LÉAMHTHUISCINT: Matán atá san inchinn agus ná ligimis don nua-theicneolaíocht í a lagú

Léamhthuiscint 10 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Matán atá san inchinn agus ná ligimis don nua-theicneolaíocht í a lagú
  1. An lá cheana, chuaigh mé féin agus cara liom chuig ionad siopadóireachta. Baineadh siar go mór asam nuair a pháirceáil mo chara a charr. Níorbh é a scileanna tiomána a chuir imní orm, ach rud éigin eile. Ba é an chaoi gur ghlac sé pictiúr de chomhartha leis an téacs ‘D2’ a bhí crochta ar an mballa, ar eagla nach mbeadh sé in ann an carr a aimsiú arís gan chabhair óna ghuthán póca. An rud ba mhó a chuir as dom ná gur léir ón gcaoi ar thóg sé an pictiúr i bhfaiteadh na súl, gan smaoineamh faoi, gur nós leis sin a dhéanamh i gcónaí.
  2. Níor choinnigh mé guaim orm féin. ‘Tuigeann tú go bhfuil dochar mór millteach á dhéanamh agat do do chuimhne, nach dtuigeann?’ a d’fhiafraigh mé de. Duine é mo chara a ghlacann le cáineadh go réchúiseach. Chroith sé a ghuaillí agus rinne gáire. Níl a chuimhne ag déanamh tinnis dó. Níl sé ach seacht mbliana is tríocha d’aois. Dhá bhliain déag is trí scór an aois atá ag mo mháthair. Tá sí ag déanamh dearmad ar rudaí. An oiread sin rudaí go bhfuil a cuimhne ar m’aigne go seasta síoraí na laethanta seo.
  3. ‘Matán atá san inchinn,’ a mhaígh an damhsóir agus an smaointeoir as Meiriceá, Yvonne Rainer thiar sna 1960í, agus tagaim leis an dearcadh sin. Tar éis dom roinnt mhaith blianta a chaitheamh leis an scríbhneoireacht chruthaitheach, is léir dom ó mo thaithí féin gur féidir an inchinn a thraenáil cosúil le matán ar bith eile i gcolainn an duine. Ní haon saineolaí sláinte mé, ach dar liom go luíonn sé le réasún go lagódh an inchinn mura gcuirtear ag obair go tráthrialta í, cosúil le matán ar bith eile. Bíonn mo mham bhocht á céasadh féin le crosfhocail, puzail sudoku agus araile in iarracht srian a chur leis an díchuimhne. Nuair nach mbíonn sí á crá féin leis na cluichí sin bíonn sí á céasadh féin leis an gceist úd a bhíonn ag dó na geirbe ag oiread seandaoine agus a sliocht: an gnáthdhearmaid atá sa díchuimhne seo nó rud éigin níos measa?
  4. Fadó fadó, ní bhíodh gá ag an duine lena leithéid de rud agus ionad aclaíochta. Cúrsa crossfit a bhí sa saol féin: bhí éadaí le ní, bhí urláir le sciúradh, bhí fóid le hiompú, bhí barraí le cur agus le baint, bhí litreacha le seachadadh ar rothar. Obair láimhe a bhí i ngach rud. Thug an teicneolaíocht faoiseamh dár lámha agus thug sí am saor dúinn. Ach i dteannta na teicneolaíochta tháinig na galair a bhaineann le saol an mhadra bháin: an murtall, fadhbanna leis an gcroí, ailse. Tá an nuatheicneolaíocht mar thaca ag an inchinn seachas an cholainn. Ní chloisfidh tú mise ag rá nach bhfuil buntáistí móra ag baint léi. Ní bheinnse in ann an colún seo a chur chomh fada le Tuairisc.ie agus ní bheifeá-sa in ann é a léamh ar scáileán do ghutháin phóca dá huireasa. Ach níor cheart dúinn úsáid a bhaint aisti nuair nach mbíonn gá léi nó is muidne a bheidh thíos leis amach anseo, nuair nach mbeimid in ann brath ar ár n-aigne féin a thuilleadh.
  5. Ar ndóigh, níl i gcleas mo chara i gcarrchlós ilstórach an ionad siopadóireachta ach sampla amháin den iliomad bealaí ina mbainimid úsáid as an nuatheicneolaíocht inniu chun jabanna beaga fánacha a dhéanamh dúinn. Cúpla svaidhp ar scáileán agus tá fios ár mbealaigh, comhairle teanga nó caidreamh nua againn. Admhaím láithreach nach saoi gan locht atá ionam féin maidir leis an gceist seo, ach mura mbeimid cúramach, tiocfaidh an lá go mbeimid i dtuilleamaí ollchomhlachtaí na nuatheicneolaíochta do chuile bhlúirín eolais a theastódh uainn.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cén bhaint atá ag ‘D2’ leis an scéal?
  2. Cad atá i gceist leis an líne dheireanach in alt 1?
  3. Cén sórt duine é cara an údair dar le halt 2?
  4. Cén fáth a luaitear ‘sudoku’ in alt 3?
  5. Cén bhaint atá ag ‘crossfit’ leis an bpointe atá an t-údar ag déanamh in alt 4?
  6. ‘Matán atá san inchinn,’ a deirtear in alt 2. Cad atá i gceist leis an bhfrása sin?
  7. ‘Tá an nuatheicneolaíocht mar thaca ag an inchinn seachas an cholainn,’ a deir an t-údar in alt 4. Cén pointe atá sé a dhéanamh?
  8. Cén faitíos atá ar an údar in alt 5?

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Cad atá i gceist leis an bhfrása ‘saol an mhadra bháin’?
  2. Cén fáth ar scríobh an t-údar an t-alt seo agus cén fáth a luann sé a mháthair chomh minic sin?An raibh sé seafóideach nó praiticiúil gur thóg cara an údair an pictiúr sin in alt 1?

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:

Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – Nathanna cainte: Bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir láithreach in alt 2.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 3.
  • Aimsigh sampla den bhriathar saor in alt 1.
  • Sracfhéachaint ar an tuiseal ginideach:
    • Is breá le mo chara gairm na (múinteoireacht).
    • Sin uirlis an (ceoltóir).
    • Lig mé osna (faoiseamh) nuair a chuala mé an dea-scéal.
    • Táim ag iarraidh teacht ar réiteach na (fadhb).
    • Tá na treoracha ar bharr an (scáileán)

Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:

  • An mbímid ag brath an iomarca ar an teicneolaíocht?

    • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
    • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
    • Nodanna:
      • cén úsáid a bhaineann tú féin aisti?
      • dochar v maitheas
      • luaigh na meáin shóisialta
      • céard faoi dhuine faoi 18?

Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Matán atá san inchinn agus ná ligimis don nua-theicneolaíocht í a lagú'