LÉAMHTHUISCINT: ‘Fuair mé amach Dé hAoine seo caite go raibh Covid-19 orm’

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: ‘Fuair mé amach Dé hAoine seo caite go raibh Covid-19 orm’

1. Fuair mé amach Dé hAoine an 13 Márta go raibh Covid-19 orm. Bhí mé ar laethanta saoire san Ostair le grúpa beag cairde an tseachtain roimhe sin. Tá toradh dearfach faighte againn go léir anois ar an tástáil a cuireadh orainn don choróinvíreas. 

I ngan fhios dúinn, bhí an galar á scaipeadh go tréan sa bhaile beag sciála ard sna hAlpa Tiorólacha a rabhamar ag fanacht ann ar feadh seachtaine. Go gairid i ndiaidh dúinn teacht abhaile dúnadh an baile sciála don séasúr nuair a deimhníodh go raibh baint aige le scata cásanna den ghalar. 

2. Thángamar abhaile tráthnóna Dé Sathairn. Tamall ina dhiaidh sin, bhraith duine de mo chomrádaithe beagáinín tinn. Dúirt sé go raibh pianta agus casacht air, go raibh fuarallas leis agus go raibh a scornach ábhairín tinn.  

Mheas an chuid eile againn gurbh amhlaidh nach raibh sé ar fónamh toisc seachtain a bheith tugtha againn ag sciáil sa lá agus ag dul amach san oíche. Dúramar an méid sin leis, ach ar an dea-uair níor éist sé linn. 

Chuir sé glaoch ar a dhochtúir maidin Dé Luain agus socraíodh go dtiocfadh an HSE amach chuige an tráthnóna sin. Fuarthas sampla uaidh le maipín agus dúradh leis go mbeadh na torthaí aige Dé Céadaoin.

Thart ar am lóin Dé Céadaoin chuir sé teachtaireacht ar ár ngrúpa WhatsApp a bhain siar as an gcuid eile againn. Bhí toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh air do Covid-19. 

Dúirt sé linn go raibh an HSE ag iarraidh go ndéanfaimis teagmháil leo agus thug sé dúinn sonraí teagmhála an dochtúra a bhí i bhfeighil ar an obair thástála sa cheantar. 

Faoin tráth seo bhí casacht orm, an cineál casachta nach mbeadh ina údar imní agam  de ghnáth.

3. As sin go ceann 36 uair an chloig tástáladh an uile dhuine sa ghrúpa beag againn agus faoi mhaidin Dé Sathairn seo caite bhí toradh dearfach faighte againn go léir. Labhair mé le dochtúir an HSE tráthnóna Dé Céadaoin agus tháinig duine den lucht tástála chun an tí thart ar 5pm Déardaoin. Tháinig sé go dtí an teach in otharcharr agus chuaigh sé go dtí a chúl chun ullmhú. Chuir sé air féin gúna cosanta, spéaclaí cosanta, masc máinliachta agus lámhainní máinliachta. Ní nach ionadh tháinig cuid mhaith de na comharsana san eastát chun na fuinneoige. Stop cúpla duine a bhí ag dul thar bráid ina gcuid carranna go bhfeicfidís cad a bhí ag tarlú leis an otharcharr. 

D’fhan mé ag doras an tí go dtí go raibh fear na tástála réidh agus ansin chuaigh mé amach chuige. Fuair sé sampla scornaí uaim le maipín agus cuir sé ar mo pholláire chomh maith é. Chuir sé an sampla i dtriaileadán. Fear deas a bhí ann. Dúirt sé cúpla rud mar ábhar magaidh agus rinne mise amhlaidh.  Dúirt an dochtúir de chuid an HSE ar labhair mé léi roimhe sin go raibh tástáil á cur orm mar go raibh gartheagmháil agam le duine a raibh an víreas air agus ní mar gheall go raibh aon chomharthaí móra den ghalair orm féin, seachas mé a bheith ag casacht. Faoin am a ghlaoigh sí orm tráthnóna Dé hAoine chun a dheimhniú dom go raibh toradh dearfach ar an tástáil, bhí mé beagáinín plúchta.

Chomh maith leis an gcasacht sa chliabhrach a bhí orm, bhí pian mharbh i mo cheann agam, mar a bheadh mo cheann éirithe beagáinín níos troime. 

4. Agus mé á scríobh seo oíche Dé Domhnaigh ní raibh faic eile mar shiomptóim orm agus tá an chasacht agus tinneas cinn ag éirí níos fearr gach lá sa tslí go bhfuil siad nach mór imithe ar fad anois. Mura mbeadh an saol iompaithe bunoscionn, is ar éigean go dtabharfainn aon aird ar na siomptóim. Tá mise sna luathdhaichidí agus tá mo chompánaigh a bhí san Ostair liom ar fad sna daichidí nó sna luathchaogaidí. Is mar a chéile cuid mhaith an scéal againn go léir ó thángamar abhaile.

