Léirigh ar tharla i mBaile Átha Cliath géarghá le gníomh níos láidre in aghaidh lucht achrainn

Ní foláir cur chuige ‘bog’ na nGardaí agus iad ag déileáil le hagóidí a eagraíonn antoiscigh a athrú

Léirigh ar tharla i mBaile Átha Cliath géarghá le gníomh níos láidre in aghaidh lucht achrainn

Ní radharc go hathradharc, a deirtear. Ní hionann sin áfach agus a rá nach féidir ceachtanna a fhoghlaim ó na heachtraí a tharla i mBaile Átha Cliath Déardaoin.

Is léir ceacht amháin cheana féin. Ní foláir cur chuige ‘bog’ na nGardaí agus iad ag déileáil le hagóidí a eagraíonn antoiscigh ón eite dheis a athrú.

Go dtí seo, faoi mar a chonaic an scríbhneoir seo i mBaile Átha Cliath agus faoi mar a tharla in áiteanna eile, thug na Gardaí cead a gcinn de ghnáth don lucht agóide. I ngach áit beagnach inar cuireadh bac ar thrácht nó ina raibh bagairt á déanamh ar iarrthóirí tearmainn (le clocha uaireanta), sheas na Gardaí i leataobh. Ní dhearnadh aon iarracht bóithre a ghlanadh ná an lucht agóide a bhrú siar.

Nuair a rinne léirsitheoirí imeaglú ar Theachtaí Dála taobh amuigh de Theach Laighean dhá mhí ó shin, thionlaic na Gardaí Michael Healy-Rae agus daoine eile a bhí faoi bhagairt ach níor ghabh siad duine ar bith a bhí á leanúint ná á maslú.

Cuireadh socruithe slándála níos déine i bhfeidhm ina dhiaidh sin taobh amuigh de Theach Laighean ach níor athraíodh an polasaí ‘bog’. Tuigtear gur thug an Coimisinéir Drew Harris le fios don Rialtas arís ó shin go gcoinneofaí cur chuige na nGardaí ar bhonn céimnithe ionas nach spreagfaí frithghníomh a bheadh níos eagraithe agus níos contúirtí.

Is féidir cur chuige tomhaiste dá leithéid a chosaint. Ba léir ó thús áfach an praghas: thug sé le fios do dhaoine áirithe, mar shampla, go mbeidís saor ó chosc agus ó phionós dá gcuirfidís bac ar thrácht ar phríomhshráid sa phríomhchathair fiú agus iad i mbun blocála nuair ba mhó an brú ar thrácht.

Tá deireadh ré an chur chuige sin sroichte anois, cé nach léir go baileach cén t-athrú a chuirfear i bhfeidhm. Gheall an Coimisinéir Drew Harris ‘athbhreithniú ó bhonn ar ár mbearta maidir leis an ord poiblí’ nuair a labhair sé le hiriseoirí Dé hAoine. Ní féidir toradh iomlán an athbhreithnithe a thuar ach thug Harris agus an Taoiseach leideanna maidir le cuid de.

Ba léir, mar shampla. an fhearg réasúnta a bhí ar an gCoimisinéir toisc gur tugadh fogha faoi Ghardaí a bhí i mbun fiosraithe ag láthair an ionsaithe ar pháistí scoile agus ar chúramóir i gCearnóg Pharnell. Meastar go gceadóidh reachtaíocht nua a gheall an Taoiseach an intleacht shaorga nó AI a úsáid chun íomhánna ar cheamaraí ciorcad iata a chíoradh.

Tá sé ráite ag daoine éagsúla leis an scríbhneoir seo ón Déardaoin nár chóir neamhaird a thabhairt ar an míshuaimhneas a chothaíonn lonnú iarrthóirí tearmainn in áiteanna éagsúla. Ní bhíonn imní dá leithéid míréasúnta scaití ach ní foláir tosaíocht a thabhairt don phríomhchontúirt tar éis an scliúchais as cuimse sa phríomhchathair.

