Leath bealaigh ag an mbáicéara cloisim aláram carr póilíní i bhfad uaim…

Is mó rud a rithfeadh leat agus tú ag triall ar cúpla croissant aimsir an chuibhrithe in Barcelona

Leath bealaigh ag an mbáicéara cloisim aláram carr póilíní i bhfad uaim…

Fágaim an teach faoi dheifir agus ceanglaím an masc éadain siar ar mo chluasa. Níl aon arán istigh agus tá dhá bhéilín ocracha sa nead ag iarraidh a mbricfeasta.

Gheall mé aréir go rithfinn síos ag an mbáicéara luath ar maidin ach bhí mé leisciúil ag éirí as an leaba. 

Leath bealaigh ag an mbáicéara cloisim aláram carr póilíní i bhfad uaim. Ar feadh soicind airím ábhairín neirbhíseach faoi bheith amuigh faoin aer. Caithim súil ar m’uaireadóir. 09:40.

Tá cead agam a bheith amuigh ar maidin go dtí an 10:00 má táim ag déanamh aclaíochta. Ach má bhíonn scuaine ag an mbáicéara céard a dhéanfadh mé?

Má bhím amuigh i ndiaidh an 10:00 is féidir liom a rá go bhfuilim ag ceannach earraí riachtanacha.

Buaileann sé ansin mé nár líon mé amach an teastas féinfhreagrachta a mholtar a bheith i do sheilbh agat nuair a fhágann tú an theach.

Moltar d’ainm, d’áit chónaithe, d’údar a bheith amuigh agus cá bhfuil tú ag dul a bheith scríofa amach agat má stopann na póilíní thú. Níl sé éigeantach ach laghdaíonn sé do sheans fíneáil a fháil má bhíonn sé agat. 

Cuirim lámh i mo phóca ar thóir m’fhóin. Is féidir an fhoirm a líonadh amach go digiteach. Dar ndóigh tá an fón sa mballa sa mbaile á luchtú. 

Níl aon mhálaí siopadóireachta ar iompar agam agus tá chuile chosúlacht orm gur turasóir mé. Ní bheidh sé seo éasca a mhíniú do phóilín má chuirtear ceist orm.

Chonaic cara liom clann ag fáil fíneáil an lá cheana amuigh ar an bpromanáid, de bharr iad a bheith amuigh leis na gasúir tar éis chuirfiú an 19:00.

Ó tharla go dtosaíonn na fíneálacha ag €600 tá mé idir dhá chomhairle ar chóir dom filleadh abhaile, ach má thagaim abhaile gan arán ná croissants íosfar an cloigeann díom.

Gabhfaidh mé sa seans. 

Sin difríocht mhór atá idir an Garda Síochána sa mbaile agus na póilíní sa Spáinn. Má chastar Garda ort sa mbaile ní thabharfá níos mó caidéis dó ná mar a thabharfá dá gcasfadh an dochtúir nó fear an phoist duit.

Anseo, bíonn sórt bitheagla ort rompu i gcónaí agus seachnaíonn duine iad más féidir é mar go bhfuil an míchlú orthu a bheith ag caitheamh amach fíneálacha ar nós confetti ag bainis. 

Brostaím trasna na plásóige ag teannadh leis an mbáicéara. Éiríonn fear den bhinse ina raibh sé ina shuí agus beannaíonn sé dom go meisc-bhriathrach i Spáinnis, ach tá mé imithe slat thairis nuair a labhraíonn sé liom. Ligim orm féin nár chuala mé é, cé gur beag eile duine atá sa bplásóg seo. 

Bí cinnte gur ceann de na cladhairí gioblacha a bhíonn ag cneámhaireacht sa bplásóg atá ann, a deirim liom féin ag maitheamh dom féin mo ghníomh. Chuirfeadh sé moill orm. Níl an phlásóg fágtha agam fiú sula gcloisim mo choinsias ciontach ag rá liom nach raibh an rud a rinne mé cóir. ‘Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu’ a chloisim ó mo choinsias ciontach agus mé i mo sheasamh go sa líne ar thairseach an bháicéara.

B’fhéidir nach raibh sé ach tar éis dúiseacht ar an mbinse agus go raibh luach cupán caife uaidh? Níor cheart duit súil a dhúnadh ar dhuine ar bith mura bhfuil údar agat leis. Ceannóidh mé cúpla croissant breise agus tabharfaidh mé dó iad ar mo bhealach abhaile. Sásaíonn sé sin mo choinsias. 

Tá nuachtán seanchaite leagtha ar sheilf. Coicís as dáta, ach caithim súil tríd agus mé ag fanacht ar an bhfreastalaí an t-arán a ghearradh i sliseanna tanaí dom. B’iondúil liom roimhe seo café con leche a bheith agam ar mo chompoird anseo agus páipéar an lae a léamh. Níl aon chead againn é sin a dhéanamh fós, faraor. 

Léim ceannlíne. Feallmharfóir tógtha a dhúnmharaigh ceathrar gan dídean in Barcelona. De réir cosúlachta, chuaigh fear timpeall croílár na cathrach san oíche ar feadh míosa ag ionsaí daoine gan dídean. Bhí na créatúir seo ina gcodladh i ndoirse siopaí agus d’ionsaigh sé go cruálach triúr acu le casúr agus duine le scian. Ní raibh blas faoin sraithmharfóir seo cloiste agam. 

Fágaim an báicéara agus casaim i dtreo an tí. Samhlaím an sceimhle a chaithfeadh a bheith ar na daoine bochta seo a chodlaíonn amuigh faoin aer le tamall anuas. Scéal an uafáis ag scaipeadh i measc phobal na sráide.

Cathair lom thréigthe, gan coisithe ná cairr ag bogadh thart san oíche a thabharfadh tearmann intinne dóibh. Muide “sáinnithe” ar ár gcompord taobh istigh ag troid faoi chianrialtán na teilifíse.

Tagaim ar an bplásóg arís.

An ligfidh an náire dom mo bhronntanas suarach a ofráil d’fhear an bhinse? Ní gá dom aon chinneadh a dhéanamh mar níl amharc air.

Imím liom abhaile, fios maith agam nach mbeidh aon bhlas deas agamsa ar na cístí atá sa máilín.

Fág freagra ar 'Leath bealaigh ag an mbáicéara cloisim aláram carr póilíní i bhfad uaim…'