Léamhthuiscint – Baile Átha Cliath agus ‘Cnoc 16′

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint – Baile Átha Cliath agus  ‘Cnoc 16′

1)‘Hill 16 is Dublin only!’ Sin an teachtaireacht a bhíonn ag lucht leanúna Bhaile Átha Cliath ar Chnoc 16 d’fhoirne eile agus a lucht tacaíochta a thagann chuig Páirc an Chrócaigh. Tá cáil ar lucht leanúna Bhaile Átha Cliath a bhíonn taobh thiar de chúl Chnoc 16 as an atmaisféar a chothaíonn siad agus, den chuid is mó, fágtar an taobh sin den pháirc faoin bhfoireann ‘baile’ agus iad ag prapáil roimh an gcluiche.

2) I gcluiche leathcheannais 2006, áfach, rinne peileadóirí Mhaigh Eo cinneadh droim láimhe a thabhairt leis an traidisiún sin.Bhí cúpla eisceacht ann roimhe sin chomh maith. I 1984, tháinig Tír Eoghain chuig Páirc an Chrócaigh chun Baile Átha Cliath a imirt agus rinne na hUltaigh iarracht seilbh  a fháil ar an bpaiste féarach os comhair chúl Chnoc 16. Nuair a tháinig foireann Bhaile Átha Cliath amach ó na seomraí feistis, thug siad aghaidh ar an taobh céanna den pháirc agus i mullach a chéile a bhí an dá fhoireann agus iad ag téamh suas. Seans gur mó spreagadh a thug an eachtra d’fhoireann Kevin Heffernan ná mar a thug sí do Thír Eoghain mar, ar deireadh thiar, bhí bua éasca go maith, 2-11 i gcoinne 0-8, ag buachaillí Bhaile Átha Cliath.

3) I 1999, rinne Ard Mhacha iarracht an rud céanna a dhéanamh i gcluiche leathcheannais na sraithe ach ní raibh mórán ratha orthu ach an oiread. Seacht mbliana ina dhiaidh sin, chrom Maigh Eo ar thriail eile a bhaint as an tseift. Ba iad Maigh Eo a tháinig amach ar dtús ar an lá sin agus, tar éis dóibh seasamh do na ghrianghrafadóirí, síos leo i dtreo Chnoc 16 agus lucht leanúna Bhaile Átha Cliath ag béiceadh agus búireadh orthu. Thuas i stiúideo an Sunday Game, ní raibh mórán measa ag lucht na hainilíse ar phlean Mhaigh Eo. “Amaidí” a bhí ann dar le Colm O’Rourke, agus dúirt Joe Brolly gur chuir sé Willie Anderson i gcuimhne dó, imreoir rugbaí na hÉireann a sheas in éadan imreoirí na Nua-Shéalainne agus iad i mbun an ‘haka’ i 1989. Chaill Éire an cluiche sin le 17 bpointe, agus ní 57 pointe mar a mhaígh Brolly.

4) Chomh luath is a chonaic sé Maigh Eo ag dul síos i dtreo Chnoc 16, rinne a mbainisteoir, Mickey Moran, iarracht tabhairt orthu dul go dtí an taobh eile den pháirc. Níor éist a chuid imreoirí leis, áfach, agus bhí an t-ionadaí David Brady go háirithe ar a dhícheall ag iarraidh a chur in iúl dó nach bhféadfaí géilleadh anois. Deir Brady gur bhraith Maigh Eo nach raibh meas ag daoine orthu agus go raibh siad ag iarraidh an fód a sheasamh an lá sin.

Rinne siad é sin ach ní raibh Baile Átha Cliath chun géilleadh ach an oiread. D’fhan na himreoirí tamall sa tollán sula ndeachaigh siad chun páirce, ag socrú cén freagra a bheadh orthu ar Mhaigh Eo. Amach leo agus, i gceann de na radharcanna is aitheanta ó chraobh na bliana sin, shiúil an fhoireann uile in uillinn a chéile i dtreo an Chnoic.

5) Ní hiad na himreoirí agus an slua amháin a tháinig corraí orthu. Agus é ag siúl i measc an tslua a bhí bailithe os comhair an chúil, thug bainisteoir Bhaile Átha Cliath, Paul Caffrey ruathar faoi John Morrison agus thug gualainn sa droim do chóitseálaí Mhaigh Eo (cuireadh Caffrey ar fionraí d’aon chluiche amháin ina dhiaidh).

