Lá ár bpósta – ar ceal. Mí na meala i Nua-Eabhrac – déan dearmad air. An t-agallamh mór – gach seans nach mbeidh tásc ná tuairisc ar an ngnó i ndiaidh na paindéime, gan trácht ar an bpost.
Ach déanta na fírinne, táim buíoch as an mbriseadh seo i gcúrsa an tsaoil. Nach bhfuil gá le briseadh chun tú féin a mhúscailt?
Tóg go bog é. Ná bain an cloigeann díom, le do thoil.
Ach oiread le gach duine eile, bím ar mo ghlúine ag guí go dtiocfar ar vacsaín chomh luath agus is féidir. Is é atá á rá agam ná nuair a thit an tóin as chuile rud, níos boige a thuirling cuid againn ná a chéile.
Airíonn daoine an gnáthshaol uathu ach tá roinnt mhaith againn ann nach raibh riamh róthógtha leis.
Caithfidh go bhfuil fonn orm casadh le mo chairde arís? An ag magadh atá tú? Tá an scoitheadh sóisialta á chleachtadh agam le fada. Ba mhór an t-iontas dom é nár iarr an rialtas ormsa na treoirlínte a scríobh faoin scoitheadh sóisialta céanna.
Sular tháinig an phaindéim in áit na paindéime, an 9-go-5, bhíodh sé de nós agamsa am lóin a chaitheamh liom féin ag léamh filíocht Nuala Ní Dhomhnaill i gcaifé éigin nó ag tabhairt cuairt ar Oscar Wilde sa Père Lachaise. Nach deas go bhfuil leithscéal níos réasúnta anois agam chun fanacht glan ar dhaoine eile?
Is breá liom am a chaitheamh ag cur aithne ar Pháras. Baineann sé an anáil díom gach uile lá. Cé a cheapfadh go mbeadh aon rud a rinne an duine féin chomh foirfe sin? In ainneoin chuile iarracht atá déanta agam, tuigim i mo chroí istigh go bhfuil mo shúile rólag is m’intinn róbheag chun áilleacht na cathrach seo a fheiceáil i gceart, gan trácht ar í a thuiscint gceart.
Bhí sé de nós agam bualadh isteach sa Louvre, nó sa Musée d’Orsay agus mé ar mo bhealach abhaile ón obair. Ach ’sé an rud faoi Pháras ná gur leor dul ag spaisteoireacht taobh istigh de 1km de d’árasán chun gliondar a chur ar do chroí.
Murach an phaindéim seo, ní bheadh a fhios agam go raibh Samuel Beckett ina chónaí fá scread asail díom. Agus diabhal go raibh a fhios agam go mbíodh sé de nós aige dul amach ag siúl le James Joyce ar l’île aux Cygnes? – an t-oileán beag i lár na Séine ar a mbím féin ag siúl chuile lá beo agus mé ar mo bhealach go dtí an Tour Eiffel.
Níor leag mé cos i m’oifig i République le breis is dhá mhí agus ní fios dom cathain a bheidh a bheidh mé ag filleadh uirthi. Cé a dúirt nach n-éisteann Sé lenár bpaidreacha ó am go chéile? Níl cur síos ar a chantalaí a bhíonn mé nuair a chuirtear isteach orm agus mé i mbun pinn chun iarraidh orm ruainne beag oibre a dhéanamh.
Go bhfóire Dia orm, bhí mé cráite ag mo chomhoibrithe.
Oibrím sa rannóg fiontraíochta sa scoil ghnó is sine ar domhan, áit ina mbíonn na boic mhóra ag spalpadh na gnáthsheafóide faoi l’improbable. Is féidir leat an lámh in uachtar a fháil ar an éiginnteacht, dar leo féin.
Ní hamháin sin ach b’fhiú duit dul ar thóir l’improbable, mura miste leat.
Cé a cheapfadh go mbeadh an ceart acu? Anois, agus muid sáite i lár na tréimhse is improbable riamh, éirím níos luaithe agus oibrím mar a bheadh tine ar mo chraiceann, fiú ag an deireadh seachtaine. Nílim i m’aonar, ná baol air. Tá an-chuid daoine ag glacadh leis an deis seo chun tús áite a thabhairt do na rudaí a bhí fágtha i leataobh acu, na rudaí a bhí dearmadta agus gan aon trácht orthu le linn réimeas uafásach an ghnáthshaoil.
