Líon na ndaoine a fuair bás de bharr Covid-19 níos ísle ná mar a tuairiscíodh – staidéar nua

De réir anailíse atá déanta ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, ní bhfuair oiread daoine bás de bharr Covid-19 is a thugtar le fios na figiúirí oifigiúla

Líon na ndaoine a fuair bás de bharr Covid-19 níos ísle ná mar a tuairiscíodh – staidéar nua

Níl líon na ndaoine a raibh Covid-19 orthu agus a fuair bás le roinnt míonna anuas ag teacht leis an ardú a tháinig ar líon na marbh sa tréimhse chéanna a deirtear i dtuarascáil nua.

De réir anailís atá déanta ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA), bhí líon na marbh sa tréimhse sin i bhfad níos ísle ná líon na mbásanna de bharr Covid-19 a fógraíodh.

Bunaithe ar staidéar a rinneadh ar na fógraí báis ar RIP.ie, deirtear sa tuarascáil gur tháinig ardú 13% ar líon na ndaoine a fuair bás sa stát idir mí an Mhárta agus mí an Mheithimh i mbliana i gcomparáid le blianta eile.

Suas le 1,200 duine sa bhreis a fuair bás i mbliana ach deirtear go bhfuil an figiúr sin fós cuid mhaith níos ísle ná an 1,709 duine ar fógraíodh gur bhásaigh siad de bharr Covid-19 sa tréimhse chéanna.

Míniú amháin a thugtar i dtuarascáil HIQA ar an neamhréir idir na figiúirí ná gur cuireadh san áireamh daoine a raibh an coróinvíreas tolgtha acu ach a raibh siocair eile lena mbás.

Dúirt Príomheolaí HIQA, an Dr Conor Teljeur, go raibh méadú 33% ar líon na ndaoine a fuair bás idir an 25 Márta agus an 5 Bealtaine i mbliana, nuair ba mheasa a bhí an víreas.

Dúirt sé áfach gur lú daoine a bhásaigh sna ceithre seachtaine deireanacha den staidéar i gcomparáid le blianta eile.

Rinneadh anailís sa tuarascáil chomh maith ar an ardú a tháinig ar líon na marbh sa stát i gcomparáid le tíortha eile san Eoraip.

As an 23 tír a ndearnadh staidéar orthu, sa lár a bhí Éire, san 11ú háit ó thaobh an mhéadaithe a tháinig ar líon na marbh idir an 11 Márta agus an 16 Meitheamh.

Tháinig méadú níos mó ar líon na marbh sa tréimhse sin i dTuaisceart Éireann de réir na hanailíse.

Is i Sasana a tháinig an méadú is mó ar líon na marbh sa tréimhse sin i gcomparáid le blianta eile ach bhí ardú mór i gceist sa Spáinn, sa Bheilg agus san Ísiltír chomh maith.

Tháinig laghdú ar líon na marbh san Iorua i gcomparáid le blianta eile.

De réir taighde a rinne Tuairisc.ie cheana, tháinig laghdú ar líon na ndaoine a bhásaigh sa Ghaeltacht in Aibreáin agus Bealtaine na bliana seo i gcomparáid leis an mbliain seo caite.

Fág freagra ar 'Líon na ndaoine a fuair bás de bharr Covid-19 níos ísle ná mar a tuairiscíodh – staidéar nua'