LÉIRMHEAS: Draíocht na gCártaí Tarot, Bob Dylan agus filíocht na Gaeilge

Bhí ár léirmheastóir faoi gheasa ag seó de chuid IMRAM a phléigh le tionchar na gcártaí Tarot ar an gcruthaitheacht

LÉIRMHEAS: Draíocht na gCártaí Tarot, Bob Dylan agus filíocht na Gaeilge

Dá mbeadh an file Teofilo Folengo beo inniu bhainfeadh sé an-spraoi as leithéidí Motherfoclóir agus ‘The Irish For’ ar Twitter, agus as an bpleidhcíocht a bhíonn ar bun leis an dátheangachas ar líne. Mar shampla, an siopa tatú: ‘Cunas A Tattoo’. Nó an bhainis idir an fear Giúdach agus an bhean Chaitliceach: an mbeadh sé sin cóisir?

Ní raibh mórán tráchta ar Teofilo Folengo in amharclann Smock Alley Dé Domhnaigh ach ní fhágann sin nach raibh a lorg ar An Túr: Tionscadal an Tarot. Agus bhí teachtaireacht ann freisin, b’fhéidir, don ghlúin #MeToo.

Rugadh Folengo san Iodáil sa bhliain 1491 agus bhí sé ar cheann de na filí Macarónacha, na scríbhneoirí sin a bhain an-taitneamh as an dátheangachas, go háirithe an t-imeartas focal, an greann agus an aoir.

Ach bhí cáil níos mó ar Folengo mar an chéad fhile a bhain úsáid as na Cártaí Tarot, traidisiún ar bhain TS Eliot, WB Yeats agus fiú Bob Dylan leas as ina dhiaidh sin.

Daireana Ní Chinnéide ag labhairt. Pictiúr: Joe Breathnach

Draíocht na gCártaí Tarot a bhí mar phríomhtéama ag an seó seo.

Ócáid de chuid IMRAM a bhí ann, Liam Carson i gceannas, agus filíocht Bhéarla ó Helen Ivory agus filíocht Ghaeilge ó Dairena Ní Chinnéide againn.

Mar is gnáth ag seónna IMRAM, Margaret Lonergan a cheap na híomhánna draíochta a bhí le feiceáil ar an scáileán. Chas Enda Reilly cúpla amhrán de chuid Dylan, a d’aistrigh Gabriel Rosenstock.

Aon duine a bhfuil suim acu i Bob Dylan, tuigeann siad an tionchar a bhí ag a chéad bhean chéile, Sara Lownds, air, agus tuigeann siad go háirithe an tionchar a bhí ag a gcolscaradh ar an amhránaí. Is do Sara a chum Dylan na hamhráin ghrá spioradálta, ‘Sad-Eyed Lady of the Lowlands’ agus ‘Sara’, agus luaitear í mar inspioráid don albam bríomhar  spraíúil Planet Waves agus an t-albam pianmhar, dorcha Blood on the Tracks.

Enda Kelly ag casadh. Pictiúr: Joe Breathnach

Chuaigh na cártaí Tarot i bhfeidhm go mór ar Sara agus chothaigh sí nasc domhain, pearsanta leis an gcárta ‘Banimpire’, cárta atá ceangailte leis an mbandia ón Éigipt, Isis.

An tsuim sin ag Lownds sna cártaí a spreag an t-amhrán ‘Isis’ le Dylan. Mar a deir sé, in aistriúchán Rosenstock:

Do phosás Ísis ar Bhealtaine a cúig

Ach níor fhan sí im’ theannta ’feadh i bhfad

Bhearras mo chuid gruaige agus b’eo liom ó thuaidh

Dtí na bólaí sin aineoil is mé sníofa im’

ghad.

Shíl Dylan go raibh baint aige féin leis an Draíodóir. Agus mar a dúirt Liam Carson, tá a albam Street-Legal ag sileadh le meafair ón Tarot. Is léir sin, mar shampla san amhrán, ‘No Time to Think’ (‘Le haghaidh Smaointe Níl Am’).

Tír na nÓg, íobairt fós, an bhásmhaireacht, an cás mar tá,

Ach is gasta é an draíodóir is a chleasa

Is íogaire ná fuil, ná dúch i do pheann

Le haghaidh smaointe níl am.

Mar seo a chuirtear tús leis an amhrán céanna:

Sa bhás, tá an bheatha an bhean is an leanbh

Ag suansiúl ’n aghaidh balla ’d bhrionglóid.

Sa phaca cártaí Tarot is coitianta, is é a bhíonn le feiceáil ar chárta an Bháis ná an Bás dorcha armúrtha ag marcaíocht ar chapall bán agus leanbh beag agus bean óg ar an talamh os a chomhair.

Ina theannta sin, deirtear gurb é an pláinéad Mearcair atá i gceannas ar an Draíodóir. Tagraíonn Dylan go díreach do seo san amhrán céanna:

Mearcair i gceannas, an chinniúint dod’ leanacht…

Bhí tionchar mór ag an gcultúr Ceilteach agus na cártaí Tarot araon ar Dhairena Ní Chinnéide.

Ina dán, ‘Scéal Faoin Tarot i Measc Triúr Ban’, téann An Banfhile i muinín na gcártaí ‘uair dá raibh sí suaite uaigneach’, ach bhí ‘smúit na míthuisceana orthu’ agus ‘ní raibh aon ghnó aici dóibh’. Nuair a leag sí amach an chros Cheilteach i dteannta na gcártaí, áfach, cuireann sí aithne ar an Diabhal, Naoi na bhFleasc,  Aon an Pheinteacail, Rí na bhFleasc, Aon na gClaimhte agus an Fear Crochta.

Bhí an Bhean Feasa, fiche bliain fásta, ‘nuair a léigh Cailleach Bhán na cártaí di don gcéad uair riamh, a fuinneamh pearsanta ag dul ó neart go neart’.

Ansin tagann an bean rua chun scéal Na gCuach a insint, agus deir sí: ‘Baineann na scéalta led’ chaidrimh. Led’ chaidreamh leat féin is do chaidreamh le daoine eile. Mar sin, gur saghas dul chun cinn atá in aistear na gCuach ar leibhéal siombalach’.

Agus sa deireadh is seanteachtaireacht atá ag Ní Chinnéide dúinn, ach ceann atá ábhartha fós do ghlúin #MeToo, b’fhéidir.

‘Ag tabhairt treoir sa dorchadas

taca dá mba ghá

don gcailín óg a d’iompaigh ina bean

a sheas ar thairseach leasa.’

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Draíocht na gCártaí Tarot, Bob Dylan agus filíocht na Gaeilge'