Is minic a chloistear go mbeidh lorg na tréimhse seo le feiceáil go glan soiléir ar an saol atá amach romhainn. Do roinnt daoine a bhfuil an t-ádh orthu, is iontach an rud é sin.
Cinnte, tá na pleananna a bhí déanta againn ina smidiríní. Tá mo bhainis féin ar ceal, tá an chuairt ar Nua-Eabhrac agus an t-agallamh mór don phost mór idir dhá cheann na meá.
Nach cuma? Ní chuireann na rudaí sin lá buartha orm.
Beidh am agus áit ann do na rudaí sin a luaithe agus is féidir.
Idir an dá linn, vive l’improbable!
Laura
Is iomaí cor sa tsaol! Great take on it all, hope to read more from you soon :)
Patrick Neary
Maith thú a Eilis,
An-suimiúil ar fad!
Rob
Dearcadh spéisiúil ar do shaol san am deacair seo.
Patrick
An-suimiúil a Eilis.
Maith thú.
Helena
Go hálainn Éilís. Bhain mé an-taitneamh as an bpíosa. Nach iontach an nasc atá idir Páras agus an tír seo. Lean ort ag scríobh.
Greg
An-spéisiúl go cinnte. Tá an pictiúr go hálainn. Cuireann sé fonn orm cuairt a thabhairt ar Pharás.
Bernie
Comhghairdeas leat a Éilís. Is breá liom do scéal. Táim ag tnúth le go mór scéalta eile.
alan titley
Faoi ghlas i bPáras! Ní shamhlaím príosún ar bith leis sin…. Píosa álainn.
Sinéad
Ar fheabhas agus iontach. Lovely read, very true, great time for self reflection.
Yara FARAG
Très beau témoignage. Vrai, poétique, touchant ! Une période aussi difficile que fascinante de la vie de Paris…
Mary Cullen
Maith sibh ! Scéal iontach
Hamed
C’est vrai que Paris ne cesse pas de nous surprendre. Il y a toujours quelque chose de nouveau à découvrir. Une article très intéressante.
Natalia ANDIA CALVO
Viva lo Improbable ¡¡
Breege
Píosa deas le léamh ag an am seo. Go raibh maith agat.
Aine Cullen
Maith thú Eilis, alt an-spéisiúil. Ag súil le níos mó píosaí scríbhneoireachta a léamh uait.
Maximilian
Herrliche Stadt, ich hoffe das Wetter ist gut!!
Chris Neary
Thar Cionn. Ba bhrèa liom d’alt a lèamh.
Anne-Marie Vialle
Merci pour ce joli article. Belle photo. A bientôt
Sylvain
Merci Eilis pour ce papier qui résume très bien l’expérience de la vie parisienne en période de confinement ! C’est sincère, précis et pertinent pour celui qui voudrait sentir Paris vivre à l’heure du Covid-19. Et évidemment navré pour ce mariage reporté :(
Carole MATHIEU
Super
Paris désert, Paris improbable.
Une pause propice à la réflexion
Frances Cullen
Tá an t-àdh leat a bheith ag fanacht i bPáras i rith an t-am seo. Tá éad orm.
Shane Cullen
Is breá liom an tslí go luann tú na scribhneoirí Gaelacha. N’fheadar cad a cheapfadh siad faoin saol mar atá anois. Agus an phíosa seo leite agam, tá fonn orm filleadh go Páras – ach is fearr fanacht go dtí go bhfuil Covid 19 thart!
Sophia
Wunderbar Eilis!
Ronan
Alt iontach. Maith thú.
James Dunlea
Alt iontach Eilis, bhain mé an-taitneamh as é a léamh.
Darragh
Vive l’improbable, cinnte!
Áine
Alt an suimuil, go raibh míle maith agat.
Máire Uí Ghloinn
Go hiontach Eilís. Bhain mé an-taitneamh as. Scríbhneoireacht iontach agus suimiúil.
Máire O’Callaghan
Scéal iontach agus álainn. Your writing brings back such fond memories of Paris. Bhíos chun filleadh go bPáras i mí Bealtaine, le mo mháthair a bhíodh ina conaí ann na blianta ó shin nuair a bhí sí san ollscoil (taréis an cogadh domhanda), ach táimíd faoi ghlas i gCeanbara freisin. An bhliain seo chugainn, le cúnamh Dé.
Tá súil agam go gcoimeadfaidh tú ag baineamh an-taitneamh as an t-am a chaitheann tú i bPáras. C’est une ville magnifique et avoir le temps est rare, alors profitez-en.