Léirmheastóirí Ocean’s 8 dall ar léargas na mban agus doicheallach roimhe

An bhfuil cead ag mná cliste claonta a gcuid féin a dhéanamh den scannán robála gan plíoma fir éigin a bheith ag déanamh spior spear díobh?

Léirmheastóirí Ocean’s 8 dall ar léargas na mban agus doicheallach roimhe

An bhfuil aon áit ar domhan gur féidir le bean suaimhneas Dé a bheith aici ó thuairimí claonta agus meon maslach an leath is lú de dhaonra an domhain?

Níl cead aici, de réir dealraimh, scannán éadrom neafaiseach, leithéidí Ocean’s 8, ina bhfuilimid ábalta mná cliste claonta a fheiscint gan plíoma éigin mórchúiseach a bheith a’ déanamh spior spear den genre seo, i.e. mná a’ déanamh a leagan féin de genre a bhfuil ár gceann bodhar aige ó chéad-chonaiceamar leithéidí Hawaii Five-O fadó fadó.

’Sé sin coirpigh ag fiosrú, ag pleanáil agus ag cur rógaireacht is gadaíocht i gcrích le stíl agus le style.

Admhaím nach bhfuil aon charranna ag imeacht ar luas lasrach trí shráideanna cathrach, trí bhruachbhailte, ag cur sceon is sceimhle ar chách…

Níl gleo ná gliotram gunnaí le clos. Níl foréigean forleathan ná dímheas ná forlámhas ar mhná ann mar is béas le James Bond.

Is é atá ann, scata ban cliste cladhartha ar spéis leo smideadh is éide den stíl is déanaí agus is oiriúnaí don ngnó atá ar bun acu. ’Sé sin seoid diamanté gurbh fhiú na céadta milliún é a ardach leo agus an chreach a roinnt.

Bhí na mná seo lán go barra den rógaireacht agus den bhithiúntaíocht. Bhí fios a gcúraim acu. Níor loirgíodar cead ar éinne, pé ní a bhí uathu a dhéanamh. Chuireadar an dallamullóg ar lucht slándála, fireann. Bhí bús acu. D’éirigh leo an lámh in uachtar a fháil.

Chuir formhór na léirmheastóirí i gcomparáid scannán seo na mban le leaganacha eile den tsraith Oceans ina raibh aisteoirí fireannacha in uachtar agus an bhaineannach in áit na leathphingine. I ndearcadh agus i meon an léirmheastóra fhireannaigh, ní rómhaith a éiríonn leo.

An teachtaireacht: Ná bíodh sé de choráiste ná de mhuineál ag mná teacht i dtír ar a leithéid ná aithris a dhéanamh air. Ná bíodh a gcur chuige ná a léamh féin acu. Níl aon chead acu. Níl aon áit ann dóibh. Cúbaidís chucu féin.

D’aithin Cate Blanchett an fhadhb go neamhbhalbh í féin in agallamh rinne sí leis na meáin i dtaobh an bheag is fiú atá á dhéanamh ag léirmheastóirí nach mná iad ar an scannán Ocean’s 8.

Tagaim leat, a Chate! Chaith mé féin is cara liom tráthnóna breá pléisiúrtha a’ féachaint ar an scannán san Phoenix i nDaingean Uí Chúise. Bhaineamar lán na súl as na héadaí áille a bhí á gcaitheamh ag na mná breátha cliste, leithéidí Sandra Bullock, Rihanna. Anna Hathaway, agus Helen Bonham Carter, gan trácht ar Chate álainn Blanchett. Níor bhraitheamar uainn carranna a’ déanamh gleo ar shráideanna cúnga. Níor bhraitheamar uainn aon iompar machismo. Níor bhraitheamar uainn rólanna dara grád ag mná. Ní raibh na mná seo a’ tindeáil ar éinne.

Bhaineamar sásamh agus paiste cleachtan as Ocean’s 8. Mholfaimis d’éinne gan éisteacht le léirmheastóirí a deir a mhalairt.

Fág freagra ar 'Léirmheastóirí Ocean’s 8 dall ar léargas na mban agus doicheallach roimhe'