Lingua Musica

Déanfar ilghnéitheacht teanga agus chultúrtha na hEorpa a cheiliúradh Tigh Faoláin i mBaile Átha Cliath Dé Máirt seo chugainn, an 16 Nollaig.

kila
Kíla

Ag ócáid a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath, Dé Máirt, 16 Nollaig, déanfar ceiliúradh ar an ilghnéitheacht teanga agus chultúrtha san Eoraip.

Tá Lingua + Musica á eagrú ag Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin agus ag Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn, i gcomhar leis an gcomhlacht Gaelchultúr (www.gaelchultur.com), chun Lá Eorpach na dTeangacha 2014 a cheiliúradh, agus is é an phríomhsprioc atá leis an imeacht ná tábhacht an ilteangachais a chur ar a súile don phobal.

Beidh an t-imeacht ar siúl san ionad Upstairs@Whelan’s (www.whelanslive.com) ar Shráid Loch Garman i lár na cathrach agus cuirfear tús leis ar 7.00pm. Ní bheidh aon táille iontrála i gceist ach is gá ticéid a chur in áirithe roimh ré ag linguamusica.eventbrite.ie chun cead isteach chuig an imeacht a chinntiú.

Sa chéad chuid den oíche, beidh ceardlann teanga ar siúl. Múinfear comhrá simplí i gceithre theanga éagsúla don lucht éisteachta agus tabharfar deis dóibh ansin siúl timpeall an tseomra agus na comhráite sin a chleachtadh lena chéile. Cuirfear tús leis an gceardlann seo ar 7.15pm agus mairfidh sí go dtí 7.45pm.

Beidh ceol agus amhráin ó réimse tíortha agus teangacha le cloisteáil sa dara cuid den oíche, a thosóidh ar 8.00pm.

I measc na n-aíonna a bheidh le feiceáil, beidh Moxie, grúpa a bhfuil an-tóir orthu faoi láthair; Kíla (le Rónán Ó Snodaigh, Eoin Dillon & Seanan Brennan), atá i ndiaidh aird a tharraingt ar an nGaeilge trína gcuid ceoil le blianta fada anois, ní hamháin in Éirinn ach thar lear freisin; Enda Reilly, ar amhránaí é a bhfuil a dhúil sa Ghaeilge agus a dhílseacht don teanga le feiceáil go soiléir ar an albam is déanaí uaidh, Amhráin Nua i nGaeilge; agus Pauline Dupont, an chanteuse Francach a bhfuil lucht leanúna dílis aici in iarthar na tíre agus atá ag filleadh ar Éirinn go speisialta don imeacht seo. Beidh roinnt aíonna speisialta eile ann ar an oíche freisin.

Beidh seastán ag an gCoimisiún Eorpach ag Lingua + Musica chun Lá Eorpach na dTeangacha agus Juvenes Translatores a chur chun cinn, áit a mbeidh teacht ar eolas faoi na deiseanna fostaíochta atá ar fáil sna hinstitiúidí Eorpacha.

Rinneadh ceiliúradh ar an éagsúlacht teanga san Eoraip le linn Bhliain Eorpach na dTeangacha in 2001. D’éirigh chomh maith sin leis gur bheartaigh Comhairle na hEorpa Lá Eorpach na dTeangacha a cheiliúradh gach bliain.

Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Lingua + Musica ach glaoch ar Ghaelchultúr ag an uimhir (01) 484 5220 nó ríomhphost a chur chuig eolas@gaelchultur.com. Ar Facebook, cuardaigh ‘Lingua + Musica’, le do thoil.

Is féidir agallaimh a eagrú do na meáin ach teagmháil a dhéanamh le hÉamonn Ó Dónaill (Gaelchultúr) ag an uimhir (01) 484 5220; le Rónán Mac Murchaidh (Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn) ag (01) 634 1111; nó le hÓrla Nic Shuibhne ag (086) 302 9839.