Léamhthuiscint – Stádas chlubanna sacair na hÉireann ag éirí níos leochailí

Léamhthuiscint 2 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint – Stádas chlubanna sacair na hÉireann ag éirí níos leochailí
  1. I mí Márta cuireadh tús le comórtais shinsir pheil sacair na hÉireann don bhliain úr. Le déanaí imríodh Corn an Uachtaráin i bPáirc Oiriall agus fuair Cathair Chorcaí an ceann is fearr ar Dhún Dealgan.  Seo é an tríú huair as a chéile ag na foirne seo casadh ar a chéile sa chomórtas seo, a bunaíodh in 2014 tar éis do Mhicheál D Ó hUigínn an trófaí úr a bhronnadh ar Chumann Peile na hÉireann, an FAI.  Seo é an tríú bua as a chéile ag Corcaigh. Ní fada ina dhiaidh sin gur thosaigh cluichí Phríomhshraith na hÉireann.
  2. Ar an drochuair, ní thabharfaidh formhór mór lucht tacaíochta na peile sa tír an oiread sin airde ar an séasúr nua atá chucu, mar is mó go mór a ndúil i bPríomhroinn Shasana. Tá cruth nua ar na sraitheanna sin i mbliana, agus deich bhfoireann i ngach ceann acu tar éis trí fhoireann ón bPríomhroinn a bheith dícháilithe anuraidh, agus gan ach buaiteoirí na Chéad Roinne tagtha aníos. Ábhar mór díomá a bhí san athrú sin do chlubanna na tíre, in ainneoin gur mhaígh an FAI gur ghlacadar ar fad leis an athrú.  Cuireann sé cuma níos fearr ar chrot an chomórtais i súile na n-údarás idirnáisiúnta, ach laghdaíonn sé, dar leis na clubanna, tarraingteacht an chomórtais don lucht féachana.
  3. Casfaidh foirne na Príomhroinne ar a chéile ceithre huaire sa bhliain, rud a fhágann nach mbeidh an tóir chéanna ag daoine ar na coimhlintí eatarthu. Agus measann siad go mbeidh sé níos deacra fós slua a mhealladh ag na cluichí. Ní bhíonn sé éasca daoine a mhealladh ag na cluichí uair ar bith, seachas an lucht tacaíochta beag díograiseach atá ag gach club. Agus is ábhar buartha breise do na clubanna go mbeidh níos mó cluichí as Sasana ar an teilifís oícheanta Aoine as seo amach, oíche thraidisiúnta na gcluichí anseo le bliana fada anois.
  4. Níl sé ródheacair an tóir atá ag muintir na tíre seo ar chluichí Shasana a thuiscint is a mhíniú. Rug an-chuid fear abhaile leo gean ar fhoirne áitiúla a mbíodh siad ag breathnú orthu fad a bhíodar ag obair i Sasana, go háirithe tar éis an Dara Cogadh Domhanda.  Agus ó lár na 1980dí, bhí fáil acu ar chluichí beo ar an teilifís. Tháinig méadú mór ar an gcraoladh sin tar éis bhunú na Príomh-Shraithe i 1992, agus de réir a chéile leathnaíodh am imeartha na gcluichí is tosaíodh á n-imirt tráthnóna Domhnaigh, an t-am is mó a mbíodh cluichí sraithe na tíre seo á n-imirt go dtí sin. Ach más éasca an cúlra sin a thuiscint, is deacra go mór é a chur ina luí ar na daoine sin gur suim leo an cluiche féin freastal ar chluichí anseo sa bhaile.
  5. Creideann an-chuid acu nach bhfuil fiúntas ar bith sa chluiche baile, tuairim a bhí inchosanta b’fhéidir sna blianta a caitheadh ach gur deacair é a chruthú bunaithe ar chaighdeán an chomórtais Éireannaigh anois. Ní hé an easpa lucht leanúna an t-aon ábhar buartha atá ag clubanna an lae inniu, áfach, ainneoin go gcreideann saineolaithe áirithe go spreagann slua mór na himreoirí chun a ndícheall a dhéanamh. Is fada á mhaíomh ag na clubanna é gur ionann dícháiliú ón bPríomhroinn anseo agus laghdú mór ar ioncam na bhfoirne a théann síos chuig an gCéad Roinn. Is cinnte gur lú go mór an tinreamh a bhíonn ag na cluichí ag an dara leibhéal sin, agus gur lú go mór freisin an tacaíocht urraíochta is féidir a mhealladh ó chomhlachtaí.
  6. Agus más fánach don chlub a bheadh ag brath ar theacht isteach ón ngeata dá chúrsaí gnó, is tubaisteach an rud é an urraíocht a bhíonn ar fáil sa Phríomhroinn a chailliúint. Ní miste a rá freisin nach bhfuil aon chosaint ag foirne na Príomhroinne ar na deacrachtaí eacnamaíochta sin ach an oiread, agus is ábhar imní dóibhsean na bagairtí éagsúla ar an gcluiche.  An bhuairt is mó atá ar dhaoine go gcaillfí, go buan nó go sealadach féin, club nó clubanna de bharr a leochailí is atá cúrsaí.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cad a tharla i mí Márta? (alt 1)
  2. Cé a bhuaigh corn an Uachtaráin? (alt 1)
  3. Cén t-ábhar díomá atá ag an údar in alt 2?
  4. Cén t-athrú atá tagtha ar struchtúr na sraitheanna i mbliana? (alt 2)
  5. Cén fáth nach mbeidh an tóir chéanna ag daoine ar na coimhlintí idir foirne na Príomhroinne? (alt 3)
  6. Cén fáth a luaitear cluichí Shasana i ndeireadh alt 3?
  7. Cén fáth a bhfuil tóir ag muintir na tíre seo ar chluichí Shasana? (alt 4)
  8. Cad í an tuairim atá ag go leor daoine faoin gcluiche baile? (alt 5)
  9. Cad a tharlaíonn d’fhoirne nuair a dhéantar iad a dhícháiliú ón bPríomhroinn?  Luaigh dhá phointe. (alt 5) 

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Cad í príomhtheachtaireacht an ailt, dar leat? Scríobh trí phointe agus tagairt á déanamh agat don alt i rith an ama.
  2. Bunaithe ar an sliocht seo, an dóigh leat go bhfuil tionchar ag cluichí Shasana ar na cluichí baile. Cuir fáthanna le do fhreagra.
  3. Céard a d’fhéadfaí a dhéanamh le cabhrú leis an gcluiche baile?   

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime ar teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar saor sa mhodh coinníollach in alt 6.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach iolra in alt 2
  • Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 4.
  • Sracfhéachaint ar an tuiseal ginideach:
    • Táim ag dul chuig Áras an (Uachtarán) ag an deireadh seachtaine.
    • Beidh an t-imreoir gortaithe ar ais roimh dheireadh an (comórtas).
    • Tá costas mór ar dhuais an (buaiteoir).
    • Bhí suite os comhair na (teilifís) aréir ag féachaint ar an gcluiche.
    • Beidh na cluichí (craobh) ag tosú an mhí seo chugainn.

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:

Céard a cheapann tú do Chomórtas Sacair na hÉireann agus Comórtas Shasana?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna: Cuir tuairimí in iúl, déan moltaí, déan cáineadh, luaigh dúshláin agus fadhbanna, luaigh cén fáth go dtaitníonn/nach dtaitníonn siad leat.
  • Is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint – Stádas chlubanna sacair na hÉireann ag éirí níos leochailí'

  • Martha McNally

    An féidir líom na freagraí a fháil don léamhthuiscint seo le do thoil?