Nuair a labhair mé le dochtúir an HSE mhínigh sí dom faoin bhféinleithlisiú, faoin sláinteachas láimhe, faoin scoitheadh sóisialta agus faoi na rudaí go léir a bhfuil daoine ag dul i dtaithí orthu de réir a chéile mar gheall ar scaipeadh an ghalair seo. Bhí na treoracha a thug sí dom soiléir: fanacht ag baile agus fanacht amach ó na daoine eile sa tigh. Dúradh liom ar an bhfón go gcaithfinn mé féin a choimeád amach ó dhaoine ar feadh coicíse ón uair a mbeadh na siomptóim glanta.

5. Is fearr glas ná amhras, ach oiread le gach rud eile a bhaineann leis an ngalar seo.  Níl an dara rogha anois agamsa ach fanacht go mbeidh an ráig seo curtha díom agam. Ba mhaith leo go mbeadh dhá thástáil dhiúltacha agus cúpla lá eatarthu ag duine sula ndearbhófaí nach bhfuil sé aicídeach a thuilleadh. 

Is cosúil, áfach, go bhfuiltear in amhras an mbeidh na hacmhainní acu chun sin a dhéanamh. Tá mé ag súil scéal faoi sin a fháil sna laethanta amach romhainn. 

Chuir dochtúir an HSE ceisteanna go leor orm chun mionchuntas a fháil faoi na háiteanna a raibh mé ó tháinig mé abhaile agus faoi na daoine a raibh teagmháil agam leo. D’iarr sí mioneolas faoi cá raibh mé, faoi mo sceideal oibre, faoi cé a casadh orm agus faoin gcineál teagmhála a bhí agam le daoine. Rinne sí na daoine a raibh mé ina gcomhluadar a rangú de réir an bhaoil a bhí ann dóibh. Tá tástáil curtha anois ar mo bhean agus mo chlann agus tá siad ag fanacht ar an toradh. Níor dúradh le haon duine eile tástáil a fháil ach amháin sa chás go raibh siomptóim orthu. 

Bhí gach duine den lucht leighis a phléigh liom ó thús deireadh an-chineálta agus an-ghairmiúil in ainneoin gur léir go raibh uaireanta fada á gcur isteach acu.

Tacaímis leo agus ná ligimis don ghalar scaipeadh go sciobtha.

6. Baol ar leith é an galar seo do dhaoine atá amach san aois, daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu amhail diaibéiteas, fadhbanna croí nó scamhóige agus daoine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe agus chun iad sin a choinneáil slán caithfimid uilig treoracha lucht leighis a leanúint go docht mar is ar scáth a chéile a mhairimid.

Ba chóir do gach duine glaoch ar an dochtúir teaghlaigh má tá fiabhras nó teocht 38 céim nó níos airde orthu nó creathadh fuachta orthu nó comharthaí sóirt ionfhabhtú riospráide, amhail casacht, acu

Scéal duine amháin é seo. Bíonn comharthaí an ghalair níos tromchúisí i gcásanna áirithe seachas a chéile. Tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Cad a bhí ar siúl ag an údar agus a chairde san Ostair? (alt 1)
  2. Cén fáth gur ghlaoigh a chara ar an dochtúir? (alt 2)
  3. Cár cuireadh an tástáil don ghalar ar an údar? (alt 2)
  4. Cén fáth ar tharraing fear na tástála aird an phobail? (alt 3)
  5. Conas a rinneadh an tástáil féin chun sampla tástála a fháil? (alt 3)
  6. Cad iad  na comharthaí sóirt den ghalar a bhí ar an údar? (alt 3)
  7. Cén chomhairle leighis a fuair sé ón lucht leighis ionas nach scaipfeadh sé an galar? (alt 4)
  8. Conas a chuaigh an lucht leighis i gcion ar an údar seo? (alt 5)
  9. Cén dream is mó atá i ndainséar ón ngalar seo? (alt 6)
  10. Má bhíonn comharthaí an ghalair seo ort, abair an dá rud ba chóir duit a dhéanamh? (Alt 6)

Gníomhaíocht 2 – Nathanna Cainte le cur in abairtí de do chuid féin

Is fearr glas ná amhras, ar fónamh, bhí fuarallas liom, ní nach ionadh, an saol iompaithe bunoscionn, amach san aois, ar scáth a chéile.

Gníomhaíocht 3 – Cruthaitheacht na nÓg

Déan físeán nó fógra le comhairle sláinte a roinnt le do chairde agus sibh sáinnithe sa teach.

Gníomhaíocht 3 – Cúinne na Gramadaí:

  1. Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach sa tuiseal ginideach in alt 1.
  2. Aimsigh comhfhocal in alt 2.
  3. Aimsigh sampla den bhriathar saor san aimsir chaite in alt 3.
  4. Aimsigh sampla de bhreischéim na haidiachta in alt 4.

Sracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach:

I dtús (an aicíd) is fusa í a leigheas.

Bhí an t-údar ar shaoire (sciáil) sna hAlpa.

Caithfidh sé leithlisiú a dhéanamh air féin ar feadh (coicís).

Caithfear scaipeadh (an galar) a chosc.

Is mithid treoracha (na dochtúirí) a leanúint go docht.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: ‘Fuair mé amach Dé hAoine seo caite go raibh Covid-19 orm’'

  • Róisín Ní Shíocháin

    An féidir liom na freagraí a fháil le do thoil?

  • Adam O'Neill

    An féidir liom na freagraí a fháil freisin le do thoil?