Líon an-íseal cásanna i bhformhór na gceantar Gaeltachta ach ardú suntasach i gCorca Dhuibhne

De réir na staitisticí is deireanaí, deimhníodh níos lú ná cúig chás in achar coicíse i seacht gcinn den 13 toghcheantar sa stát ina bhfuil Gaeltacht 

Líon an-íseal cásanna i bhformhór na gceantar Gaeltachta ach ardú suntasach i gCorca Dhuibhne

Tá figiúirí Covid-19 íseal i bhformhór na gceantar Gaeltachta ar fud na tíre ach tháinig ardú suntasach ar líon na gcásanna nua i gCorca Dhuibhne le roinnt laethanta anuas.

De réir na staitisticí is deireanaí, deimhníodh níos lú ná cúig chás in achar coicíse i seacht gcinn den 13 toghcheantar sa stát ina bhfuil Gaeltacht. 

Ach tá ráta scaipthe an víris in iarthar Chiarraí méadaithe níos mó ná faoi dhó ó lár na míosa seo, áfach.

Fógraíodh an tseachtain seo caite gur deimhníodh seacht gcás ar fad i gCorca Dhuibhne idir an 2-15 Márta ach 16 cás a deimhníodh idir an 9-22 Márta.

Fágann sin go raibh ráta scaipthe 113 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar le linn na tréimhse is déanaí, ardaithe ó 49. Sin ardú os cionn 130% i gCorca Dhuibhne ach ráta atá i bhfad níos ísle ná an meán náisiúnta mar sin féin,

Meánráta 158 a bhí i gceist ar fud na tíre le linn na tréimhse seo, suas ó 148. B’in an chéad uair ó thús na bliana go raibh ardú á fhógairt ar an meánráta náisiúnta.

Tháinig laghdú ar líon na gcásanna nua i roinnt ceantar ar fud na tíre.

As an 166 toghcheantar ar fad sa stát, bhí níos lú ná cúig chás le fógairt i 14 acu idir an 9-23 Márta agus bhí ceantair Ghaeltachta i gceist le leath acusan.

Bhí níos lú ná cúig chás le fógairt i Maigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, don tríú seachtain as a chéile. Is í seo an dara seachtain as a chéile a raibh níos lú ná cúig chás sa dá thoghcheantar i gConamara, Thuaidh agus Theas; agus sa Neidín i gCiarraí, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Den chéad uair ó mhí Mheán Fómhair, tráth ar tosaíodh ag foilsiú na bhfigiúirí seo, bhí níos lú ná cúig chás le fógairt sna Gleannta i nDún na nGall, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Thír Chonaill.

Níos lú ná cúig chás a bhí le fógairt freisin sa dá thoghcheantar Gaeltachta i Maigh Eo – Béal an Mhuirthead agus Cathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh. 

D’fhan an ráta i nDún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, mar a chéile an tseachtain seo. Naoi gcás agus ráta 44 a bhí sa toghcheantar arís idir an 9-22 Márta.

Tháinig ardú mór ar líon na gcásanna a deimhníodh le linn na tréimhse sin i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach in iarthuaisceart Dhún na nGall. D’ardaigh líon na gcásanna ó 5 go dtí 29 le seachtain anuas agus d’ardaigh an ráta scaipthe ó 36 go dtí 211, ardú 486%.

Thit líon na gcásanna i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae ó 15 cás go dtí 12 cás. Ráta 45 a bhí sa cheantar sin.

Ráta 173 agus 56 cás a bhí le fógairt i gCeannanas, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, suas ó 52 cás an tseachtain seo caite.

Bhí 38 cás nua agus ráta 122 i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn.

Fág freagra ar 'Líon an-íseal cásanna i bhformhór na gceantar Gaeltachta ach ardú suntasach i gCorca Dhuibhne'