Léiriú eile ar riachtanas an chúlstad agus neamhiontaofacht Rialtas na Breataine…

Níl cosúlacht ar bith ann faoi láthair go rachfar i mbun idirbheartaíochta le Theresa May mura gcuirfidh sí ach beartais bhrionglóideacha faoi bhráid an AE

Léiriú eile ar riachtanas an chúlstad agus neamhiontaofacht Rialtas na Breataine…

Chosain Theresa May a hathrú intinne in Westminster le briathra a bhí glan in aghaidh gach a ndúirt sí san áit chéanna coícís ó shin.

Bhí margadh Breatimeachta déanta aici, a dúirt sí ar an 15 Eanáir, nach bhféadfaí é a fheabhsú. D’iarr sí ar fheisirí a admháil nach mbeadh rialtas ar bith i Londain in ann gach rud a theastaigh ón bparlaimint a bhaint amach agus iad i mbun idirbheartaíochta sa Bhruiséil.

Ní bua iomlán mar sin, ach comhréiteach a bhí á mholadh aici, a dúirt sí. D’iarr sí ar an bparlaimint glacadh leis an margadh toisc nach raibh aon rogha eile ar fáil seachas Breatimeacht gan mhargadh, nó an Breatimeacht a chur ar ceal.

Is ar mhaithe le haontas ina páirtí féin, agus idir a páirtí féin agus an DUP, a d’fhógair an príomh-aire athrú iomlán cúrsa Dé Máirt. Níl cáineadh níos géire ar a cur chuige nua ar fáil ná an cáineadh i ngan fhios a rinne sí féin air ar a leithéid de chur chuige ar an 15 Eanáir.  Sin ráite, tá an cur chuige nua níos áiféisí ar dhóigh amháin. 

Beidh socruithe nua (‘alternative arrangements’) maidir le cúlstad na hÉireann á lorg aici sa Bhruiséil, de réir an rúin a ritheadh sa pharlaimint Dé Máirt le beannacht an phríomh-aire. Tá socruithe dá leithéid seanphléite ag an dá thaobh le dhá bhliain anuas agus gan socrú ar bith molta ag an mBreatain a dheimhneodh teorainn oscailte.

Tá geallúint tugtha mar sin ag May anois go n-iarrfaidh sí rud nach bhfuil ann agus í i mbun cainte leis an gCoimisiún sa Bhruiséil agus le ceannairí an Aontais Eorpaigh. Aisling bhréige gan mhaith a bheas á treorú, le lántacaíocht óna páirtí agus ón DUP.

Níl cosúlacht ar bith ann faoi láthair go rachfar i mbun idirbheartaíochta le Theresa May mura gcuirfidh sí ach beartais bhrionglóideacha faoi bhráid an AE. Más soiléiriú nó deimhniú nach n-athróidh an comhaontú aistarraingthe atá uaithi, sin scéal eile. Nó má iarrann sí leasú ar an bhforógra polaitiúil ina ndéantar cur síos ar an gcaidreamh nua idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, déanfar iarracht í a shásamh.

Cibé cineál idirbheartaíochta a reáchtálfar mar sin, is léir roimh ré nach mbeidh Theresa May ábalta toradh a fhógairt ina diaidh a shásóidh na Breatimeachtóirí is diongbháilte ina páirtí féin ná an DUP. Mura dtagann mórathrú intinne i réim in Westminster mar sin idir seo agus lár mhí an Mhárta, tá Breatimeacht crua anordúil ag bagairt orainn – Breatimeacht a chuirfidh riar an státchiste, cúrsaí fostaíochta agus feirmeoirí abhus faoi bhrú go tobann.

Níor cheil foinsí rialtais i mBaile Átha Cliath a míshásamh agus aidhmeanna nua na Breataine á bplé acu.

Rinne Simon Coveney cur síos géar lom díreach ar an bpolasaí nua Dé Céadaoin nuair a dúirt sé go raibh rialtas na Breataine ag iarraidh comhaontú praiticiúil a chur i leataobh agus beartais bhrionglóideacha a chur ina ionad.

“That’s what’s being asked of the Irish Government,” a dúirt an Tánaiste, “and we won’t do it.”

Cá bhfios cé mhéad feisire Caomhach a bhí i láthair in Westminster tráthnóna Dé Máirt a thuig an dochar a dhéanfadh an t-athrú cúrsa a d’fhógair Theresa May agus ar vótáil siad ina fhabhar?

Bhí éirim na vótála soiléir mar sin féin ar fud na hEorpa: ní féidir a bheith muiníneach as rialtas na Breataine agus idirbheartaíocht ar bun. 

Tá tábhacht athrú intinne an phríomhaire follasach ar bhealach eile freisin. Léirigh sé do chách go bhfuil an cúlstad riachtanach, ar fhaitíos na bhfaitíos.

Fág freagra ar 'Léiriú eile ar riachtanas an chúlstad agus neamhiontaofacht Rialtas na Breataine…'

  • Eoin Ó Murchú

    Ach b’í an aidhm a bhí leis an gCúlstad ná cinntiú nach mbeadh teorainn chrua ann. Is léir anois nach mbeidh margadh Breatimeachta ann má fhágtar an Cúlstad sa gCómhaontú agus sa gcás sin go mbeidh teorainn chrua ann. Nach ciorcal an oilc nó ciorcal an amaidis é seo?

  • MacAnRí

    An suimiúil ar fad. B’éigean do Teresa May tarraingt siar ó a margadh féin ..an duine liom leat í ?…. nach siúd an náire uirthi agus ise ag cosaint an chúlstaid nach coicís ó shin..is beag nach bhfuil aon mheas ag chuid mhaith den phoiblí uirthi…ba cheart an tAE agus an Rialtais cloígh leis an phlean céanna agus a bheith foighne…tá na roghnaithe ag May ag dul in éag agus beidh margadh déanfar leis an chúlstad, ceann leis aontú custaim (agus margadh aonar) nó Breatfhanacht…