- ‘Chaith mé mo shaol ag míniú cén fáth go labhraím Gaeilge,’ a deir Bláthnaid Ní Chofaigh linn ag tús an chláir Lig Liom (RTÉ 1, Déardaoin). Ba é a chuir sí roimpi ná éachtaint a thabhairt ar na dúshláin agus an dris chosáin atá romhat agus tú ag iarraidh do shaol a chaitheamh mar chainteoir Gaeilge. Tráchtadh ar an drochmheas agus leithcheal i leith cainteoirí Gaeilge, rud atá go rábach ann ar na saolta seo. Maítear in áiteanna sa chlár seo go bhfuil rian den chiníochas, nó den ‘fhéinchiníochas’ ag baint leis an rud ar fad.
- Is ar ghuaillí Bhláthnaid a thiteann sé go minic an fód a sheasamh don Ghaeilge in RTÉ. Ba í a thug aghaidh ar rámhaillí Eoin Butler ar chlár Claire Byrne anuraidh agus thug sí aghaidh ar Rosita Boland an bhliain roimhe sin ar chlár Sean O’Rourke. Bhí nósanna teanga a teaghlaigh féin mar mháithreacha ag an gclár. Bláthnaid ag maíomh go bhfuil uaigneas agus frustrachas ag baint le bheith ag iarraidh a bheith dílis don Ghaeilge agus tú timpeallaithe ag an mBéarla. Í scoite ón bpobal agus an teanga dár díobh í. Í pósta le fear, Ciarán Byrne, nach bhfuil Gaeilge aige; iad ag iarraidh go mbeadh Gaeilge ag na leanaí a bhfuil a dtuiscintí féin acu. Bhaineas súp as na coda seo mar a raibh Bláthnaid agus Ciarán breá sásta dul in adharca a chéile.
- ‘Tá sé seo cosúil le teiripe,’ a deir sí go seanbhlastúil agus a cuid páistí ag léiriú a dtuairimí go hionraic. Maíonn sí go mbeadh an saol teanga níos éasca dá mbeadh duine a bhfuil Gaeilge aige pósta aici. Filltear ar théama na lánúineacha ‘leathGhaeilge’ cúpla babhta agus na dúshláin a bhaineann le do chlann a thógáil le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Bhain Rónán Mac Aodha Bhuí macalla as caint an láithreora nuair a deir sé gur “shantaigh” sé “comhluadar agus cuideachta Ghaelach” nuair a bhog sé go Baile Átha Cliath.
- Bhíodh Rónán agus Bláthnaid fara a chéile ar Scaoil Amach an Bobailín sna nóchaidí agus tugadh sciuird thaitneamhach ar an gcartlann cúpla babhta. Thug Rónán le fios go mbíodh 500,000 ag faire ar an gclár. Ceacht anseo do RTÉ b’fhéidir: má dhéanann tú clár Gaeilge le dealramh agus é a chur amach ag am le dealramh beidh lucht féachana ann dó. Chualamar giotaí cainte ansin ó Aodhán Ó Deá, Máire Treasa Ní Cheallaigh, Siún Ní Dhuinn agus Ursula Ní Shabhaois agus iad ag cur díobh faoina gceangal féin leis an teanga. Bhí blas ‘Níl sé Ceart go Leor’ ar an rud ar fad.
- Fuaireas an-bhlas ar an dreas cainte leis an Ollamh Abdullahi El-Tom, fear a chaith tréimhse ag foghlaim na Gaeilge i mBaile an Fheirtéaraigh sna nóchaidí. Níor chuir sé fiacail ann is é ag caint ar an bhfuath don teanga, ar dhaoine a bheith ‘emulating the culture of the oppressor’ agus ar ‘the animalisation of people’. An ráiteas deireanach acu sin mar shlais orthu siúd nach mbíonn mórán ach nithe eacnamaíochta ag cur as dóibh. Tá daoine eile ann dar leis a dhéanfadh rud ar bith don teanga seachas í a fhoghlaim.