Tá léiriú tugtha ag cúpla céad ógánach go bhfuil ar a gcumas dlí agus ord a threascairt go hiomlán, an córas iompair poiblí a chur ina lán-stad agus faitíos forleathan a chothú. Tá rabhadh i ngan fhios tugtha acu freisin go mb’fhéidir go bhfeicfear eachtra chostasach eile dá leithéid i mBaile Átha Cliath nó i gcathair éigin eile amach anseo.

Cá bhfios cé mhéad eolais a thairgfear don phobal faoi thoradh an athbhreithnithe? Is léir ónar tharla Déardaoin áfach dhá chéim chun feabhais a theastaíonn gan mhoill.

Ní choinníonn údar an cholúin seo súil ghéar ar na meáin shóisialta ach bhí an chaint ar líne ar thrioblóid i lár na cathrach follasach agus dosheachanta faoi cheann cúpla uair an chloig tar éis an ionsaithe ar na páistí agus ar a gcúramóir. Tá sé ionann agus cinnte go raibh gríosú níos láidre chun achrainn á scaipeadh go tréan ar ghréasáin a úsáideann antoiscigh.

Teastaíonn fairtheoireacht ghéar leanúnach ar a ngréasáin chun Gardaí a choinneáil ar an airdeall, ainneoin (nó mar gheall ar) ráiteas an Choimisinéara nach bhféadfaí a bheith ag súil lenar tharla tar éis an ionsaithe i gCearnóg Pharnell.

Teastaíonn feabhsú práinneach eile gan mhoill, mar is eol do dhuine ar bith a bhíonn i lár na príomhchathrach go rialtas: Gardaí a bheith ar dualgas sna príomhshráideanna, ó am go ham ar a laghad.

Má fhágtar paráidí, timpistí bóthair agus a leithéid as an áireamh, ní cuimhin lenár bhformhór cén uair is deireanaí a chonaiceamar Gardaí ar dualgas san áit ina raibh deis againn labhairt leo gan stró agus deis acusan súil a choimeád ar chách ar mhaithe le sábháilteacht agus síocháin.

Fág freagra ar 'Léirigh ar tharla i mBaile Átha Cliath géarghá le gníomh níos láidre in aghaidh lucht achrainn'

  • Eoin Ó Murchú

    Níl a fhios agam an bhfuil gá le gníomh níos geire, ach tá gá le gníomh níos cinnte, le pleanáil do rudaí eisceachtúla mar a tharla.
    Agus ní lucht achriann atá i gceist ach lucht an chiníochais. Ta géarghá le gníomh is argóinti i gcoinne ciníochais, agus i gcoinne na ndeacrachtaí a chruthaíonn talamh torthuil don chiníochas – se sin an teip ar pholasai tithíochta is eile.
    Is freagra simplí é ar éadóchais na mílte i mBÁC is eile an milleán a chur ar inimirceoirí, ach is freagra bréagach é.
    É sin ráite, dá mbeadh réiteach ann ar fhadhb na tithíochta bheadh níos lú deiseanna ag lucht an chiníochais gráin a chothú.

  • Gabriel Rosenstock

    “Má fhágtar paráidí, timpistí bóthair agus a leithéid as an áireamh, ní cuimhin lenár bhformhór cén uair is deireanaí a chonaiceamar Gardaí ar dualgas san áit ina raibh deis againn labhairt leo gan stró agus deis acusan súil a choimeád ar chách ar mhaithe le sábháilteacht agus síocháin, a deir Cathal.”
    I gcead don údar, ní theastaíonn uaimse go mbeadh deis acu súil a choimeád ar chách, go raibh maith agat! A mhalairt atá uainn, dar leis an bhfealsamh Paul Cudenec:
    https://network23.org/paulcudenec/2022/10/05/death-to-the-metaverse/

  • Criostóir Ó Floinn

    Arbh fhearr leat anord agus aindlí a bheith ann, mar sin, a Gabriel? Mura mbíonn Gardaí le feiceáil ar na sráideanna nach dtabharfar cead a gcinn do na bithiúnaigh agus scaibheitéirí sráide inár measc scrios agus creachadh a dhéanamh?

  • Gabriel Rosenstock

    Fuaireas-sa locht ar an bhfrása ‘súil a choimeád ar chách.’ CÁCH? Sin tusa is mise is scríbhneoir an ailt thuas.