Débhealach gnóthach atá sa BA-099 a shíneann soir ó thuaidh as Salvador agus a cheanglaíonn an chathair sin le sraith de bhailte beaga cois cósta mar a bhfuil tithe saoire ag cuid mhór de mhuintir mheánaicmeach na cathrach.
Ag filleadh ó theach saoire cara de mo chuid a bhí mé féin agus an cara sin tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite nuair a chonaic muid radharc nach bhfeictear, go hiondúil, ach i scannáin aicsin.
Ar an taobh eile den débhealach, sciorr carr a bhí ag dul ar luas ard den bhóthar, agus isteach sa stráice féir agus gairbhéil idir an dá bhealach. Ardaíodh an carr den talamh agus thosaigh sé ag iompú. I bhfaiteadh na súl a tharla sé sin ar fad ar ndóigh, ach mhothaigh mé amhail is go raibh moilliú déanta ag eagarthóir físe dofheicthe éigin ar an radharc.
Bhí an carr ar a thaobh, ag eitilt tríd an aer agus ag teacht inár dtreo ar luas lasrach, faoin am gur éirigh liom ‘Meu Deus!’ a ligean asam.
Ní fhaca mo chara, a bhí ag tiomáint ach a bhí ag méiseáil le raidió an chairr ag an am, a raibh ag tarlú go dtí an nóiméad áirithe sin.
Thuig mé láithreach nach mbuailfeadh an carr féin muid – is ait an chaoi nach dtógann sé ach milleasoicind ar an intinn cúrsaí balaistíochta a ríomh in am na práinne – ach an chéad rud eile, bhí muid ag tiomáint trí scamall donn dusta, gainimh agus gairbhéil a bhí tar éis ardú ón stráice idir an dá bhealach. Ar ámharaí an tsaoil, níor briseadh gaothscáth charr mo chara agus ar ámharaí an tsaoil, níor chaill sí féin smacht ar an roth stiúrtha de bharr na geite a baineadh aisti.
Ag dul sa treo eile a bhí muid ar ndóigh agus bhí muid imithe thar láthair na timpiste sula raibh an timpiste féin thart, ach beidh an carr sin agus í ar a taobh, ar foluain san aer, ina staic mar a bheadh i mbeochan de chuid Road Runner, greanta i m’aigne go deo. Bhí an-trua agam don tiománaí.
De réir figiúirí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) tá an Bhrasaíl ar an tríú tír is measa ar domhan ó thaobh timpistí marfacha bóthair de (an tSín agus an India amháin atá níos measa fós, agus iad san ord sin.)
Sa bhliain 2022, an bhliain dheireanach faoina bhfuil staitisticí iomlána ar fáil, fuair 32,174 duine sa Bhrasaíl bás i dtimpistí tráchta.
B’ionann sin agus 89 duine sa lá, nó triúr gach uair an chloig.
Tarlaíonn na timpistí sin in ainneoin cosc iomlán a bheith ar thiomáint faoi thionchar an óil (níl cead fiú gloine amháin) agus in ainneoin na seicphointí soghluaiste a chuireann na póilíní tráchta ar siúl go rialta, ach gan choinne.
Neamhaird ar an trácht – súile ar an nguthán póca seachas ar an mbóthar, rud atá i gcoinne an dlí freisin – a luaitear mar phríomhchúis le líon ard na ndaoine a fhaigheann bás i dtimpistí tráchta sa Bhrasaíl. Ach faillí dhaonna de chineál eile ba chúis leis an dtionóisc a chonaic mé féin agus mo chara Dé Domhnaigh seo a chuaigh thart.
Bhí tiománaí an chairr a sciorr den bhóthar agus a d’iompaigh san aer ag iarraidh fear a bhí ag iarraidh an débhealach a thrasnú de shiúl na gcos a sheachaint.
Cén saghas amadáin a thrasnódh débhealach gnóthach de shiúl na gcos, a deir tú?
Duine nach mbeadh de rogha aige ach é sin a dhéanamh toisc nár thóg na húdaráis aon tarbhealaí do choisithe.
A bhuíochas leis an gcosc iomlán ar alcól sa trácht agus le seicphointí na bpóilíní tráchta, tháinig titim 30 faoin gcéad ar líon na ndaoine a fhaigheann bás i dtimpistí bóthair sa Bhrasaíl idir 2011 agus 2022 (fuair os cionn 42,000 duine bás i dtimpistí bóthair sa bhliain 2011.)
Ach léiríonn an timpiste a chonaic mé féin agus mo chara go bhféadfaí líon na dtimpistí marfacha a laghdú go mór fós dá dtógfadh na húdaráis orthu féin é feabhas a chur ar an infreastruchtúr, a bhíonn lochtach go minic agus drochphleanáil taobh thiar de.
Fág freagra ar 'Léirigh drochthimpiste a chonaic mé ceann de na cúiseanna go bhfuil líon ard timpistí bóthair sa Bhrasaíl'