Léas dóchais nua ag muintir Chinnéide i saol na polaitíochta i SAM

Cheap go leor go raibh deireadh, dá réir, leis an aisling agus le páirtíocht na gCinnéideach ag an leibhéal is airde i bpolaitíocht de chuid na Stát Aontaithe

Léas dóchais nua ag muintir Chinnéide i saol na polaitíochta i SAM

Tá cáil na gCinnéideach i bpolaitíocht na Stát Aontaithe ina ábhar spéise agus plé ón uair gur toghadh John F Kennedy an chéad uair mar fheisire comhdhála in 1946. Sna glúnta ó feallmharaíodh é, tá Seanadóirí, iarrthóirí uachtaránachta, baill chomhdhála, gobharnóirí stát agus ambasadóirí go leor luaite leis an teaghlach agus iad áirithe mar rítheaghlach i measc pholaiteoirí na Stát Aontaithe.

Nuair a cheap Donald Trump Robert F Kennedy mar bhall dá rialtas anuraidh d’eisigh teaghlach Uí Chinnéide físeán inar léirigh siad díomá lena chuid tuairimí agus lena chinneadh a bheith bainteach le réimeas Trump. Is chun donachta atá an scéal ag dul ó shin agus Kennedy ag moladh polasaithe nach bhfuil i gclár ná i bhfoirm le smacht a chur ar chúrsaí sláinte poiblí i Meiriceá.

Léas dóchais, mar sin, don teaghlach ársa, gur fhógair Jack Schlossberg, garmhac John F Kennedy, an mhí seo caite go mbeadh sé san iomaíocht sna toghcháin lár téarma an bhliain seo chugainn. Ba mhinic a dúradh go mbeadh a uncail John F Kennedy Junior ag leanacht le hoidhreacht an teaghlaigh sa bpolaitíocht sular maraíodh é féin i dtimpiste aeir i 1999.

Theip ar Joseph P Kennedy in 2020 nuair a rinne sé iarracht dúshlán Ed Markey, seanfhondúir de chuid na nDaonlathach, atá ina sheanadóir i Massachusetts le blianta fada a thabhairt. Bhí sé éirithe as a shuíochán comhdhála féin agus dá réir ní raibh aon bhall de theaghlach Uí Chinnéide tofa in Washington don chéad uair ó lár an chéid seo caite. Cheap go leor go raibh deireadh, dá réir, leis an aisling agus le páirtíocht na gCinnéideach ag an leibhéal is airde i bpolaitíocht de chuid na Stát Aontaithe.

Sin go dtí gur thosaigh na meáin ag tabhairt aird ar Jack Schlossberg, mac Caroline Kennedy, a thug óráid ag coinbhinsiún na nDaonlathach in 2024 ag tacú le Kamala Harris. Níor shéan sé go mbeadh suim aige dul san iomaíocht sa bpolaitíocht agus d’fhógair sé mí ó shin go mbeadh sé ag seasamh i gceantar a 12 i Nua-Eabhrac agus súil aige an suíochán a bhíodh ag Jerry Nadler do na Daonlathaigh a bhuachan. Tá sé ar dhuine de dháréag atá san iomaíocht sna réamhthoghcháin.

Tá a chuid deacrachtaí féin aige go dtí seo lena fheachtas. D’éirigh a bhainisteoir feachtais Annabel Lassally as agus gan ach an mhí féin caite aici sa ról. Níl aon tsoiléireacht faoin gcúis gur éirigh Lassally as ach deir ráiteas ó fheachtas Schlossberg go mbeidh siadsan ag leanúint ar aghaidh le fonn.

Tá Schlossberg thar a bheith gníomhach ar na meáin shóisialta agus go láidir den tuairim gur laige mhór i gcur chuige na nDaonlathach nach bhfuil siad níos gníomhaí ar líne. Maíonn sé gurb é a fheachtas féin an t-aon cheann a dhíríonn go sonrach ar cheisteanna áitiúla agus polasaithe forásacha sa gcuid rachmasach de Manhattan a mbeidh sé mar iarrthóir ann má éiríonn leis.

An cheist anois an mó leas nó dochar a dhéanfaidh a oidhreacht Chinnéideach do Schlossberg nó arbh fhearr dó díriú ar a chumas féin agus an aithne atá air de bharr na meán sóisialta? Ach tá léas dóchais nua ag muintir Chinnéide nach bhfuil siad réidh ar fad leis an bpolaitíocht náisiúnta i Meiriceá.

Fág freagra ar 'Léas dóchais nua ag muintir Chinnéide i saol na polaitíochta i SAM'