Léamhthuiscint – ATHRÚ AERÁIDE – An mbeidh lá eile ag an long phaisinéirí?

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint – ATHRÚ AERÁIDE – An mbeidh lá eile ag an long phaisinéirí?

1. Tá aithne agam ar fhear a chuir an t-aistear idir an Eoraip agus an Bhrasaíl de ar bord loinge faoi dhó. Na 1960idí a bhí ann agus ní bhíodh sé d’acmhainn an tráth sin ach ag fíorbheagán daoine ticéad eitleáin a cheannach. Trí seachtaine a thóg an turas farraige idir calafort Rotterdam na hÍsiltíre agus calafort Santos na Brasaíle.

“Chuir mé suas deich kilo meáchain ceal cleachtadh coirp ar an mbád ach b’iontach go deo an t-aistear é. Bhíodh an t-am agat aithne cheart a chur ar do chomhphaisinéirí,” a dúirt an fear liom. Tráthúil go leor ar long phaisinéirí a bhí ar a bealach idir cathair Salvador agus cathair Rio de Janeiro sa Bhrasaíl a chas tuismitheoirí chéile an fhir chéanna ar a chéile blianta roimhe sin.

2. Bhí scéalta an fhir sin ar m’aigne an tseachtain seo caite agus mé ar eitleán idir an Bhrasaíl agus an Eoraip. B’aoibhinn liom féin an turas sin a chur díom ar bhád, ach faraor géar tá ré na longa paisinéirí thart, ní cheadaítear paisinéirí ar bháid lastais go dtí an Bhrasaíl a thuilleadh. Ní hionann agus an gníomhaí comhshaoil Greta Thunberg a thosaigh stailc na ndaltaí ar son na haeráide, ní hacmhainn domsa bád seoil agus criú a eagrú dom féin.

3. Ceist an aerthaistil fhadraoin a réiteach, sin ceann de na dúshláin is mó atá romhainn mar chine daonna má theastaíonn uainn maireachtáil i ndomhan seo an domhandaithe – agus an domhan céanna a choinneáil slán agus inmharthana.

4. Bhuail taom den éadóchas mé nuair a léigh mé alt in iris ar bord an eitleáin ar a raibh mé ag taisteal ina rabhthas ag déanamh mórtais gurb é an sprioc atá roimh an aerlíne áirithe sin ná go mbeadh 5% den bhreosla inathnuaite faoin mbliain 2030. 5%? 2030? Tháinig a thuilleadh éadóchais orm nuair a léigh mé tuairisc i nuachtán i mo thír dhúchais nach mbeifear in ann eitleán a thógáil go brách a thrasnódh an tAtlantach agus a d’fheidhmeodh ar leictreachas: bheadh an cadhnra a bheadh ag teastáil chuige sin i bhfad róthrom.

Cé go mbeifear in ann eitleáin a thógáil as seo go ceann roinnt blianta a bheadh in ann suas le 130 duine a iompar ó Bhaile Átha Cliath go Londain, mar shampla, agus a d’fheidhmeodh ar leictreachas, caithfidh an litiam, an mianra a theastódh do na cadhnraí teacht as áit éigin agus ceist chasta í sin freisin.

5. Éirí as aerthaisteal ar fad an réiteach is éasca ach slite taistil eile a bheith ar fáil a dhéanfadh cúis; ach céard é an réiteach mura mbíonn a leithéid ar fáil – ar thuras trasna an Atlantaigh, mar shampla?

Éirí as an taisteal ar fad? Níl aon dabht ach go bhfuil náire eitilte nó flygskam, mar a bhaist na Sualannaigh ar an náire faoin dochar a dhéanann an eitilt don aeráid, ag méadú agus aireachas ar dhaoine faoi thurais eitleáin nach mbíonn riachtanach a dhéanamh.

6. D’fhéadfaimis glacadh leis go bhfuil modhanna taistil áirithe truaillitheach agus iarracht a dhéanamh an dochar a dhéantar a chúiteamh ar bhealach éigin – cúiteamh carbóin, mar shampla? Nó d’fhéadfaimis filleadh ar laethanta na longa paisinéirí – ach iad a thógáil agus a chur ag obair ar bhealach nach ndéanfadh an oiread dochair don timpeallacht? 

Bheadh sé iontach dá ndéanfaí amhlaidh mar cé gur thug an t-eitleán sin trasna an Atlantaigh go breá scafánta mé, bhí m’aigne fós sa Bhrasaíl. Ba mheasa agus ba chasta go mór an náire eitilte ná an tuirse aerthurais, agus rith sé liom go mb’fhéidir nach bhfuil an duine ceaptha taisteal ar chor ar bith ar luas atá mórán níos sciobtha ná luas a dhá chos féin.

Gníomhaíocht 1 –Ceisteanna Tuisceana

  1. Cén fáth go bhfuil turais thar lear níos coitianta na laethanta seo? (alt a 1)
  2. Cén dá athrú mór atá tagtha ar chúrsaí taistil dar leis an údar? (alt a 1)
  3. Cén t-achar a thógadh sé leathchéad bliain ó shin taisteal ón Eoraip go dtí an Bhrasaíl? (alt a 1)
  4. Ar eitleán a thaistil an t-údar ar dhá chúis. Cad iad? (alt a 2)
  5. Bhí dhá shiocair leis an éadóchas a bhuail an t-údar? An dóigh leatsa gur fadhbanna iad sin nach bhfuil réiteach orthu? (alt a 4)
  6. Céard a déarfá féin leis an náire eitilte? An mbíonn sé ag cur as duit féin agus do chairde? (alt a 4)
  7. Tá dhá leigheas á lua ag an údar. Cad iad? (alt a 5)
  8. Tá an chuma ar an scéal go gceapann an t-údar go bhfuil aerthaisteal mínádúrtha ag an duine. Mínigh. (alt a 6)
  9. Cad iad na trí rud is mó nach bhféadfá féin a dhéanamh inniu dá mbeifeá ag brath go hiomlán ar shiúl na gcos?
  10. Cé acu de na haidiachtaí seo is fearr a chuirfeadh síos ar an údar – diúltach, seanaimseartha, stuama, idéalach, éadóchasach, sotalach, gruama. Mínigh cúis do rogha.

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí

(a) Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach sa tuiseal ginideach in alt 1.

(b) Aimsigh sampla den bhriathar saor in alt 4.

(c) Aimsigh sampla den ainm briathartha in alt 4.

(d) Aimsigh sampla de shárchéim na haidiachta in alt 5.

(e) Sracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach:

Tuirse a bhí orm de bharr (an t-aistear).
Tá muintir (an tSualainn) an-chúramach faoin timpeallacht.
Bhí sé ar bheagán (acmhainn) agus níor cheannaigh sé é.
Cúrsaí (an timpeallacht) is údar imní don údar.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint

Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

  • Céard a cheapann tú féin faoin dochar a dhéanann an duine don timpeallacht?
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tuairimí a chur in iúl, aontú/easaontú le struchtúr, seasamh a ghlacadh, moltaí a dhéanamh.
  • Féadfaidh tú thú féin a thaifeadadh agus tú ag cur do thuairimí in iúl.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint – ATHRÚ AERÁIDE – An mbeidh lá eile ag an long phaisinéirí?'