Léargas eile ar dheighilt Stáit Aontaithe Mheiriceá

An cinneadh a bheidh le déanamh ag Poblachtaigh i ndeireadh an lae - an gcreideann siad go bhfuil an oiread fianaise ann in aghaidh Joe Biden agus gur fiú vótáil lena tháinseamh

Léargas eile ar dheighilt Stáit Aontaithe Mheiriceá

Déanfar cinneadh go ríghairid ar cheart an tUachtarán Joe Biden a tháinseamh a dúirt Mike Johnson, spéicéir nua Theach na nIonadaithe sna Stáit Aontaithe, an tseachtain seo.

Ina chéad phreasócáid mhaígh Johnson, a bhfuil cúlra aige sa dlí bunreachtúil, go bhfuil an próiseas fiosrúcháin ag leanacht ar aghaidh mar is cuí agus gur féidir a bheith ag súil le cinneadh go gairid.

Bhí an fiosrúchán ar atráth ar feadh roinnt seachtainí fad is a bhí an páirtí Poblachtach ag iarraidh iarrthóir a aimsiú do ról an spéicéara. D’éirigh leo ar deireadh thiar dóthain vótaí a chur le chéile le Johnson a cheapadh, bunaithe cuid mhór ar thacaíocht a bheith faighte aige ó Donald Trump. An tseachtain seo rith Johnson an chéad mhórphíosa reachtaíochta dá thréimhse.

Tharla sin faoi scáth an achrainn is déanaí sa bpolaitíocht sna Stáit Aontaithe agus léargas eile againn, má theastaigh sin, den deighilt sa tír. Tá cúnamh fóirithinte $14 billiún ceadaithe d’Iosrael, mar a bhí dá lorg ag an Teach Bán. Leis an airgead sin a chur ina chéile tá na cistí le tógáil ón IRS (coimisinéirí ioncaim na Stát Aontaithe), rud a chuir fearg ar Dhaonlathaigh. Tá sé tugtha le fios ag an Teach Bán freisin go mbainfidh an tUachtarán Biden leas as a veto chun deireadh a chur leis an mBille.

Idir an dá linn is lú ná coicís atá ag an gComhdháil agus an Teach Bán le socrú a dhéanamh faoi mhaoiniú an státchiste. Sular díbríodh as oifig é, d’éirigh le Kevin McCarthy comhréiteach a dhéanamh a chinnteodh go mbeadh an rialtas ag feidhmiú go dtí an 17 Samhain. Tá an dáta sin ag teannadh linn go sciobtha ach thug Johnson le fios ag a phreasócáid nach bhfuil aon chaint ar shocrú ná réiteach.

Tá an fiosrúchán faoi tháinseamh Biden dírithe faoi láthair ar sheic a chuir James, deartháir an Uachtaráin, chuige. Maíonn baill an choiste faoi cheannas James Comer go bhfuil amhras faoin aidhm a bhí leis an airgead agus gur bhain sé le gnó i gcomhlachtaí Síneacha. Maíonn muintir Biden gur aisíocaícht ar iasacht a bhí sa seic. Níl mórán den tuairim gur ionann iasacht idir beirt deartháireacha agus mórchoireanna agus oilghníomhartha.

Díol spéise gur dhúirt Mike Johnson ag a phreasagallamh go bhfuil táinseamh Uachtaráin ar an dara cumhacht is mó atá aige, i ndiaidh fógairt cogaidh. Ní mór a chinntiú nach mbainfear aimhleas as an gcumhacht sin, a dúirt sé.

Sin an cinneadh a bheidh le déanamh ag Poblachtaigh i ndeireadh an lae – an gcreideann siad go bhfuil an oiread fianaise ann in aghaidh Joe Biden agus gur fiú vótáil lena tháinseamh gan an chuma a bheith ar chúrsaí go bhfuil siad á tháinseamh ar mhaithe lena leas polaitiúil féin.

Fág freagra ar 'Léargas eile ar dheighilt Stáit Aontaithe Mheiriceá'