasmuigh de pharlaimint na Sualainne ar feadh trí seachtaine. Cur amú ama a bhí ann dul ar scoil, a d’fhógair sí, nuair a bhí bunús iomlán na beatha á scrios ag na daoine fásta agus iad ag diúltú do na fíricí loma. Scaip gluaiseacht na stailceanna go mear agus faoi Mhárta 2019, chuaigh 15,000 scoláire ar stailc in Éirinn mar aon le 1.6 milliún eile ar fud an domhain. Ghlac na milliúin, idir óg is aosta in 160 tír, páirt sa stailc a eagraíodh fiche bliain ó shin ar an 20 Meán Fómhair 2019.

Bhí tragóidí ann freisin, faraor. Bhí rialtas gránna i réim sa Bhrasaíl, mar shampla, é faoi smacht ag comhlachtaí móra a shantaigh foraoisí na hAmasóine a leagan ar mhaithe le brabach lofa. Maraíodh daoine óga, go háirithe iad siúd ó na pobail dhúchais a throid ar son a gcearta. Rinneadh bagairtí báis ar chinnirí óga sna Stáit Aontaithe agus bhí ráflaí ann faoi ghníomhairí rúnda a bheith i mbun foréigin ar son na gcomhlachtaí ola agus guail. Níor leor go raibh an Trompallán d’amadán ag feidhmiú dóibh mar uachtarán agus gach dlí cosanta timpeallachta curtha ar ceal acu cheana.

Ach de réir mar a chuaigh an dream óg i gcontúirt damanta ar son na cruinne, tuigeadh don dream meánaosta gurbh iadsan a bhí freagrach. Thosaigh siad ag comhrá le chéile go macánta – faoi dheireadh – faoin ngéarchéim aeráide. Cuireadh brú ollmhór ar pholaiteoirí agus ar ghnólachtaí ilnáisiúnta. I mí Eanáir 2020, nuair a tosaíodh ar stailc leanúnach scoile agus deich milliún déagóir páirteach inti,  bhraith mé go raibh cúis dóchais againn.

Bhí mé féin páirteach le fada i bhfeachtais aeráide agus dul chun cinn mall déanta in ainneoin gach constaice. Ach bhí na stoirmeacha marfacha, na tinte foraoise agus na tuilte ag éirí níos fíochmhaire agus lucht rialtais de shíor ag tarraingt na gcos. Geallúintí breátha uathu ach ceadúnais fós á dtabhairt don druileáil ola, an gcreidfeá é? Deontais fós ón Aontas Eorpach d’fheirmeoirí beithíoch fiú nuair a bhí praghsanna ag teip orthu, fianaise ag méadú ar an nimhiú aeráide agus an-éileamh ar ghlasraí a sholáthar agus ar choillte dúchais a shaothrú?

Is deacair é a chreidiúint anois, dáiríre: mar a bhítí ag ithe feola gan srian sa domhan saibhir; muintir na tuaithe is na mbailte ag brath ar charranna peitril is díosail gach lá; scoileanna gan na painéil ghréine ar an díon a thuilleann airgead dóibh ar feadh an tsamhraidh. De réir a chéile is dóigh a tuigeadh i gceart na buntáistí iontacha sláinte agus pobail a bhaineann le córas iompair saor poiblí do chách, le giniúint fuinnimh ar bhonn áitiúil, le páistí a bheith ag siúl agus ag rothaíocht ar scoil go slán sábháilte. Creidim freisin gur laghdaíodh ar an ngéarchéim meabhairshláinte i measc na n-óg agus iad ag feachtasaíocht as lámha a chéile seachas a bheith sáinnithe sa chultúr iomaíoch, míthrócaireach a bhí i réim rófhada.

Tá an oiread cuimhní dúisithe agat, a Ghreta! Na sluaite a chuir stop le tógáil stáisiúin nua guail san Áis agus san Astráil, na mílte ina luí ar an talamh os comhair innealra scriosta foraoise sa Ghearmáin, an spéirling úd in Washington DC a d’fhág an Teach Bán faoi uisce ar feadh seachtaine. Agus na cásanna cúirte, ar ndóigh. San Ísiltír sa bhliain 2018 a d’fhógair breitheamh sa Chúirt Achomhairc gur ceist cearta daonna é an t-athrú aeráide agus go raibh dualgas dlí ar an rialtas gníomhú chun an pobal a chosaint. An 19 Meán Fómhair 2019 a fógraíodh toradh cinniúnach an cháis a troideadh in Éirinn. Faoin am sin bhí mórghluaiseacht XR, Reibiliún an Éaga, i mbun easumhlaíochta sibhialta ar fud na hÉireann agus i dtíortha iomadúla.

Ní hé go bhfuil an saol éasca orainn anois sa bhliain 2039, ar ndóigh. Mar thoradh ar an truailliú ollmhór, leanfaidh tubaistí aeráide i bhfad eile. Cosnaíonn siad fortún airgid orainn ba chóir a bheith againn don oideachas, don chultúr ná don uile leas eile. Bíonn na milliúin ag teitheadh fós gach bliain ó réigiúin an domhain a scriosadh ag an síorthriomach. Caithfidh do ghlúinse, a Ghreta, dul i ngleic le dúshláin chrua. Ach tá súil agam, ar a laghad, go leanfaidh saol agus sibhialtacht an duine go ceann i bhfad eile agus go neartóidh torthúlacht agus áille an dúlra ar an gcruinne seo againn feasta.

Cuir focal chugam arís faoi do thogra agus freagróidh mé pé ceist eile atá agat.

Le grá mór ó do Mhamó

– Tá eolas faoi na himeachtaí luaite san alt seo ar fáil anseo.Tá an scríbhneoir Anna Heussaff gníomhach le feachtais aeráide le fada agus craoladh an píosa cumhachtach seo léi ar an tsraith Meascra ar Raidió na Gaeltachta, atá ar fáil anseo

Fág freagra ar 'Litir chuig duine óg faoin athrú aeráide…in 2039'

  • Seosamh Watson

    Tá an briathar tugtha go soiléir le tamall. Bíodh beart dá réir ag cách anois!