Léamhthuiscint 01

LÉAMHTHUISCINT 01 - Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis.

Buiséad 2015 – Lá na cinniúna!

  1. Tá buiséad 2015 curtha dínn againn. Táim cinnte go bhfuil sé seo ar eolas ag gach mac máthar ag an bpointe seo mar nach bhfuil faic le cloisint ar na meáin le tamall anuas ach gearáin, díospóireachtaí, cáineadh, éilimh agus olagón faoi mbuiséad céanna. Is dócha go bhfuil cuid mhaith againn a rinne ár seacht ndícheall an chluas bhodhar a thabhairt don torann seo, torann a scoiltfeadh do cheann ar uairibh. Tuigimid ar fad, áfach, go bhfuil tionchar tromchúiseach ag an seanmóir eacnamaíoch, bliantúil seo orainn ar fad. Cé nach bhfuil suim againn ann, caithfimid suim a chur ann. Tugaimid cluas le héisteacht dár n-ainneoin.
  2. Maíonn móran gur thosaigh an ghéarchéim eacnamaíocha ar an 15 Meán Fómhair 2008 nuair a d’fhógair an comhlacht seirbhísí airgeadais, Lehman Brothers, go raibh iarratas ar fhéimheacht déanta acu. Níorbh fhada gur shroich an tonn tuile eacnamaíoch talamh na hÉireann. Níos déanaí an mhí sin, bhí ar an Aire Airgeadais ag an am, Brian Lenihan (nach maireann) scéim ráthaíochta na mbanc a fhógairt. Tá saineolaithe ann a mhaíodh go raibh geilleagar an Domhain agus na hÉireann in umar na haimléise roimhe sin ach pé acu scéal é, faoi mar a dúirt an Taoiseach, Brian Cowen, go minic ag an am, “táimid mar a bhfuilimid.”
  3. Mhaígh Michael Noonan in óráid na cáinfháisnéise go bhfuil léas dóchais le feiscint. Tar éis breis agus sé bliana de chiorruithe is de chánacha, bhí Teachta Dála Luimnigh in ann cúpla pingin suarach a chaitheamh chugainn. Gan amhras, ní mó ná sásta a bhí daoine leis an mBuiséad, páirtithe an fhreasúra go háirithe. Bhí siad ag maíomh gurb iad na boic mhóra is mó a bhainfidh leas as an mbuiséad agus go bhfágfar iad siúd atá ag streachailt in áit na leathphingne. Bhí daoine eile ag maíomh gur cheart leanúint le ciorruithe agus gan an méidín suarach atá sa sparán a chaitheamh go fánach, go fóill ar aon nós.
  4. Is liosta le háireamh iad na cánacha breise atá gearrtha ar mhuintir na hÉireann le sé bliana anuas, an Muirear Sóisialta Uilíoch agus an Muirear Uisce in measc. Creid é nó ná creid bhí trí cháin, nua, difriúil ar thithe le blianta anuas ach sé an Cháin Mhaoine an t-aon cheann atá fós ar an bhfód. Tá an fuath agus an ghráin atá ag an bpobal ar an gCáin Mhaoine agus ar an Muirir Uisce léirithe in agóidí sráide agus argóintí Dála. Ina ainneoin sin, tá a fhios ag madraí an bhaile go mbeidh na cánacha seo linn go deo – is cuma cé chomh sláintiúil is atá, nó a bheidh, an geilleagar.
  5. Bhí a phort féin ag gach éinne ar lá na cáinfháisnéise, agus gach ceann acu níos truamhéalaí ná an ceann a chuaigh roimhe. Mhaígh daoine áirithe gur cheart níos mó a bheith déanta do theaghlaigh atá, faoi mar a deir siad, “sáinnithe sa lár.” Sin iad na teaghlaigh nach bhfuil ioncam rómhór acu ach atá ag íoc na gcánacha ar fad. Is lánúin óga le páistí óga a bhformhór. Ar an láimh eile, bhí daoine ag éileamh go rachfaí i ngleic leis na ciorruithe a rinneadh le sé bliana anuas, go mórmhór i rannóga áirithe in earnáil na sláinte. Níor tháinig earnálacha an Oideachais agus an Leasa Shóisialta slán ón tua ach an oiread. Bhí, agus beidh, an saol agus a mháthair ag síneadh láimhe. Níor mhaith liom a bheith i bhfeighil an sparáin.

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  • Cad atá le cloisint ar na meáin le seachtain anuas (alt 1)?
  • Dar leis an údar, céard a thuigimid ar fad faoin mbuiséad (alt1)?
  • Cad a tharla do Lehman Brothers i 2008 (alt 2)?
  • Cad a rinne Brian Lenihan ina dhiaidh sin (alt 2)?
  • Céard a mhaígh Michael Noonan in óráid na cáinfháisnéise (alt 3)?
  • Céard a mhaígh páirtithe an fhreasúra maidir leis an mbuiséad (alt 3)?
  • Luaigh dhá cheann de na cánacha atá gearrtha ar mhuintir na hÉireann le blianta beag anuas (alt 4)?
  • Céard atá ar eolas ag madraí an bhaile (alt 4)?
  • Céard atá i gceist leis an bhfrása “teaghlaigh atá sáinnithe sa lár” (alt 5)?
  • Cad a deir an t-údar faoin sparán in alt 5?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigí na ceisteanna agus déanaigí na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Tá roinnt acu marcáilte. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie.

Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir uatha in alt 2.
  • Aimsigh sampla den Tuiseal Ginideach in alt 3.
  • Aimsigh briathra san Aimsir Chaite in alt 3.
  • Sracfhéachaint ar an Aimsir Chaite (Bain na lúibíní agus déan pé athruithe agus is gá):
    • (Téigh) mé amach le mo chairde an deireadh seachtaine seo caite.
    • (Ní – Déan) Seán aon iarracht dul i dteagmháil liom.
    • (Faigh – sinn) go leor obair bhaile don deireadh seachtaine.
    • (Beir) sé greim an duine bháite ar an liathróid.
    • (Deir) sí liom a bheith ag an bpictiúrlann in am.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:
    • Ar thug tú faoi deara go raibh an geilleagar go dona/daoine ag fulaingt le sé bliana anuas?
    • An bhfuil jab maith déanta ag an Rialtas, meas tú?
    • Dá mbeifeá i d’Aire Airgeadais, céard a dhéanfá?
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair cur síos, déan argóint, cuir tuairimí i láthair, cuir rogha in iúl, taobhaigh le hargóint, etc.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.