Lean mé comhairle Con Houlihan i gCaisleán an Bharraigh an tseachtain seo caite

Cé go mbeadh doicheall ar ár gcolúnaí a rá go raibh muintir na Gaillimhe agus muintir Mhaigh Eo feargach lena chéile ag cluiche na seachtaine seo caite, níor cheileadar a ndílseacht ag aon tráth

Lean mé comhairle Con Houlihan i gCaisleán an Bharraigh an tseachtain seo caite

An slua ag faire ar chluiche idir Gaillimh agus Maigh Eo. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Ach a rogha a bheith aige b’fhaisean leis an sáririseoir spóirt gan dul sa seastán féin, ní áirím bosca na meán agus é ag freastal ar chluiche. Bhí spota faoi leith ar Thaobh na Canálach ina seasadh sé Domhnach i ndiaidh Domhnaigh. Dá mba síos faoin tír dó thabharfadh sé aghaidh ar phaiste taobh thiar den chúl ar Thaobh Chill Fhionnáin i nDurlas, ar an gcnocán le hais Sheastán Pat McGrane i gCluain Eois nó ar thaobh an ospidéil de Pháirc de hÍde.

Ansiúd a bhíodh Con ar a shuaimhneas, lámh ar a smig aige agus é ag comhrá leis an lucht féachana ina thimpeall, ba chuma sean nó óg dóibh nó cé acu de na foirne ag a raibh a dtacaíocht.

Ba ann ba chompordaí a bhíodh sé, a deireadh fear Oileán Chiarraí.

Lean mé a chomhairle i gCaisleán an Bharraigh Dé Domhnaigh seo caite ag an gcluiche craoibhe idir Maigh Eo agus Gaillimh – ní baileach go raibh mé dílis ar fad dó mar go raibh mo thóin fúm agam ar an gcoincréit. Níl aon áit i bPáirc Mhic Éil anois ina seasann daoine.

Bhí an ceart ag Mac Uí Uallacin. Bhí i bhfad níos mó díograis sa slua ná a bheadh sa seastán, tháinig cuthach orthu níos minice agus cé go mbeadh doicheall orm a rá go raibh siad feargach lena chéile, níor cheileadar a ndílseacht ag aon tráth.

Oiread agus eachtra mímhúinte ní fhaca mé, ach fós bhraith mé go raibh an teannas níos géire ná mar a bhíonn de ghnáth ag cluichí craoibhe idir an dá chontae.

Feicim ráite ag daoine é nach dtosóidh an craobhchomórtas i gceart i mbliana go dtiocfaidh na ‘Super 8’s’. Dá mbeadh siad taobh liomsa i gCaisleán an Bharraigh Dé Domhnaigh seo caite, thuigfeadh siad nach mar sin atá.

A luaithe agus a caitheadh isteach an liathróid amuigh ar an bpáirc ba gheall le dhá ghadhar a bheadh ag réiteach chun troda iad na foirne. Ní baileach go raibh siad ag drannadh agus ag gnúsacht ach bhíodar ag dul timpeall a chéile go bagartha ag faire ar sheans na fiacla a bháitheadh.

An déine sin an t-aon rud a spreagfadh tú. ‘Múisc-pheil’ mar a thug Pat Spillane air tráth a fuair tús áite agus sa gcéad leath go háirithe bhí na Gaillmhigh sásta seilbh na liathróide a fhágáil cuid mhaith faoi Mhaigh Eo fad agus iadsan 35 nó 40 méadar ón gcúl.

Faraor, ní hé an cruinneas an tíolacadh ba mhó a bronnadh ó neamh ariamh anall ar na fir bhochta a chaitheann na geansaithe dearga agus uaine.

Ba é díbirt Dhiarmaid Uí Chonchubhair cor cinniúnach na himeartha. Ní mheasfainn gurbh é a bhí ina intinn nuair a bhí sé ag déanamh ar Phól Ó Conaire, ach an nóiméad a theagmhaigh a uillinn le giall an Ghaillmhigh ní raibh i ndán dó ach an cárta dearg.

Is easpa féinsmachta den chineál céanna a d’fhág Dónal Vaughan curtha den pháirc i gCluiche Ceannais na hÉireann anuraidh agus fear breise ag a fhoireann. I gcluiche cancrach eile idir Gaillimh agus Maigh Eo an séasúr seo caite cuireadh Keith Higgins den pháirc agus cuireadh an Conchubharach agus a dheartháir Cillian den pháirc sa gcluiche sraithe ar Pháirc an Phiarsaigh cúpla mí ó shin.

D’íoc Maigh Eo go daor as chuile eachtra acu sin agus is gné dá n-imirt é a gcaithfidh na peileadóirí agus a mbainisteoir aghaidh a thabhairt air láithreach.

Ní hé go raibh muintir na Gaillimhe gan cháim ach an oiread. Faoin 26ú nóiméad bhí cártaí buí taispeánta don líne lánchúil ar fad. Tá sé ag dul ó thuiscint orm cén chaoi ina dhiaidh sin nár aistrigh bainistíocht Mhaigh Eo fear mór de dhéanamh Aodáin Uí Shé isteach ina measc siúd ag súil go dtuillfeadh a neart an dara cárta buí agus an dearg a leanfadh.

Le fírinne, ainneoin na hócáide, bhí formhór pheileadóirí Mhaigh Eo gan lúth gan láthair. An é seo a ndeireadh? Ní bheadh iontas orm dá mba é.

Bhí mé den tuairim sna cluichí a d’imir Gaillimh i gcaitheamh an tSraithchomórtais go raibh beagán curtha leis an struchtúr cosantach is ansa lena mbainisteoir, ach tá amhras anois orm.

I bhfianaise chomh mantach agus a bhí cumas ionsaithe Mhaigh Eo bheifeá ag súil go dtabharfadh Gaillimh fúthu i bhfad níos bríomhaire agus i bhfad níos túisce ná mar a thug.

Amach anseo casfaidh foirne a imreoidh peil i bhfad níos fearr ná a d’imir Maigh Eo Dé Domhnaigh seo caite ar fhoireann Kevin Walsh agus mura n-athróidh siadsan port tiocfaidh deireadh lena n-aistear siúd luath go maith.

Is suntasach freisin gurb iad na hionadaithe a thug Walsh isteach ba mhó ba chúis leis an mbua, níos suntasaí fós gur peileadóirí iad arb é a gcumas ionsaithe a neart – Ian Burke, Seán Kelly agus Eamonn Brannigan go háirid.

Le fírinne bheadh an triúr acu istigh ón tús agamsa ar aon fhoireann de chuid na Gaillimhe, ach ansin arís ní mise an bainisteoir.

Ní fhágann sin i mo thost mé, fearacht na mílte a bhí i mo thimpeall Dé Domhnaigh seo caite ar choincréit chrua Pháirc Mhic Éil.

Fág freagra ar 'Lean mé comhairle Con Houlihan i gCaisleán an Bharraigh an tseachtain seo caite'

  • Jamie Ó Tuama

    An-alt ach níl Maigh Eo imithe fós ná baol air!