- B’ait liom go raibh an clár á chraoladh ag an am céanna le Nuacht TG4 (clár eile de chuid RTÉ). Ní hé go bhfuil sceidil an dá stáisiún ag cur thar maoil le cláracha nua Gaeilge. Nach bhféadfaí bearna a aimsiú lena chinntiú nach mbeadh cláracha Gaeilge ag teacht salach ar a chéile, go háirithe nuair is ó cheárta RTÉ an dá cheann? Nach comhghuaillithe iad agus cad é bús inné féin faoi chomhpháirtíocht i dtaobh na nuachta? Nó b’fhéidir gur iomaitheoirí iad, tar éis an tsaoil. Cogadh na mba maol? Pé scéal é clár suimiúil a bhí anseo. Ag a dheireadh, labhair Bláthnaid go mothúchánach faoi thodhchaí na teanga agus faoi cá mbeimis i gceann tríocha bliain. Ceist mhaith a mbeadh clár nó dhó eile ag teastáil chun í a chíoradh. Lean an chadráil ar chlár ar 2FM níos déanaí le hEoin McDermott ach theastaigh uaim féachaint ar chlár teilifíse eile a bhfuil cuid de na téamaí duairce céanna ann – The Walking Dead.
Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:
Déan na ceisteanna seo leat féin agus déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.
- Cad í an aidhm a bhí ag an gclár seo? (alt 1)
- Cad iad na rudaí a ndearnadh trácht orthu? (alt 1)
- Cad é an cúram a thiteann ar Bhláthnaid go minic? (alt 2)
- Cén fáth a luaitear clár Claire Byrne? (alt 2)
- Cén fáth a bhfuil frustrachas agus uaigneas ar Bhláthnaid? (alt 2)
- Cad deirtear faoi Chiarán Byrne? (alt 2)
- Cén bhaint atá ag Scaoil Amach an Bobailín leis an scéal? (alt 4)
- Cén ‘ceacht’ atá ann do RTÉ? (alt 4)
- Cad a cheap an t-údar d’ionchur Abdullahi El-Tom? (alt 5)
- Cad é an rud ‘ait’ a luann an t-údar in alt 6?
Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:
Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.
- I gcomhthéacs an ailt seo cad atá i gceist le ‘féinchiníochas’?
- Cén fáth a raibh Bláthnaid toilteanach clár mar seo a dhéanamh, meas tú?
- ‘Tá sé seo cosúil le teiripe,’ a deir Bláthnaid ag tús alt 3. Cad atá i gceist aici leis sin, meas tú?
- Cad atá i gceist leis an bhfrása ‘lánúineacha leathGhaeilge?’
- Cén fáth a luaitear The Walking Dead ag deireadh an ailt, meas tú?
Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:
- Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
- Úsáid an uirlis fuaime ar teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.
Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:
- Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé..
- Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
- Éist siar leis.
- Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
- Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
- Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
Gníomhaíocht 6 – Cúinne na Gramadaí:
- Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach in alt 1.
- Aimsigh sampla do bhriathar san aimsir láithreach in alt 1.
- Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 1.
- Aimsigh sampla den bhriathar saor 1.
- Sracfhéacaint ar an aimsir chaite:
- (Labhair) sé Gaeilge liom gach lá an tseachtain seo caite.
- (Níor + foghlaim) mé aon rud ón gcúrsa sin.
- (Feic + briathar saor) Seán ag an bpictiúrlann aréir.
- (Ní + téigh) siad ag an gcóisir ar maidin.
- (An + déan) tú d’obair bhaile aréir.
- Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar www.teanglann.ie
Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:
- Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:
An bhfuil sé deacair clann a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht/taobh amuigh den Ghaeltacht?
- Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
- Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
- Nodanna: Cuir tuairimí in iúl, déan moltaí, luaigh dúshláin agus fadhbanna, cuir mothúcháin in iúl, déan seasamh a glacadh.
- Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.
Fág freagra ar 'Léamhthuiscint – Babhta teiripe teanga le Bláthnaid Ní Chofaigh ar RTÉ'