Agus an oiread ruaille buaille ann, ba bhaolach go mbeadh timpiste éigin ann, agus sin a tharla nuair a buaileadh bia-eolaí Mhaigh Eo, Mary McNicholas, sa cheann le liathróid, rud a d’fhág comhtholgadh uirthi. Agus garchabhróirí bailithe timpeall ar McNicholas, a bhí sínte ar an bpáirc, maolaíodh ar an teannas agus dhírigh na himreoirí ar an gcoimhlint a bhí le teacht.

6) Bhí an t-ádh ar an slua chomh maith mar bhí an cluiche peile féin chomh taitneamhach is a bhí an 10 nóiméad roimhe drámatach. Dhealraigh sé go raibh ciall le cleasaíocht Mhaigh Eo nuair a chur siad tús lasrach leis an gcluiche ach bhí forlámhas ag Baile Átha Cliath ar chúrsaí ina dhiaidh sin. Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an lá leo, iad seacht bpointe chun cinn le 20 nóiméad fágtha, ach rinne Maigh Eo teacht aniar iontach. D’aimsigh an t-ionadaí Andy Moran cúl agus, gan ach nóiméad nó dhó fágtha, sheol Ciaran McDonald pointe glórmhar thar an trasnán chun an cluiche a bhuachan do Mhaigh Eo.

Fiú dá mbeadh aon fhoireann ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar Bhaile Átha Cliath arís agus seilbh a ghlacadh an athuair ar thaobh Chnoc 16 den pháirc, ní bheadh an cead sin acu. I ndiaidh an chluiche i 2006, d’fhógair CLG go mbeadh taobh ar leith den pháirc leagtha amach don dá fhoireann. Is é an feall é!

Leinster GAA Football Senior Championship Semi-Final 29/6/2014 Dublin Dublin fans on Hill 16 Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Cén teachtaireacht a bhíonn ag lucht leanúna Bhaile Átha Cliath faoi Chnoc 16? (alt 1)

  2. Cén cháil atá ar lucht leanúna Bhaile Átha Cliath? (alt 1)

  3. Cén cinneadh a rinne Maigh Eo i 2006? (alt 2)

  4. Conas mar a d’éirigh le Tír Eoghain nuair a rinne siad an rud céanna i 1984? (alt 2)

  5. Céard a cheap lucht an Sunday Game de phlean Mhaigh Eo? (alt 3)

  6. Cén chomparáid a dhéantar le Willie Anderson? (alt 3)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine in aice leat. Léifidh seisean/sise an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid lena chéile.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal don duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile de na habairtí a scríobh.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.teanglann.ie agus/nó www.focloir.ie.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí

  1. Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach in alt 1.

  2. Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 2.

  3. Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 3.

  4. Aimsigh sampla do bhriathar san aimsir chaite in alt 6

  5. Sracfhéachaint ar an tuiseal ginideach (Bain na lúibíní agus déan pé athruithe agus is gá):

Bhí muid ag imirt sa chluiche (leathcheannas) aréir.
Is é Seán bainisteoir (an fhoireann).
Bhí achrann ag tús (an cluiche).
Bhí na himreoirí ag rith timpeall (an pháirc).
Bhí Seán i seilbh (an pheil) nuair a fuair sé buille sa cheann.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

1. An dtaitníonn cluichí CLG leat féin?
2. An imríonn tú aon spórt eile?
3. An bhfuil an spórt tábhachtach do dhaoine óga, meas tú?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan cur síos, cuir tuairimí i láthair, cuir rogha in iúl, tabhair dearcadh, léirigh sástacht/míshástacht.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint – Baile Átha Cliath agus ‘Cnoc 16′'

  • Eithne

    1. Hill 16 is Dublin only.

    2. Tá cáil ar lucht leanúna Baile Átha Cliath a bhíonn taobh thar de chúl Chnoc 16 as an atmaisféar a chothaíonn siad agus, den chuid is mó, fágtar an taobh sin den pháirc faoin bhfoireann ‘baile’ agus iad ag prapáil roimh an gcluiche.

    3. Rinne siad cinneadh droim láimhe a thabhairt leis an traidisiún sin.

    4. Bhí bua éasca go maith ag Baile Átha Cliath.

    5. Ni raibh mórán measa ag lucht na hainilíse ar phlean Mhaigh Eo.

    6. Imreoir rugbaí na hÉireann a sheas in éadan imreoirí na Nua-Shéalainne agus iad i mbun na ‘haka’ i 1989.