Leagan Gaeilge agus Breatnaise d’amhrán de chuid Adele curtha amach ag Coláiste Lurgan

Chaith toscaireacht ó Urdd Gobaith Cymru, grúpa óige ón mBreatain Bheag, dhá lá in Indreabhán i rith an tsamhraidh ag obair ar an amhrán in éindí le cór chúrsa A i gColáiste Lurgan

Leagan Gaeilge agus Breatnaise d’amhrán de chuid Adele curtha amach ag Coláiste Lurgan

Tháinig cainteoirí óga Gaeilge agus Breatnaise le chéile chun leagan dátheangach de cheann d’amhráin Adele a chanadh.

Dltaí ó Choláiste Lurgan, an coláiste samhraidh Gaeilge aitheanta, agus baill de Urdd Gobaith Cymru, grúpa óige Breatnaise, a chan an t-amhrán Water Under the Bridge agus a rinne an físeán ceoil a thaifeadadh i gConamara.

Chaith toscaireacht ón Urdd dhá lá in Indreabhán i rith an tsamhraidh ag obair ar an amhrán in éindí le cór chúrsa A i gColáiste Lurgan.

Deir Coláiste Lurgan, a bhfuil clú bainte amach aige as leaganacha Gaeilge a dhéanamh d’amhráin popcheoil Bhéarla, gurb é rud ba shuntasaí faoin gceardlann ná “an tsuim agus an fhiosracht agus bród a léiríodh don dá theanga agus an fíorthaitneamh agus áthas a bhí le haireachtáil ag eascairt ón gcairdeas agus an comh-mheas do na teangacha”.

Deir Coláiste Lurgan go bhfuil féidearthachtaí móra sa chineál seo cónasctha idir cainteoirí óga Gaeilge agus Breatnaise agus tá sé i gceist ag ionadaithe ó Choláiste Lurgan taisteal anonn go dtí an Bhreatain Bheag san earrach.

Thaifead TGLurgan suas le 50 ceolfhíseán i rith chúrsaí an tsamhraidh i mbliana agus beidh siad á scaipeadh ar ghréasán mheáin shóisialta an choláiste.

Fág freagra ar 'Leagan Gaeilge agus Breatnaise d’amhrán de chuid Adele curtha amach ag Coláiste Lurgan'