Liadh Ní Riada roghnaithe ag Sinn Féin – an chéad iarrthóir ar an uachtaránacht as an nGaeltacht

Tá an Feisire Eorpach as Múscraí Liadh Ní Riada roghnaithe mar iarrthóir Shinn Féin ar thoghchán na huachtaránachta

Liadh Ní Riada roghnaithe ag Sinn Féin – an chéad iarrthóir ar an uachtaránacht as an nGaeltacht

Liadh Ni Riada. Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews

Is í Liadh Ní Riada an chéad duine riamh as an nGaeltacht le tabhairt faoi thoghchán uachtaránachta agus ainmniúchán Shinn Féin faighte inniu aici do thoghchán na míosa seo chugainn.

Is as Gaeltacht Mhúscraí don Fheisire Eorpach agus duine í de mhuintir Riada, an chlann mhór cheoil.

Iníon í Liadh le Ruth agus Seán Ó Riada, a bhásaigh nuair a bhí sí óg. Duine de mhórcheoltóirí agus de mhórchumadóirí na hÉireann é Seán Ó Riada. Tá Liadh Ní Riada 51 bliain d’aois agus triúr iníonacha atá aici féin agus a fear céile Nicky Forde. Toghadh ina feisire Eorpach í in 2014 agus d’oibrigh sí mar oifigeach Gaeilge Shinn Féin roimhe sin. Léiritheoir agus stiúrthóir teilifíse ab ea í sula ndeachaigh sí leis an bpolaitíocht agus i measc na gclár a rinne sí bhí clár faisnéise a raibh baint ag Micheál D Ó hUigínn leis, an té a mbeidh a dhúshlán á thabhairt anois aici i dtoghchán na huachtaránachta.

Ba é Ó hUigínn chomh maith a cheap í ar choiste bunaithe Theilifís na Gaeilge i 1993.

Dúirt an Feisire Eorpach inniu gur “onóir mhór” di seasamh don uachtaránacht do Shinn Féin agus leag sí béim ina a céad óráid mar iarrthóir ar a cúlra Gaeltachta.

“My personal background has given me a deep appreciation of Ireland’s unique identity and culture, its place in the wider world and a strong commitment to a United Ireland.

“D’fhás mé aníos in Iarthar Chorcaí, áit lena bhaineann stair phoblachtach bhródúil. Tógadh mé i nGaeltacht Mhúscraí i dteaghlach le Gaeilge, agus mar iníon le Seán Ó Riada, ba nádúrtha dom bheith tumtha ina oidhreacht cheolmhar.”

Dúirt sí go dteastaíonn uaithi “a bheith mar Uachtarán Nua d’Éirinn nua” agus go mbeadh sí “mar ghuth ar son Éire chomhbhách, Éire chóir; Éire in a bhfuil dídean ag gach páiste ina mbaile féin”. Mhaígh Ní Riada go bhfuil “fís” aici “d’Éirinn nua atá iolrach agus ionchuimsitheach…Fís d’Éirinn aontaithe ina bhfuil meas léirithe dár bhféiniúlachtaí agus traidisiúin ar fad”.

“Táim ag iarraidh oraibh a bheith liom ar an turas seo amach romhainn, agus mé ag seasamh os bhur gcomhair mar dhuine daoibh, bean bhródúil phoblachtach, ag iarraidh oraibhse tacú liom chun bheith mar Uachtarán do gach éinne,” a dúirt sí.

Baineann Ní Riada le glúin nua de pholaiteoirí de chuid Shinn Féin a toghadh don pháirtí i dtoghcháin thall agus abhus le tamall de bhlianta anuas.

Mar Fheisire Eorpach tá sí ina ball de thrí choiste – an coiste buiséid, an coiste iascaireachta agus an coiste oideachais agus cultúir. Ó toghadh chun Pharlaimint na hEorpa í in 2014 tá suim léirithe aici i gceisteanna a bhaineann leis na réimsí sin agus i gceisteanna a bhaineann le cearta an duine, cearta mionlaigh agus cúrsaí timpeallachta.

Mar bhall de Shinn Féin i bparlaimint na Bruiséile baineann Ní Riada leis an nGrúpa Cónasctha den Chlé Aontaithe Eorpach agus den Chlé Ghlas Nordach agus tá sí ina rapporteur ag an ghrúpa sin fad is a bhaineann sé le cúrsaí an Bhreatimeachta.

Fágann ainmniúchán Uí Riada go mbeidh beirt chainteoirí Gaeilge san iomaíocht i dtoghchán na huachtaránachta – an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus bean Mhúscraí. Tá ainmniúcháin faighte chomh maith don toghchán ag na fir ghnó Seán Gallagher agus Gavin Duffy agus ag an Seanadóir Joan Freeman.

Fág freagra ar 'Liadh Ní Riada roghnaithe ag Sinn Féin – an chéad iarrthóir ar an uachtaránacht as an nGaeltacht'

  • Helena Lordan

    Ana-rogha. Comhghairdeachas Liadha.

  • Bernadette Ui Mhurchú

    Go n-éirí leat a Liadh!

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Ba chóir dí anois cine a dhéanamh labhairt i nGaolainn amháin le linn an fheachtais!

  • An Teanga Bheo

    An mbeidh vóta anois ag Gaeltacht i gcéin mar atá ag Eorpaigh eile i gcéin ag baile ina dtír fhéin
    cothrom is cearta daoine i gceist againn ?