Leigheas láithreach ar an ‘dodgy tan’- glantóir draíochta don donnú bréige

Tá ár gcomhfhreagraí an-tógtha le táirge nua ón Astráil leis an donnú bréige a ghlanadh

Leigheas láithreach ar an ‘dodgy tan’- glantóir draíochta don donnú bréige

Shílfeá nach mbeadh oiread agus deoir amháin den donnú bréige fágtha in iarthar na hÉireann leis an méid a bhí úsáidte ag na mná a d’fhreastail ar Rásaí na Gaillimhe le linn na seachtaine, go háirithe ar Lá na mBan. Is minic gur mar mhagadh nó mar mhasla a bhíonn daoine ag caint ar an donnú bréige ar mhná na rásaí, go háirithe má bhíonn stríocaí i gceist. Ní thaitníonn sé liom féin nuair a chloisim fir ag bitseáil faoin ábhar seo mar gur beag tuiscint nó taithí a bhíonn acu ar an scéal, go hiondúil. Ach níl chuile bhean saor ón gcineál seo cúlchainte ó mhná ach an oiread.

Tá dea-scéal agam inniu do gach bean a thug seal riamh ag sclábhaíocht le donnú bréige – táirge draíochta nua ón Astráil a bhaineann an donnú bréige díot go héifeachtach agus go héasca ar an bpointe.

An comhlacht cáiliúil Bondi Sands a bhfuil saineolas ar leith acu ar dhonnú bréige, a chuir an táirge nua seo ‘Self Tan Eraser’ ar an margadh, ar phraghas €19.49.

Céard atá difriúil faoin mús seo?

Is glantóir den chéad scoth é a dhéanann do chraiceann a scamhadh.

Cuireann tú ar do cholainn é agus tugann tú cuimilt mhaith dó ar do chraiceann nuair is mian leat an donnú bréige a bhaint díot. Triomaíonn cuid mhaith den mhús isteach sa chraiceann gan mórán deacrachta. Fan ar feadh cúig nóiméad – fágaim féin orm é ar feadh 10 nóiméad le bheith cinnte – agus tóg cithfholcadh te ansin. Úsáid tuáille aghaidhe ar do chraiceann sa chith agus imíonn an donnú bréige leis go draíochtúil, gan stró.

Oibríonn sé fiú ar do chuid uillinneacha, gan aon ghá leis an sciúradh damanta a theastaíodh roimhe seo.

Toisc go ndéanann sé an craiceann a scamhadh, fágann sé glan agus an-bhog go deo é.

Buntáiste mór leis an táirge seo ná gur féidir cóta nua de dhonnú bréige a chuir ort féin láithreach mar go mbeidh do chraiceann chomh scafa aige.

Tá an ‘Self Tan Eraser’ ó Bondi Sands ar fáil ar líne ó shuíomhanna éagsúla agus ar fáil freisin ó siopaí Boots ar fud na tíre.

Ní hé seo an t-aon táirge ón gcomhlacht seo a thaitníonn go mór liom.

Seo trí earra eile dá gcuid a mheasaim a bheith ar fheabhas ar fad.

Self-Tanning Foam ar €21.99

Mar a deirtear san ainm is cúr é seo don fhéindonnúchán atá simplí le n-úsáid, a mbíonn toradh álainn air agus boladh deas cnó cócó uaidh. Seo é mo chéad rogha féin don donnú bréige i gcónaí.

Self Tan Oil Liquid Gold ar €21.99

Is ola argóin atá sa gceann seo a thriomaíonn isteach i do chraiceann go sciobtha. Forbraíonn an dath tar éis cúpla uair an chloig agus maireann sé ar feadh seachtaine. Ní gá cithfholcadh a thógáil leis an gceann seo.

Everyday Liquid Gold Gradual Tan Oil ar €17.99

Is ola argóin atá sa gceann seo freisin ach tá difríocht mhór idir é agus an ceann roimhe seo sa mhéid is go gcuireann tú ort go laethúil é agus go dtagann an dath chun cinn de réir a chéile. Fágfaidh sé seo dath éadrom órga ort atá an-tarraingteach.

Fág freagra ar 'Leigheas láithreach ar an ‘dodgy tan’- glantóir draíochta don donnú bréige'