LÉIRMHEAS: Ba chuma an in Empirish, i mBéarla nó i nGaeilge é, saothar dea-scríofa samhlaíoch é Makaronik

Saothar é Makaronik le Dave Duggan a chuireann ceisteanna, a lúbann an saol as aithne agus a thugann ar an léitheoir machnamh a dhéanamh ar a bhfuil i ndán dúinn

LÉIRMHEAS: Ba chuma an in Empirish, i mBéarla nó i nGaeilge é, saothar dea-scríofa samhlaíoch é Makaronik

Dave Duggan lena leabhar 'Makaronik'

Is ait an mac an saol agus an ealaín fosta. Úrscéal nua, Makaronik le Dave Duggan (Cló Iar-Chonnacht, €10), a tháinig ar an tsaol mar dhráma ar dtús. Tamall beag ó shin a léirigh Aisling Ghéar an dráma Makaronik le Dave Duggan i mBéal Feirste. Ní hábhar iontais ar bith é sin nó tá clú ar Duggan le fada as a shaothar stáitse.

De réir ábhar poiblíochta don dráma, is i mBéal Feirste a bhí – nó a bheas?! – an scéal suite: ‘An bhliain 2084 atá ann agus an domhan mór faoi cheannas iomlán ag ‘an Impireacht’. Tá cosc ar an chuid is mó de theangacha na hEorpa. Cuirtear inár láthair an fiántas bagrach arbh é Béal Feirste é uair den tsaol. Is í Makaronik bean dheireanach seasta an fhóid. Ordaíonn ‘an tIonad’ di deireadh a chur lena hobair chartlainne agus iarsmaí uilig na Gaeilge a sheoladh ar ais le go gcuirfear ‘i dtaisce’ iad. Is beirt ardoifigeach iad Diarmuid agus Gráinne agus dualgas orthu a chinntiú go gcuirfear gach rud i gcrích go rianúil agus go bpillfidh Makaronik leo. Ach an mbeidh sé chomh furasta sin?’.

Is beag athrú a tháinig ar chnámha an scéil ach gur i nDoire, baile dúchais Duggan, agus sa bhliain 2584, atá an scéal anois suite. Is ionann na príomhcharachtair ach gur oifigigh mheánchéime anois iad Diarmuid agus Gráinne agus gur mó béim a chuirtear ar ‘rogha’ san úrscéal.

Ní fhaca mé an leagan stáitse agus ní thig liom a rá an bhfuil an oiread sin difir idir cuspóir an dráma agus an úrscéil. (Tá, gan amhras, ábhar M.A. sna ceisteanna sin ag scoláire inteacht amach anseo.) Chomh fada agus a bhaineann sé leis an leabhar, baineann sé le seánra an fhicsin eolaíochta; tá macalla 1984 Orwell agus eile ann gan amhras.

Is é an dea-scéala é gurb ionad iontaofa é an t-úrscéal, is é sin le rá, is féidir leis an léitheoir an leabhar a léamh as a stuaim féin agus pléisiúr a bhaint as. Tá téamaí teanga le fáil ann. Tá coimhlint idir Béarla, Empirish agus Gaeilge ar siúl ach ní bhíonn an léitheoir cinnte in am ar bith cad é an bhaint atá acu lena chéile ná cé atá i mbun na hImpireachta.

Mhothaigh mé go raibh éifeacht leis an scéal a lonnú i nDoire seachas Béal Feirste. Tá Doire ar an uaigneas, scartha ón chuid eile d’Éirinn de bharr na críochdheighilte agus scartha ó chuid mhór eile sa Tuaisceart de bharr drochbhóithre agus drochnascanna iarnróid. Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil luach lena phobal agus lena stair. Samhlaigh, lá den tsaol, gurbh é Dún na nGall imeall impireacht na Breataine. De bharr cúrsaí polaitíochta, is é Doire an t-imeall sin anois, reoite idir dhá stát, agus, de réir mar a leanann an Breatimeacht ar aghaidh, idir dhá bhloc naimhdeacha pholaitiúla.

Is cliste mar a thugann Duggan Diarmuid agus Gráinne ar an bheirt oifigeach impiriúla. Aithníonn an léitheoir na hainmneacha láithreach agus tagann an finscéal chun cuimhne. Ar a dteitheadh a bhí siad sa scéal traidisiúnta. Is ar a dteitheadh atá siad anseo fosta, ag teitheadh roimh phionós na hImpireachta agus iad ag iarraidh obair a gceannairí a chur i gcrích le fearg na gceannairí céanna a sheachaint. Beidh daor agus díbirt orthu mura ndéanann siad beart de réir briathair. (An é Fionn atá i mbun na himpireachta?)

Agus Makaronik féin? Oifigeach bunchéime de réir an leabhair ach duine daonna de réir an léitheora. Is í is lú céim sa chóras agus aithneoidh muid uilig an méid sin. Caitheann sí a saol ag cur ach ní bhaineann sí nó níl cumhacht ar bith aici. Tá sí chomh cliste le Diarmuid agus Gráinne ach ní ligeann sí an t-eolas sin leo. Is contúirteach an ní é san Impireacht seo eolas a bheith agat nár cheart a bheith agat: ‘Cuma cad é eile a dúirt siad, fúmsa nó faoin chás ina raibh muid, bhí an ceart ar fad aige sa mhéid. Ní mar an gcéanna muid in aon chor. Ach bhíomar níos cóngaraí ná mar a cheap siad. A fhad is gur féidir liom sin a choinneáil faoi cheilt, bheadh an lá liom.’

Fite fuaite tríd an scéal, tá tagairtí d’amhráin mhacarónacha, don eolas mar shonraí, don idirphlé idir an sách agus an seang. Caitheann an Impireacht scáil ar shaol na gcarachtar. Ní heol dúinn cé atá ina bun ach is eol dúinn go maireann sí de réir na láimhe láidre. Maireann bagairt buamaí i rith an ama. Níl a fhios againn cad é mar a tháinig an Ghaeilge slán agus go ndearnadh teanga dhomhanda den Empirish agus bagairt den Bhéarla. Bagairt eile atá sa teicneolaíocht, mothaíonn tú. Ceapann an teicneolaíocht gach aon fhocal ina heangach leictreonach ach ní féidir leis an teicneolaíocht ciall na bhfocal a mhíniú. Níl croí inti.

Saothar atá ann mar Makaronik a chuireann ceisteanna, a lúbann an saol atá ar eolas againn uilig as aithne agus a thugann ar an léitheoir machnamh a dhéanamh ar a bhfuil i ndán dúinn.

Saothar dea-scríofa samhlaíoch atá ann; saothar a thuilleann léamh agus athléamh.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Ba chuma an in Empirish, i mBéarla nó i nGaeilge é, saothar dea-scríofa samhlaíoch é Makaronik'

  • Breathnóir

    Aontaím leis an léirmheastóir. Is saothar fiúntach é seo a ardaíonn ceisteanna tábhachtacha, agus is deas an rud é úrscéal Gaeilge a fheiceáil ó pheann an scríbhneora bhisiúla seo.