Leabhar Gaeilge mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar den chéad uair

Beidh eagrán Lá Domhanda na Leabhar den leabhar ‘Cluasa Capaill ar an Rí’ ar fáil in Éirinn mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar 2022

Leabhar Gaeilge mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar den chéad uair

Beidh leabhar Gaeilge mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar den chéad uair riamh an bhliain seo chugainn.

Beidh Lá Domhanda na Leabhar 25 bliain ar an bhfód ar an 3 Márta, 2022 agus beidh leabhar i nGaeilge le fáil mar chuid den fhéile a reáchtáiltear chun an léitheoireacht a spreagadh i measc na n-óg.

An leabhar Cluasa Capaill ar an Rí, a bhuaigh Gradam Réics Carló 2021 an tseachtain seo caite, atá roghnaithe ag lucht na féile. Bridget Bhreathnach, colúnaí le Tuairisc.ie, a scríobh an leabhar atá foilsithe ag Futa Fata agus is í Shona Shirley MacDonald a mhaisigh an leabhar.

Cuirfidh Clár na Leabhar Gaeilge ag Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do Futa Fata le heagrán speisialta den leabhar Cluasa Capaill ar an Rí a sholáthar do Lá Domhanda na Leabhar 2022.

Dhá leabhar a foilsíodh in Éirinn, Cluasa Capaill ar an Rí agus Deadly! Irish History: Fun with the Celts and the Vikings! le John Farrelly atá ar an liosta a roghnaíodh d’fhéile 2022.

Mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar, bronntar dearbhán ar gach dalta scoile sa tír chun leabhar a fháil ón liosta. Is féidir le daltaí leabhar amháin ón liosta a fháil saor in aisce nó an dearbhán a úsáid le lascaine £1/€1.50 a fháil ar aon leabhar eile.

Chuir Tadhg Mac Dhonnagain ó Futa Fata fáilte mhór roimh an scéal go bhfuil Cluasa Capaill ar an Rí roghnaithe i measc na saothar d’fhéile na bliana seo chugainn.

“Tá forbairt mhór tagtha ar leabhair na n-óg sa Ghaeilge le cúig bliana déag anuas agus is céim thábhachtach eile ar an aistear sin leabhar Gaeilge a bheith ar fáil mar chuid den fheachtas Lá Domhanda na Leabhar. Tá an-bhród orainn tigh Futa Fata gurb é Cluasa Capaill ar an Rí an leabhar atá roghnaithe do 2022.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Lá Domhanda na Leabhar, Cassie Chadderton, go raibh “lúcháir” ar an eagraíocht a bheith ag obair i bpáirt le Foras na Gaeilge chun leabhar Gaeilge a thabhairt do leanaí. Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais, gur “dul chun cinn fíorshuntasach” a bhí sa scéal. Dúirt sí go dtabharfadh an cinneadh ardán nua d’fhoilsitheoirí na Gaeilge agus go gcabhródh sé le “grá” don léitheoireacht a chothú sa ghlúin óg.

Dúirt Laura Rawdon ó Chlár na Leabhar Gaeilge go raibh áthas uirthi go raibh léitheoireacht na Gaeilge “croílárnach i mórfheachtas Lá Domhanda na Leabhar in Éirinn den chéad uair”. Dúirt sí go mbainfeadh “páistí agus teaghlaigh timpeall na tíre taitneamh as an leabhar Gaeilge álainn seo a léamh agus go spreagfadh sé tuilleadh léitheoireachta as Gaeilge sa bhaile”.

Beidh eagrán Lá Domhanda na Leabhar den leabhar Cluasa Capaill ar an Rí ar fáil in Éirinn mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar ar an 3 Márta 2022.

Fág freagra ar 'Leabhar Gaeilge mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar den chéad uair'

  • Áine Ní Ghlinn

    Tá ríméad orm faoi ‘Cluasa Capaill’ ach déanaigí bhur gcuid taighde. Ní hé seo an chéad uair. Rinne O’Brien Press Daifní Díneasár a chur amach mar leabhar le haghaidh Lá Domhanda na Leabhar i 2009.