Liberté, égalité, Mbappé! An bhfíorófar aisling nua na Fraince?

De shliocht inimirceach 19 den 24 duine i scuad na Fraince a thug leo Corn an Domhain, ach an athróidh aon ní dá bharr?

Liberté, égalité, Mbappé! An bhfíorófar aisling nua na Fraince?

Liberté, égalité, Mbappé! Sin an gháir mholta nua sa bhFrainc agus iad ag ceiliúradh a mbua i gCorn an Domhain.

Ní ar an déagóir cumasach féin amháin atá na gártha molta dírithe, ach ar an bhfoireann agus ar an tír féin. Creideann go leor go mbeidh an fhoireann sacair agus a ngaisce i gCorn an Domhain mar ugach, ardú croí agus malairt bhisigh don tír ar fad. Ceapadh an rud céanna faoin bhfoireann a bhuaigh an Coupe du Monde i 1998.

Tráth an ama sin, dúirt an té a bhí ina cheannaire  ar an bhFronta Náisiúnta, Jean Marie le Pen, gur eachtrannaigh iad leithéidí  Zinedine Zidane nach gcasfadh an Marseillaise. Tá cúlra Ailgéarach ag Zidane ach rugadh agus tógadh sa bhFrainc é. Tháinig a mhuintir chun na Fraince sular thosaigh an cogadh ar son neamhspleáchais san Ailgéir i 1954. Ach is é an cogadh sin agus a oidhreacht a spreag go leor de na deacrachtaí i sochaí na Fraince le blianta fada anois.

Tar éis an chogadh agus i rith na seascaidí tháinig na milliúin ar a dteitheadh agus ar imirce as Tuaisceart na hAfraice chun na Fraince. Ní dhearnadh aon iarracht iad a chomhtháthú i sochaí na Fraince. Tógadh blocanna móra árasán sna banlieues, i mbruachbhailte nua inar cuireadh tithíocht ar fáil do na himiricigh. Níor cuireadh seirbhísí ná áiseanna cuí ar fáil dóibh agus b’ionann na bruachbhailte seo agus domhan beag Afracach scoite amach ón bhFrainc. Mar a bheifeá ag súil leis, d’eascair deacrachtaí sóisialta, leibhéal ard dífhostaíochta agus coiriúlachta as seo ar fad. I measc na bhFrancach d’fhás an ciníochas agus an leatrom agus, dá bharr sin ar fad, thosaigh tuilleadh  daoine ag tacú leis an Front National.

Ní i bPáras amháin atá na deacrachtaí seo mar tá fadhbanna i go leor de chathracha móra na tíre. Is beag a rinneadh le haghaidh a thabhairt ar an scéal nó cuidiú leis na daoine óga seo a rugadh sa bhFrainc ach nár caitheadh mar a chéile leo is a caitheadh le daoine eile.

Is cuid de na daoine óga seo iad an fhoireann sacair reatha. Is de bhunadh na hAfraice 80% acu agus is Ioslamaigh a leath. De ghnáth, lucht tacaíochta Marine Le Pen is amhlaidh go mbeidís ag iarraidh a leithéid sin daoine a dhíbirt as an tír. Ná déanadh muid dearmad gurbh í Le Pen a bhí in iomaíocht le Émannuel Macron sa dara babhta den toghchán uachtaránachta in 2016 seachas iarrthóir ó cheachtar de na páirtithe traidisiúnta.

Léirigh an toghchán sin an mhíshocracht atá sa bhFrainc agus an tír ina cíor thuathail ar bhealaí go leor. Ó tharla ionsaithe Charlie Hebdo agus an Bataclan, tá staid éigeandála i bhfeidhm sa tír. Bhí an fhoireann ghaisciúil seo atá á moladh le seachtain ag imirt sa Stade de France an oíche úd i mí na Samhna 2015, agus tá cuimhní na hoíche sin fós ag goilliúint go mór ar na Francaigh. Tá a dtionchar ar phobal na tíre soiléir freisin.

Scanraíodh mé féin le linn cuairte ar Pháras anuraidh agus buíonta saighdiúirí le feiceáil ar dualgas go rialta i lár na cathrach. Tá cumhachtaí láidre nua tugtha do na póilíní le daoine a ghabháil agus a cheistiú. Tá imní léirithe ag saineolaithe cearta daonna faoi na dlíthe nua seo. Roinnt acu den tuairim gurb é an toradh fadtéarmach a bheidh ar na dlíthe nua ná cur leis an mbaol ionsaithe agus an claonadh i dtreo an fhoréigin.

Obair mhór mar sin d’uachtarán óigeanta a bhfuil gean aige ar an sacar agus a chreideann go dtugann scéal Chorn an Domhain léargas ar an áit gur mhian  leis-sean a bheith ag an bhFrainc ar ord fiúntais domhanda. Tá deacrachtaí inmheánacha go leor le réiteach, áfach, go háirithe i gcás shliocht na n-imirceach. Bheadh súil agam dá fheabhas iad nach ar ghuaillí Mbappé agus na ngaiscíoch óg eile a thug an Corn abhaile leo a thitfidh sé fís an Liberté, Égalité, agus Fraternité, a chur i gcrích.

Fág freagra ar 'Liberté, égalité, Mbappé! An bhfíorófar aisling nua na Fraince?'