Léas eile dóchais san Iodáil agus sa Spáinn ach an scéal ag dul in olcas áiteanna eile

Fógraíodh sa Ríocht Aontaithe agus i Nua-Eabhrac inniu níos mó básanna de bharr Covid-19 ná mar a fógraíodh aon lá eile roimhe seo

Léas eile dóchais san Iodáil agus sa Spáinn ach an scéal ag dul in olcas áiteanna eile

Is airde i gcónaí líon na mbásanna de bharr Covid-19 san Iodáil agus sa Spáinn ná in aon tír eile, ach tá a thuilleadh dóchais ann innu go bhfuil an taoide ag casadh faoi dheireadh sa dá thír.

Más ea, is in olcas atá an scéal ag dul in áiteanna eile agus líon níos mó básanna fógartha inniu sa Ríocht Aontaithe agus i Nua-Eabhrac ná mar a fógraíodh aon lá eile roimhe seo.

Deimhníodh san Iodáil tráthnóna go bhfuil 681 duine eile le Covid-19 básaithe. 15,362 duine ar fad atá básaithe, ach tá dóchas áirithe ann toisc gurb amhlaidh gur ag laghdú atá líon na mbásanna agus líon na gcásanna nua le breis is seachtain anuas.

Tá 809 duine eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe sa Spáinn, an líon is lú básanna a tuairiscíodh le seachtain anuas.

Tá an Spáinn ar an dara tír is measa atá buailte sa domhan ó thaobh líon na marbh, ach léas dóchais éigin é go raibh líon na mbásanna faoi bhun 900 don tríú lá as a chéile.

Táthar ag súil anois gurb amhlaidh go bhfuil buaic na ráige nach mór bainte amach ag an tír.

D’fhógair Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sanchez  síneadh ama go dtí an 26 Aibreán leis an dianghlasáil atá i bhfeidhm le trí seachtaine anuas. 

I Sasana, dúirt an saineolaí as Imperial College i Londain an tOllamh Niall Ferguson go mbeadh a buaic sroicthe ag an ráig faoi cheann 7-10 lá sa Bhreatain, ach nach bhféadfaí na srianta atá i bhfeidhm a dhéanamh níos boige go dtí mí na Bealtaine.

Dúirt sé go gcaithfí moill a chur le scaipeadh an ghalair agus córas olltástála a thabhairt isteach sula ndéanfaí na rialacha a mhaolú. 

“Táimid ag iarraidh faoi dheireadh na Bealtaine go dtabharfaí isteach in áit na dianghlasála roinnt srianta níos boige, a bheidh bunaithe níos mó ar an teicneolaíocht agus ar an tástáil,” arsa an tOllamh Niall Ferguson.

708 bás eile a thuairiscigh Roinn Sláinte na Ríochta Aontaithe, an líon is mó básanna in aon lá amháin, agus 4,313 duine ar fad atá básaithe faoin tráth seo.

630 bás eile a fógraíodh i Nua-Eabhrac inniu, an líon is mó básanna go n-uige seo.

3,565 duine atá básaithe i stát Nua-Eabhrac. 113,704 cás deimhnithe atá i stát Nua-Eabhrac agus tá 63,306 acu sin i gcathair Nua-Eabhrac. 

Idir an dá linn, tá sé curtha i leith Stáit Aontaithe Mheiriceá gurbh amhlaidh gur tógadh 200,000 masc a bhí á seoladh chun na Gearmáine agus gurb ionann a leithéid a dhéanamh agus “píoráideacht nua-aimseartha”.

Tá ráite ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump nach gcaithfidh sé masc. De réir na comhairle is déanaí ó na húdaráis sláinte i Meiriceá, moltar don phobal masc a chaitheamh. Dúirt Trump nach bhféadfadh sé é féin a shamhlú san Oifig Ubhchruthach agus masc á chaitheamh aige fad is bheadh sé ag cur fáilte roimh “uachtaráin, príomh-airí, deachtóirí, ríthe agus banríonacha”. 

“Níl iachall ort é a dhéanamh. Ní dóigh liomsa go mbeidh mise á dhéanamh,” arsa Trump. 

De réir na bhfigiúirí is déanaí, 193 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo ó thosaigh an ráig, 137 ó dheas den teorainn agus 56 ó thuaidh di.

Deimhníodh níos túisce inniu go raibh ochtar eile básaithe sa Tuaisceart.

5,602 cás atá deimhnithe in Éirinn, 4,604 cás ó dheas agus 998 cás ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Léas eile dóchais san Iodáil agus sa Spáinn ach an scéal ag dul in olcas áiteanna eile'